Gaois

Search mode

Filter results

Collections

65 results in 56 documents

  1. #1653233

    Fíon, ológa, torthaí, glasraí, agus grán is mó a shaothraítear ann.

  2. #1722754

    Ach bhí na manaigh ag plé le hiasc agus le grán, nithe ab fhéidir a thrádáil.

  3. #287648

    “Buckshot Forster” a baisteadh air siúd de bharr é a bheith sásta go gcuirfeadh na póilíní grán i ndaoine a bheadh ag léirsiú ar son Chonradh na Talún.

  4. #965439

    B'fhéidir gurb é seo is cúis le grán rósta is a leithéid de bhia gan bheith le fáil ach in dhá cheann de chineamaí Lublin.

    Ag dul sa seans i gcineama Lublin – Alan Desmond

  5. #965727

    B'fhéidir gurb é seo is cúis le grán rósta is a leithéid de bhia gan bheith le fáil ach in dhá cheann de chineamaí Lublin.

    Ag dul sa seans i gcineama Lublin – Alan Desmond

  6. #966731

    Is léir go mbíonn siad ar a shuaimhneas, murab ionann is mar a bhíonn siad sna gnáthphictiúrlanna móra ina mbíonn grán rósta agus 12 scáileán.

    Kino Chorcai abu go deo – Alan Desmond

  7. #1309461

    An teas a dhul isteach atá ag teastáil, ar ndóigh, agus go síothlóidh sé suas tríd na brait d’fhonn an grán thuas a chruachan go maith, ach gan a loisceadh.

    Bainne glas na heasóige – Pádraic Breathnach

  8. #1918121

    Tá seisear ag obair sa chomhlacht Bia Natasha faoi láthair agus tairgíonn an Comhlacht sneaiceanna sláintiúla le comhábhair déanta as torthaí, glasraí, cnóanna, síolta agus grán.

  9. #1969063

    Tháinig muintir an bhaile ar fad chuig an eaglais agus chaith siad grán thar an lánúin sa pjazza i ndiaidh an tsearmanais.

  10. #920681

    Sa deireadh thugtaí an fógra scoir: ‘Rachaidh mise i mbannaí…mara dtiocfaidh sibh anuas…go bhfaighidh mé an gunna agus go gcuirfidh mé grán sa bpéire agaibh.’ Thagadh na gabhair slán ó bhreithiúnas an bháis sa deireadh; thagaidís anuas de réir mar a thogair sé leo.

  11. #1027590

    Ar a mhuin sin, b’éigean dóibh a stoc grán a dhíol le comhlachtaí príobháideacha d’fhonn, cad eile, aisíoc a thabhairt do na bainc ar mhol an IMF dóibh iasachtaí a fháil uathu ar an gcéad dul síos!

    Saint – Alan Titley

  12. #1145532

    É sin ar fad agus a bheith cinnte go mbeidh dóthain leabhar Gaeilge á gcur i gcló leis an gcaint a choimeád sa tsiúl, agus dóthain léirmheastóirí macánta leis chun an grán a scaradh ón lóchán.