#420995
Bhí Fóram Chonamara ag dul in aghaidh srutha sa gcás seo agus shocraigh Comhar na nOileán, a bhí i bhfeighil scéim Leader i nGaeltacht Chonamara agus ar na hoileáin, taobhú leis an iarratas a rinne an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil i gComhairle Chontae na Gaillimhe ar riaradh Leader ar fud an chontae. Tá a bpríomhoifigí siúd lonnaithe ar Inis Oírr agus roinnt daoine fostaithe acu. Bhíodar i gceannas ar fheidhmiú Leader ar oileáin na hÉireann chomh maith le Gaeltacht Chonamara roimhe seo. Chuaigh an eagraíocht Galway Rural Development, a bhíodh ag riaradh Leader in oirthear na Gaillimhe, isteach leis an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil sa gComhairle Contae freisin.