Gaois

Search mode

Filter results

Collections

869 results in 500 documents

  1. #1905844

    Méara Bhoston, Marty Walsh Tá Méara Bhoston, Marty Walsh, roghnaithe le labhairt ag Coinbhinsiún Náisiúnta na nDaonlathach i Philidelphia trathnóna Dé Luain seo chugainn. Áirítear an cuireadh seo mar onóir mhór don Mhéara Walsh. Triúr as Stát Mhassachusetts uilig a bhéas ag labhairt, sin iad Elizabeith Warren, duine de Sheanadóirí Mhassachusetts i Washington, an Feisire Comhdhála as Massachusetts i Washington, Joseph Kennedy the Third agus an Méara Walsh. Beidh an Méara Walsh ag labhairt ag an 7 a chlog am Bhoston. Meastar go mbeidh cuimse daoine ag breathnú ar an gCoinbhinsiún ar an teilifís an tráth sin den trathnóna. Tuigtear go mbeidh an Méara Walsh ag leagan béime ar an gceannródaíocht i gcúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta atá bainteach le cathair Bhoston. Ceaptar go gcuirfidh an Méara Walsh an Seanadóir Elizabeth Warren i láthair an Choinbhinsiún ag deireadh na hóráide a thabharfaidh sé féin. Tá roint tuairimíochta ann go bhféadfadh sé go roghnófaí an Seanadóir Warren mar iarrathóir don Leas Uachtaránachta i gcuideachta Hillary Clinton.