#729837
Mar shampla, léirigh a cuid filíochta an cúram máthartha mar chúram sóisialta i bhfad sula raibh trácht acadúil ar ‘social mothering’ nó ‘preservative love’ agus i bhfad sular thosaigh fealsaimh fheimineacha ar an bplé ar ‘eitic an chúraim’ a cheangal go dlúth le ról sóisialta na máthar.