#361635
Tá teanga Cheilteach sa dá thír; chuir an Fhrainc fáilte roimh roinnt dár nIarlaí timpeall na bliana 1607; thug an Fhrainc tearmann d’fhear darbh ainm Wolfe Tone; thug an Fhrainc cabhair d’Éirinn fé thrí sa streachailt i gcoinne bois an choilínithe (cé gur theip ar na hiarrachtaí sin); thug an Fhrainc teoiric na réabhlóide chuig an Eoraip; ba í an Fhrainc ba chúis le bunú an daonlathais san Eoraip, dar liom; bhí an Fhrainc thíos leis go tubaisteach de dheasca an dá Chogadh Mór agus ar deireadh, bhí an Fhrainc go mór i measc na gceannródaithe a chruthaigh an tAontas Eorpach mar atá anois.