#1803151
Ach ní hamháin go mbeidh feabhas caighdéain ann: tá meitheal eolaithe in Ollscoil Keiko tar éis comhéadán tadhlach a chruthú a ligfeas duit (mar a thuigimse) cartúin a chigilt...
Ach ní hamháin go mbeidh feabhas caighdéain ann: tá meitheal eolaithe in Ollscoil Keiko tar éis comhéadán tadhlach a chruthú a ligfeas duit (mar a thuigimse) cartúin a chigilt...
Is dóigh liom gurb é an ceacht is mó atá le foghlaim ón leabhar seo ná a leithéid seo: más mian linn ár n-oidhreacht a choimeád beo, caithfear í a láimhseáil agus a mhúineadh mar a bheadh rud éigin nach smaoineamh ná coincheap ná idéal í, ach mar a bheadh cumhdach taise á láimhseáil againn, rud beannaithe, rud tarraingteach tadhlach, oidhreacht atá réidh lena rún a nochtadh ach a bheith go deas léi.
In ainneoin go bhfuil ár ngutháin ag glacadh seilbhe ar ár saol, ba mhian le go leor againn an ceangal tadhlach sin a bhíonn againn le páipéar – le do dhialann, mar shampla, nó leabhar nótaí – a choinneáil sa ré dhigiteach.
Tagann an t-eolas seo sna sála ar thuarascáil de chuid Chomhairle na hEorpa agus na Roinne Oideachais féin (“*Language Education Policy Profile for Ireland”*) a thug le fios le gairid go raibh an Ghaeilge sa chóras oideachais “in umar na haimléise” agus beagnach “i ndeireadh na feide.” Seans gur cheart go gcuirfí fógra rabhaidh ar an siollabas Gaeilge feasta: “Déanann staidéar ar an Ghaeilge dochar mór do do chumas foghlama.” Óir is léir gur galar tadhlach í an disléicse a bhuaileann scoláirí áirithe a dhéanann staidéar ar an teanga ach a bhíonn ag feidhmiú i mbarr a maitheasa in ábhair eile.