#1500893
Is in ionad trádstórais lasmuigh d'Áth Luain i gCo.na hIarmhí leis an siopa lascaine miondíolta,'Mr.Price' a bheas an fhostaíocht nua.
Is in ionad trádstórais lasmuigh d'Áth Luain i gCo.na hIarmhí leis an siopa lascaine miondíolta,'Mr.Price' a bheas an fhostaíocht nua.
Cruthaíodh 20 post nua i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, inniu nuair a d'oscail siopa lascaine Mr Price i gceantar Bhaile Raithin inniu. Tá an siopa lonnaithe san áit a raibh siopa earraí tógála Johnstons i mBaile Raithin agus beidh sé oscailte seacht lá na seachtaine. Tá súil ag an gcomhlacht go mbeidh tríocha duine fostaithe acu sa siopa nua faoi dheireadh na bliana.
Dhéanfar cinneadh ar 3 Eanáir 2017 rud a chuirfeas moill ar an togra. Fógraíodh an togra ag tús na bliana ait a bhfuil se beartaithe uisce beatha agus gin a tháirgeadh. San iarratas pleanála bhi láthair tuirlingthe do héileapatar, an drioglann féin, agus ionad do chuairteoirí. 20 post úr Cruthófar 20 post úr i Leitir Ceanainn inniu nuair a osclós siopa lascaine 'Mr Price' i mBaile Raithin inniu. Tá an siopa a bhfuil ionaid thart fríd an tír, lonnaithe san áit a raibh siopa earraí tógála Johnstons i mBaile Raithin agus beidh sé foscailte seacht lá na seachtaine. Tá súil ag an chomhlacht go mbeidh tríocha duine fostaithe acu i Leitir Ceanainn idir seo agus an bhliain úr. Caoimhín Ó Casaide In agallamh a craoladh ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, deir an peileadóir Caoimhín Ó Casaide as Gaoth Dobhair gur shocraigh sé éirí as foireann Ghaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine mar gur mheas sé nach raibh an tiomántas san fhoireann cluichí a bhaint, agus go raibh siad, é féin ina measc, ag ligean sios muintir Ghaoth Dobhair. D'fhógair Ó Casaide go raibh sé ag éirí as i ndiaidh do Ghaoth Dobhair a gcluiche le Naomh Conaill a chailleadh Dé Sathairn. Caithfear ceisteanna a chur faoin stíl peile atá ag an chlub, faoin easpa bróid atá a léiriú don chlub agus fán bhrú atá ar imreoirí Ghaoth Dobhair a dúirt Caoimhín Ó Casaide. Tá neart ábaltachta ag na himreoirí ag leibhéal peil condae, ach tá fadhb mhór ag leibhéal an chlub áitiúil le dornán blianta anuas a dúirt sé agus is cosúil nach bhfuil an fhoireann sinsear ag tarraingt le chéile mar ba chóir, dar le Ó Casaide.