Gaois

Search mode

Filter results

Collections

1 result in 1 document

  1. #1001895

    ‘Seanscéal é sin anois,’ arsa fear Fhuine Gúl, ‘tá deireadh leis na meánaoiseanna, agus leis an tuiscint sin gurb earra é an t-uisce atá saor do chách, nuair is léire go bhfuil sé gann.’ ‘Mise leat siar go dúid,’ arsa neach Fháinne Fill, ‘níor cheart go mbeadh aon deacracht maidir le híoc as uisce, fad is go ndéanfar i gceart é, go gcomhlíonfar na dlíthe siar ar fad, agus go dtitfidh na pinginí ramhra sna pócaí cearta féin.’ Ní raibh aon chur ina gcoinne rómhór agus ghéill daoine gur chóir dóibh íoc as an uisce a tháinig ina bhfrasa chuca, go díreach is mar a ghéill siad gur dhualgas dóibh íoc as an talamh a thál féar is ithir is cré is méithreas na maitheasaí, mar bhí sin greanta sna deich n-aitheanta i gcloich, mar chonaic siad sa scannán é.

    Os ár gcionn – Alan Titley