#1075870
Ag an gcruinniú a tionóladh ar an 27 Eanáir 1909, d’éist an Chomhairle Contae le toscaireacht ón gConradh agus glacadh le rún a dúirt go gcoinneofaí siar airgead na scoláireachtaí, ‘unless the Irish language be made an essential subject of the curriculum of studies and due facilities offered for the pursuit of Gaelic studies.’
Ag cruinniú eile den Chomhairle ar an 19 Bealtaine 1909, daingníodh an seasamh sin le rún a dúirt go n-airgeadófaí scoláireachtaí i UCG ‘as soon as Irish is made an essential subject in the National University…’
Bhí Ard-Timire an Chonartha, Tomás Bán Ó Coincheanainn, in ann a thuairisciú ag an Ardfheis sa bhliain 1909, go raibh an chuid is mó de na Comhairlí Contae ‘curtha faoi gheasa gan aon airgead a thabhairt mura bhfaigheann an Ghaeilge cothrom na Féinne san Ollscoil.’
An Ollpharáid i mBaile Átha Cliath
Aontaítear go mba í an ollpharáid a eagraíodh i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, 19 Meán Fómhair 1909, buaicphointe an fheachtais ar son na Gaeilge éigeantaí san ollscoil.