#1656519
I mbliana bhí 148 cliant ag Pauline McGrath, an riarthóir, agus dúirt sí ina tuairisc: "People sleeping rough have a high incidence of substance abuse, mental and physical health problems and combinations of these." Ach is léir ó obair ICCM go bhfuil na hÉireannaigh i Learpholl ag déanamh an-iarracht déileáil leis na fadhbanna atá ag cuid acu.