#1696946
Mar shampla, tháinig siad a fhad liom le tuairisc iontach maith fá oideachas sna blianta luatha agus smaointe breátha ann faoi tástáil dhiagnóiseach (diagnostic testing) agus chuir mé ceist orthu an mbeadh a leithéid ar fáil do scoileanna Gaelacha agus dúirt siad liom nach mbeadh, go mbeadh an tástáil i mBéarla. Dúirt mé leo nach raibh sin inghlactha agus tháinig siad ar ais le tástáil dhiagnóiseach Ghaeilge!