#1837753
Nuair a toghadh Donald Trump mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe, bhí go leor den phobal ansin agus ar fud an domhain ag déanamh iontais gurb é a leithéid a roghnaíodh, billiúnaí a raibh a chuid billiún déanta aige ar fhorbairt eastáit réadaigh agus réadmhaoine, agus é ar bheagán tuisceana, dar leis na heolaithe, ar an saol polaitiúil.