Gaois

Search mode

Filter results

Collections

26 results in 25 documents

  1. #364662

    Bhuel, dá bhfaigheadh sé bean, agus dá bhfaigheadh sé cor na maidine sara dtiocfadh sé amach as an leaba, tabhair fé ndeara go mbeadh clab go cluas air ar feadh an lae.

  2. #333219

    Téarma den scoth é seo chun cur síos ar iompar lucht idirbheartaíochta na Gréige agus cruachás na tíre sin á phlé ad nauseam (mo leithscéal as teanga mharbh eile a tharraingt isteach sa scéal) le coicís anuas: ‘tabhair níos mó airgid dúinn, airgead nach bhfeicfidh sibh ar ais choíche muna dtugtar dúinne é ar ár dtéarmaí féin, nó séidfimid an euro ar fad as a chéile.’ Oireann an fho-bhrí ‘sotal’ den fhocal ὕβρις d’iompar Yanis Varoufakis go háirithe.

  3. #1092601

    Tabhair do Teresa í ar ball, litir ó chara ar leith i mBaile Áth Cliath, a d’fhan dílis di agus atá á hiarraidh i gcleamhnas.’ ‘Tabharfaidh mé di é, a Athair, ach is baolach go rachaidh sí le Fergie.’ ‘Mar chéile?’ ‘Bhuel… ní go baileach, a Athair.

  4. #1730803

    Lean sé ar aghaidh: "Bímis soiléir faoi - cúrsaí teicniúla, polaitíocht, cuntasacht - tabhair do rogha ainm air, is sofhriotail iad uilig ar an réaltacht úr a bhfuil ar an DUP dul i ngleic léi, is é sin go gcaithfidh siad an chumhacht a roinnt ar bhonn cothrom le poblachtánaigh nó nach mbeidh cumhacht ar bith acu." Ach sin ráite, níor cheart do náisiúnaithe a bheith chomh bogásach sin go fóill.

  5. #1707758

    Tabhair cuairt ar bhlag Chois Life agus caith súil ar an fhíseán ann (sa nasc anseo thíos) chun freagra na ceiste seo a aimsiú: Céard “a bhí in intinn” an údair, Liam Ó Muirthile, “seachas who dunnit” san úrscéal ‘Sceon na Mara’?

  6. #1679508

    Mar sin, cuirim an cheist seo orm féin: ‘Caidé a déarfadh Íosa Críost faoi seo?’ Seo sliocht ón soiscéal: Chuir fear óg saibhir ceist ar Íosa lá: “A Mháistir mhaith,” a dúirt sé, “caidé atá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?” Dúirt Íosa leis “Is eol duit na haitheanta.” Dúirt an fear óg saibhir “Choimeád mé iad sin uile ó m’óige.” Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: Tá rud amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh.” Thiontaigh Íosa thart agus dúirt lena dheisceabail: “A chlann liom, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i Ríocht Dé.” Sin é briathar Dé, a Bhaloir.