#760780
B’fhéidir, a chuimhníos, nár thaitin bia na mara leis, gurbh fhearr leis stéig mhairteola agus oinniúin, súlach na feola ag leathadh trí na hoinniúin, an ghairleog ag ruachan, agus b’fhéidir anlann trátaí i bpota eile, i dteannta pasta de shaghas éigin, pasta úr tagliatelli a chuirfeadh uisce leis na fiacla agus an anlann trátaí á leathadh air.