#775502
D’aistrigh Derry O’Sullivan ‘Aithbe damsa bés mara’ nó an dán ‘Cailleach Béara’ mar is fearr aithne air, agus foilsíodh é faoin teideal Lamentations de la vieille femme de Beare (1995).
D’aistrigh Derry O’Sullivan ‘Aithbe damsa bés mara’ nó an dán ‘Cailleach Béara’ mar is fearr aithne air, agus foilsíodh é faoin teideal Lamentations de la vieille femme de Beare (1995).
Tá cónaí ar Derry O’Sullivan i bPáras ó 1969, áit ina bhfuil sé ina ollamh le Béarla; tá roinnt cnuasach foilsithe aige i nGaeilge, le Coiscéim (Cá bhfuil do Iúdas?, 1987; Cá bhfuil Tiarna Talún l’Univers?, 1994; An Lá go dTáinig Siad, 2005), tá sraith dánta aige i bhFraincis (‘En mal de fleurs’, Québec, Lèvres Urbaines, 30, 1988), maille le haistriúcháin (The King’s English, Páras, First Impressions, 1987; Cailleach Béara/Lamentations de la vieille femme de Beare, 1995, Chauvigny, L’Escampette, 3ú eagrán, 2006), agus tá a shaothar ar fáil i nduanairí éagsúla.