Gaois

Search mode

Filter results

Collections

1 result in 1 document

  1. #1214422

    Aird a tharraingt ar fhocail a mbíonn f iontu agus astu ina dtús: adhastar / fadhastar, aill / faill, almóir / falmóir, fabhra / abhra, fadú / adú, fadhb / adhb, fathach / a(i)th(e)ach, feileastram / (s)eileastram, formhór / ormhór, fuarán / uarán, fuiseog / uiseog, iolar / fiolar Is fiú na pointí litrithe seo a mheabhrú do dhaoine: i gcás focail ina scríobhtar guta ar lorg -dh nó -gh agus nach bhfuaimnítear an guta ach go bhfuaimnítear consan ar a lorg, go bhfágtar an guta sin ar lár nuair a chuirtear iarmhír leis an bhfocal: bodhar > bodhrán, ladhar > ladhróg, togha > toghchán (cé is moite nach bhfágtar ar lár é nuair a thugas sé níos mó ná dhá chonsan le chéile (gan h a chomhaireamh) nach gcaolaítear focail ar –ach(t) nuair a chuirtear -ín leo, e.g., smacht > smachtín, teach > teachín go gcoinnítear cáilíocht (leathan) an bh slán roimh chonsan caol i bhfocail ar nós gabhar > gabhairín, slabhra > slabhairín I dtaobh Simpliú agus Caighdeánú ar litriú focal áirithe, b’fhiú malartú a cheadú in: Dé / Dia Luain; deartháir / dearbh-bhráthair; deirfiúr / dearbh-shiúr; ionadh / iongnadh; iontas / iongantas, laisteas / lais-teas, laistiar, las-tiar, laistigh / las-tigh, lasmuigh / las-muigh, lasnairde / las-nairde, lastall / las-tall éagsúlacht litrithe a aithint i gcás na bhfocal: aerfort / aerphort, calafort / caladh-phort, ceannfort / ceann-phort, longfort / long-phort I dtaobh an tsínidh fhada, níor mhiste guta fada a mholadh roimh -(i)rd, -(i)rl, -(i)rn, -rr: aird(e), áirdeall, árd, árdaím, árdán, báird(ne), bárd, bárdal, cáirde, cáirdeas, ceárdaí, comhgháirdeas, gárda, iomárd, párdún, stancárd; gáirleog, gárlach, márla, párlaimint, párlús, thárla; báirneach, beárna, cáirn, cárnadh, cárnaim, ceárnach, ceárnóg, deárna, fóirnéis, máirnéalach, táirne; bárr, cárr, ceárr, feárr, geárr.