#1370052
Dúirt sí, áfach, go gcuireann tréimhsí saoire costas breise ar fhostóírí. Tá rún le cur os comhair na Dála inniu ag moladh go méadófaí an tréimhse saoire seo ó 18 seachtain go dtí 26 seachtain. Is iad na Daonlathaithe Sóisialta a mhol an rún agus tá sé ráite ag an Rialtas nach gcuirfidh siad ina choinne. Mar sin féin, deir an Rialtas gur cheart go ndíreodh aon reachtaíocht ar thréimhse saoire le pá a chur ar fáil seachas an tréimhse saoire gan phá a mhéadú mar atá á mholadh.