#1095111
Maidir le beocht teangacha, bíonn tosca éagsúla i gceist i dtrí réimse: tosca daonra a bhaineann le líon an phobail, an dúiche ina bhfuil siad, a gcomhréir le líon labhartha teangacha eile máguaird; bíonn tosca a bhaineann le hinstitiúidí, go háirithe seirbhísí stáit, teaghlach, oideachas, meáin chumarsáide, eacnamaíocht, agus mar sin; agus tosca stádais, stádas stairiúil na teanga, a stádas socheacnamaíoch, a stádas dlíthiúil sa tír agus a stádas go hidirnáisiúnta.