#1596190
Léiríonn an tuarascáil nua, Caring and Unpaid Work in Ireland, gur mná is mó a dhéanann an obair chúraim gan íocaíocht sa tír seo go fóill.
Léiríonn an tuarascáil nua, Caring and Unpaid Work in Ireland, gur mná is mó a dhéanann an obair chúraim gan íocaíocht sa tír seo go fóill.
Deirtear freisin nach féidir comhionannas san ionad oibre a bhaint amach go deo go dtí go mbíonn “comhionannas ó thaobh obair chúraim sa bhaile” ar fáil.
De réir na tuarascála le Helen Russell, Raffaele Grotti, Frances McGinnity agus Ivan Privalko bíonn 45% de mhná i mbun obair chúraim saor in aisce agus ní bhíonn ach 29% d’fhir a dhéanann amhlaidh.
Caitear 14.5 uair an chloig ar an meán ar obair an tí agus má chuirtear an obair chúraim agus obair tí le chéile, tá Éire ar an tríú tír is mó san AE a gcaitear am saor gan íocaíocht ar an dá chúram sin.
Ceistítear sa tuarascáil an inscne bun agus barr leis an difríocht idir ualach na mban agus na bhfear agus deirtear go mbíonn tionchar ag obair chúraim ar an líon uaireanta a bhíonn duine ábalta a thabhairt do phost, ar phá, ar dheiseanna ardú céime agus ar choinníollacha oibre.