#906212
D’fhéadfainn rian ar bith a mholadh ó EP úr Keith Wallace na Gaillimhe, ‘Long Shore Drift’, atá ar chaighdeán chomh hard le haon ní atá cruthaithe aige go dtí seo, ach táim chun aird a tharraingt ar an gceann seo toisc gur féidir leat súil a chaitheamh ar fhíseán atá cruthaithe dó ag muintir tinyEPICS na Gaillimhe, an dream céanna a chruthaigh an físeán d’amhrán eile Loner Deluxe, ‘Winters Last Fire’. Tugann Keith “UFOlk” ar an gcineál ceoil atá á chumadh aige faoi láthair agus tá an lorg san ar an bpríomh-amhrán ar an EP, ‘Long Shore Drift’, an bainseo á chasadh ag Dave Colohan is glór macánta Aaron Coyne anuas air. Ach ar rianta eile ar an EP cosúil le ’NiteKlubGhosts’ agus cosúil leis an gceann seo, tugtar tús áite don dord trom agus do na sintéiseoirí taibhseacha, leathghruama.