#1964929
Ag brath ar an té atá á phlé breathnaítear ar an débhéascna mar réamhriachtanas (ó thaobh dáileadh na bhfeidhmeanna) do chothú teangacha atá níos laige go sóisialta agus go polaitiúil i suíomhanna ilteangacha; ceaptar nach bhfuil ann ach gné gan mórán tábhachta ó thaobh cothú teangacha laga de; deirtear gur géilleadh teangeolaíoch é do theangacha atá níos láidre; síltear go mbíonn débhéascna á nascadh go dlúth le srathú sóisialta na litearthachta; meastar gur cur isteach idé-eolaíoch í; is i bpobail thraidisiúnta aicmeacha atá na coinníollacha is bisiúla le go dtiocfadh stór cód chun cinn a mbeadh cuma dhébhéascnach orthu; ceaptar nach amháin go bhfuil débhéascna comhoiriúnach le pobail thraidisiúnta ach le socruithe polaitiúla, eacnamaíocha nó idé-eolaíoch/creidimh nó fealsúnach d'aon chineál freisin.