Gaois

Search mode

Filter results

Collections

33 results in 29 documents

  1. #275156

    Tá €6.7 milliún i ndamáistí ceadaithe ag an Ard-Chúirt do chailín seacht mbliana d'aois a bhfuil pairilis cheirbreach uirthi ó rugadh í in Ospidéal Ginearálta Thiobrad Árann.

  2. #1890197

    Ní raibh Pól ábalta siúl mar go bhfuil pairilis cheirbreach ai , ach i ndiaidh na hobráide agus tréimhse fisiteiripe, táthar ag súil go mbeidh sé ábalta siúl.

  3. #264377

    Bhronn an Breitheamh Kevin Cross an cúiteamh ar Gill Russell le híoc as a chúram ar feadh a shaoil.  Níl siúl na gcos ag Gill Russell, tá pairilis cheirbreach air agus tá sé i gcathaoir rotha.  Chuir a mháthair, Karen Russell, an dlí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) thar a cheann agus chuir i leith an FSS gur deineadh faillí air nuair a bhí sé ag teacht ar an saol an 12 Iúil 2006 in Ospidéal an Erinville i gCathair Chorcaí.  Chaoin a mháthair nuair a fógraíodh an cúiteamh.

  4. #396735

    Tá leithscéal gafa ag Ospidéal Thiobraid Árann Theas le buachaill óg 12 déag d'aois ar baineadh gortú inchinne do nuair a rugadh é.  Léadh amach an leithscéal san Ard Chúirt inniu.  Níl mothú i gcosa ná i lámha Aaron Christopher Hanrahan agus tá pairilis cheirbreach ag dul do.

  5. #397274

    Tá socrú cúitimh eatramhach €8 milliún ceadaithe ag an Ard-Chúirt do bhuachaill 13 bliain d'aois a chuir an dlí ar Ospidéal an Chúim i mBaile Átha Cliath faoin bhfaillí a dúradh a rinneadh ann nuair a tugadh ar an saol é.  Ceadaíodh cúiteamh €1.5 milliún cheana féin do Jamie Patterson as Tír an Iúir i mBaile Átha Cliath a rugadh san ospidéal i mí na Samhna  2002 agus a bhfuil pairilis cheirbreach air.

  6. #1873894

    Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, cuireadh tús le triail fir 20 bliain d'aois atá cúisithe i ndúnmharú fir 23 bliain a raibh pairilis cheirbreach air i mBaile Átha Cliath dhá bhliain ó shin.

  7. #269182

    Rialaigh an Chúirt roimhe seo go raibh Ospidéal an Choim freagrach as na gortaithe a baineadh do Eoin Dunne, as Páirc na Mara, Mulach Íde i gContae Bhaile Átha Cliath i Mí Iúil 2002.  Dhá bhliain ó shin, ceadaíodh socrú sealadach do €2.9 milliún sa chás.  Dúirt tuismitheoirí Eoin, Mark Dunne agus an dochtúir Fiona Murphy go raibh go leor struis ag baint leis an bproiséas.  Tráthnóna, dúirt siad go raibh faoiseamh ann dóibh anois go raibh deireadh leis an gcás.  Rialaigh an chúirt go raibh seans ann go bhféadfaí gortaithe Eoin a sheachtaint dá mbeadh ionsáigh tiúb déanta air taobh istigh den chéad deich nóiméad i ndiaidh do a bheith tagtha ar an saol.  In ionad sin, thóg an proiséas 17 nóiméad agus dá bharr ní féidir leis siúil ná labhairt agus tá pairilis cheirbreach ag dul do.  Tá sé ag braith go hiomlán ar dhaoine eile dá chuid riachtanaisí.  Thóg máthair Eoin, an cás ar a shon.  Inniu, dúirt an Breitheamh Kevin Cross nach raibh drogall ar bith air socrú €8.5m a cheadú.

  8. #1616105

    Tá socrú cúitimh €10.5 milliún ceadaithe ag an Ard-Chúirt do bhuachaill dhá bhliain déag d'aois ar bhain drochghortú inchinne dó nuair a tugadh ar an saol é.  Chuir an buachaill - Sam Forde as Sligeach - an dlí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi fhaillí a dhéanamh agus faoina ndualgais a shárú agus é á thabhairt ar an saol in Ospidéal Ginearálta Shligigh ar 20 Lúnasa 2006.   Níl an Fheidhmeannacht ag glacadh le dliteanas sa chás agus séanann siad na líomhaintí ina n-aghaidh.  Dúradh sa chúirt gur cuireadh an cás sa siúl sa bhliain 2014 nuair a lorg muintir an bhuachalla comhairle dlí tar éis dá chárta leighis a bheith curtha ar ceal.  Dúradh go ndearnadh dochar inchinne do Sam Forde agus go bhfuil pairilis cheirbreach air a chuireann as do gach gné dá shaol.