#740399
Nuair a bhí ‘Ag piocadh sméara dubha’ ar siúl mar ábhar aiste (agus déanaim amach go raibh sin againn i ngach aon rang bunscoile) de ghnáth d’éirítí ar maidin, chuirtí orainn ár gcuid éadaí, théití amach le cannaí stain, bhailímis go leor, thugadh tarbh fogha fúinn, thagaimis slán as agus théimis a chodladh.