#1654996
I lár na cathrach, cuid eile den toghcheantar, atá an siopa leabhar radacach News From Nowhere suite agus dúirt Mandy Sear, atá ag obair ansin, liom, "Tuigeann daoine, go mór mór daoine dubha, nach n-athraíonn sé mórán nuair a vótálann siad agus seo an áit i Learpholl a bhfuil an chuid is mó acu ina gcónaí." Taobh amuigh de na páirtithe polaitiúla a bhíonn an chuid is mó de na gníomhaithe ag obair na laethanta seo agus tá sin le feiceáil sa titim i mballraíocht Pháirtí an Lucht Oibre, síos ó 400,000 i 1997 go dtí 280,000 inniu.