#133883
B'fhearr liom tuirlingt ar imleacán banríona ná ar stráice tarra, geallaimse duit…
B'fhearr liom tuirlingt ar imleacán banríona ná ar stráice tarra, geallaimse duit…
Lig Brian scairt, chaith a lámha san aer, léim suas is anuas ar imeall an tarra.
– Cineál craicinn tarra, an bhfeiceann tú an dath dubh air?
Bhí an gairdín clúdaithe le tarra, toisc é sin a bheith níos áisiúla ná féar.
Puiteach anois a bhí sa tarra a bhí ag bogleá faoin ngrian scaitheamh roimhe sin.
Bhí cuma mhaith go leor ar an aerfort, le rúidbhealaí tarra.
Níos moille, chuirtí canbhás le craiceann maith tarra ina mhullach seachas craiceann eallaigh.
Ceann canbháis smeartha le tarra a bheadh ar cheannaíocha na dtithe.
Tá comhairlí áitiúla ag leathadh greanchloch ar bhóithre a bhfuil an tarra ag leámh orthu.
Roimh aois na dtionscal, dhéantaí tarra as sna tíortha Lochlannacha.
Bhí an bóthar gan tarra agus rocach caol.
Bhí sé gafa trí ceathrúna den tslí ó dheas ach gan tarra air go fóill.
Ní raibh i Nanati ach roinnt liosanna ar thaobh bóthair gan tarra.
Thosaigh an bhean ag caoineadh nuair a thosaigh na braonacha tarra ag titim uirthi.
Sé uair an chloig ar an mbus, ar bhóthar uafásach nach bhfaca screamh tarra.
Tá sí déanta as adhmad, canbhás agus tarra, agus baintear úsáid as maidí rámha agus seolta.
Tarra dumpáilte ina fhadhb i nDún na nGall Rinneadh plé ar an méid tarra atá a dumpáil ag comhlachtaí tarra ar thaobhanna na mbealtaí móra sa chontae ag cruinniú de Choiste Cheantair Bardais na nGleanntach ar na mallaibh.
Ar thaobh na láimhe clé tá seanfhoirgneamh atá ag titim as a chéile agus cros mhór déanta as bairillí tarra.
Liocras, tobac agus tarra – b’in iad na bolaithe a bhí ar an eau de cologne saor a chaitheadh Gilmar.
‘Tá an oíche chomh dubh dorcha le coire tarra – ní fheicim a dhath agus ní fheicfear mé, cad é, mar sin, atá sibh a rá?
Ar a laghad nuair a bhíomar féin óg, sheasamar ar leacacha fíor-reilige i ndún fíoradhmaid ar leáigh an páipéar tarra air ach tine a chur leis.
Tagairt tharcaisneach é seo don dara jab a bhí ag Forde, gairdíní a réabadh agus brat tarra a chur orthu.
Bhraith muintir Thuar Mhic Éadaigh go raibh faillí á déanamh orthu; níor cuireadh tarra ar aon bhóthar sa cheantar ó 1942 go 1955, mar shampla.
Dromchla mín tarra air, agus os cionn nócha faoin gcéad de ar a chúrsa féin, scartha ón mbóthar.
Bás mall a thabharfainnse dóibh, bás mall i mbairille tarra te mar a fuair Guy Fawkes féin.
Cha raibh sí ábalta bia a sheiftiú mar go raibh an talamh clúdaithe le tarra agus stroighin.
D’éirigh an tsluaíocht as an iarracht, d’fhill ar an mBreatain, chuir fuílleach an chábla i dtír arís, áit ar cuireadh cóta maith tarra air len é a dhíonadh ón aimsir.
An t-aon ní amháin - agus is ní beag e - bionn ort a bheith aireach nach leáfaidh an tarra faoi theas na gréine, go háirithe sna Tíortha Teo.
Rinneadar seo an saol níos éasca do dhaoine, mar a rinne an tarra a cuireadh ar na bóithre taca an ama chéanna.
Tugann logainmneacha an cheantair le fios go raibh an fhuinseog á lúbadh i gceantar an Spidéil i bhfad sular cuireadh brat tarra ar aon bhóthar – ríoga nó tuathánach.
D’úsáidtí coirt agus tarra leis na heangacha scadán seo agus mhairfeadh eangach cúig shéasúr dá ndéanfaí cúram di.
D’fhágfadh sé ann iad ag tarraingt nó go mbeadh cuma tarra air idir a dhath is a thiús.
Is amhlaidh a d’oir dom féin leanúint ar an mbóthar tarra cothrom in aghaidh an aird, agus mé ag siúl sna cuaráin.
Nuair a bhí sin deisithe ar aghaidh linn ar an mbóthar mór tarra, rud ná raibh taithí agam air le trí seachtaine.
Fuair Krak an ceann is fearr ar an bpéist trí seithí ainmhí a bhí líonta le tarra is ruibh a thabhairt dó.
Dúirt an draíodóir a bhí ag an rí teach a dhéanamh le luaidhe agus le tarra agus go ndófaidís an bhean.
Nuair a bhí sí ag dul amach an doras buaileadh brat tarra uirthi agus nuair a tháinig sí abhaile scanraigh an mháthair.
Nach raibh cuid den dream céanna coinnithe ó chodladh na hoíche ag cur tarra ar an mBéarla ar chomharthaí bóthair?
Béal fúithi a chuaigh bád, a hanáil a scaoileadh le bád, uirthi a cuireadh tarra nó culaith sheoil agus ‘nach breá an bád í’ a dúradh.
Beagnach leathchéad bliain ó shin, chuaigh Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta i mbun gnímh i gConamara agus cuireadh tarra agus péint dhubh ar logainmneacha Gallda ar chomharthaí Gaeltachta.
Is minic na céad seachtainí de mhí an Mheithimh a bheith brothallach, meirbh, rósamhach, an ghrian ag scoilteadh na gcloch, an tarra ag leá ar na bóithre faoi dhianteas na gréine.
Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil athúsáid a bhaint as an dromchla tarra a bhí ar an bhealach, mar go bhfuil innealra speisialta á úsáid ag foireann na Comhairle Contae.
Brat nua tarra Chuir an Comhairleoir Contae Seán Ó Tuairisg ceisteanna crua ar fheidhmeannaigh Chomhairle Contae na Gaillimhe inniu faoin gcúis go bhfuil eolas difriúil á thabhairt amach faoin mbrat nua tarra atá le cur ar phíosa de bhóthar an N59 idir Uachtar Ard agus Bun an Choill.
Brat tarra Is iad an comhlacht 'Roadstone' atá ceaptha ag Comhairle Contae na Gaillimhe le brat nua tarra a chur ar bhóthar an N59, idir Uachtar Ard agus Bun an Choill.
Thug sé le fios go gcosnaíonn sé cuid mhór airgid ar an Chomhairle Contae an tarra a ghlanadh suas, airgead nach bhfuil acu.
D'úsáidtí im, déanta sa mbaile, measctha le tarra leis na seolta a bhealú agus a chaomhnú (Ó hIarnáin, 2008: 179).
Bean amháin ag rá nár mhiste léi go gcuirfí clúmh agus tarra ar a hiníon dá mbeadh sé ag déanamh caidrimh leis an namhaid agus agallaimh chartlainne le híospartaigh atá nach mór fuarchúiseach faoin méid atá tarlaithe dóibh.
Thug sé le fios go bhfuil sé i gceist an tigh a athchóiriú faoi mar a bhí leis an gceann adhmaid clúdaithe le feilt agus tarra a bhíodh ar fhormhór na dtithe ar an oileán.
Ba cheann adhmaid clúdaithe le feilt agus tarra, seachas ceann tuí, a bhí ar fhormhór mór na dtithe ar an oileán, teicníc a bhí foghlamtha ag muintir an oileáin ón dteicníc a bhí in úsáid sna naomhóga a bhí tagtha chun an oileáin ó thús na 1880í.
De bharr an néill deataigh sin bhíonn na fraithigh is na ballaí agus an troscán clúdaithe de shúithche agus é chomh greamaitheach le tarra.’ Is cosúil nach raibh aon leapacha sna tithe ina raibh an fiabhras, mar gur dódh na leapacha agus na héadaí leapan, le fáil réidh leis an bhfiabhras as an teach.