#1334100
Tá lá Eels caite, agus is cur amú ama a fhormhór de The Deconstruction,
Tá lá Eels caite, agus is cur amú ama a fhormhór de The Deconstruction,
Nuair atá céad-singil grúpa chomh milis, mealltach le ‘Novocaine For The Soul’ na Eels tá streachailt chrua rompu chun aird a lucht éisteachta a choimeád go fadtréimhseach.
Deirtear go raibh chéad albam an ghrúpa (Caracoles, 2010) ina chnag ina dtír dhúchais ach, cé go bhfuil blas de stíl léiriúcháin Manu Chao ann, go bunúsach seo indie-cheol dos na hipsters i dtraidisiún Beta Band agus Eels.
Le ‘Novocaine’, a eisíodh in 1996, ghlac Eels seilbh ar phaiste de thalamh an cheoil indie ailtéarnaigh áit a gcastar buillí hip hap macánta (à la Odelay Beck), slacker rock agus foinn bhinne cheolfhoirneacha ar a chéile.
Muna bhfuil an début úd sáraithe ag Eels ó shin níor cheart go mbeadh aon náire orthu, ach bheadh dul amú ort más ag súil a bheifeá go ndéanfaidís amhlaidh lena 12ú halbam, The Deconstruction.