Gaois

Search mode

Filter results

Collections

88 results in 78 documents

  1. #485449

    Cé go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta deacair anseo faoi láthair agus gur bhreá léi aghaidh a thabhairt ar thír eile ar feadh seala, admhaíonn Sinéad McK go bhfuil sí sásta anseo ag déanamh an ruda a ba dhúil léi fiú muna bhfuil mórán de theacht isteach ag baint leis.

  2. #485907

    Cé go bhfuil ceol nua-jungle iontach comhléirithe ag Coles le Machinedrum Mheiriceá mar Dream Continuum, agus buillí ar mire footwork Chigaco caite faoi bhun sheod-rianta Roni Size, LTJ Bukem agus Adam Faige faoin ainm bréige Philip D Kick, bíonn smaointe is clistí Coles le clos agus é ag feidhmiú mar Om Unit.

  3. #485980

    Coincheap é nach bhfuil le sonrú sa cheol, agus cé go bhfuil nóiméid iontacha ann (‘Centre Your Love’, ‘Infinite Us’) níl éagsúlacht a dhóthain ag baint le ‘Vapor City’ le go mbainfeá sásamh ró-mhór as éisteacht leis ó thús deireadh.

  4. #487359

    “Má d’éalaigh, is tusa an té atáimid á iarraidh don gclár nua cúirtéireachta seo!” Dar leis an gcomhlacht gur “cuma cé chomh mór is atá d’inneall nó an tiománaí maith nó olc tú”, tá siad ag iarraidh cloisteáil ó aon fhear nó bean a mbeadh suim acu bheith sa tsraith agus a ride a phiocadh.

  5. #781093

    Feicfear ar ball go mbíodh cúinsí éagsúla taobh thiar den mhodh dúchasach ach, ar an leibhéal is simplí de, áitíodh go dtuigfeadh Gaeilgeoirí na focail a ceapadh ó fhréamhacha dúchasacha: ‘Baistimís-ne a bhfuil uainn as uisge ár dtobair féin ionnus go mbeidh slacht orra is go dtuigfear ce d’ár díobh iad’ (Eagarfhocal, ‘Acadamh’, Misneach, 4.3.1922).

  6. #872283

    Is cóir a mheabhrú, i dtosach báire, in am seo an ghátair eacnamaíoch, go bhfuilimid ag trácht anseo ar chruthú timpeall 183 phost ardleibhéil d’Éireannaigh roimh dheireadh 2016, iad maoinithe go hiomlán ag an Aontas Eorpach, agus sa dara háit, go gcomhlíonfadh tógáil an mhaolaithe toil Rialtas na hÉireann, arna sonrú i Rialachán (CE) 920/2005 ón gComhairle, ‘go dtabharfaí an stádas céanna don Ghaeilge is a thugtar do theangacha náisiúnta oifigiúla na mBallstát eile’.

  7. #874549

    Nuair a casadh ar a chéile iad den chéad uair ar bhinse i ngairdín Monceau i bPáras, d’fhiafraigh del Vasto de: ‘Êtes-vous bon comme ce pain?’ (‘An bhfuil tú chomh suáilceach leis an bhullóg aráin seo?’).

  8. #1029937

    Ach níl aon fhocal eile a chuireann síos ar an mhíthuiscint iomlán a léiríonn an eachtra seo faoi mheon an CE, ní amháin ó thaobh an Taoisigh agus an Aire Airgeadais de, ach go háirithe ó thaobh a gcuid comhairleoirí sa státseirbhís.

    Ná bac an pléascán beag sin san Íoslainn... – Seán Ó Héalaí

  9. #1120639

    Ce go gcuireann Ó Súilleabháin ‘extravagant accounts’​ i leith Chéitinn, b’​fhéidir go raibh beartaithe aige féin an Foras Feasa a aistriú agus gurbh in é an fáth ar thug sé go fíochmhar faoi Dhiarmuid Ó Conchubhair a luaithe a foilsíodh réamhfhógra i dtaobh a aistriúcháinsean.

  10. #1161057

    An sásóidh an beartas seo Coimisiún na hEorpa, nó an bhfuil fíneálacha móra i ndán dúinn as gan a bheith ag cloí go hiomlán le Treoir 2000/60/CE – ‘Creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce’ – treoir a ndearnadh dlí de chuid na tíre seo di sa mbliain 2003 mar S.I.

  11. #1161084

    An sásóidh an beartas seo Coimisiún na hEorpa, nó an bhfuil fíneálacha móra i ndán dúinn as gan a bheith ag cloí go hiomlán le Treoir 2000/60/CE – ‘Creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce’ – treoir a ndearnadh dlí de chuid na tíre seo di sa mbliain 2003 mar S.I.

  12. #1293595

    Ce go raibh titim mhór tagaithe ar phraghasanna capall le blianta anuas le linn an chulú eacnamaíochta, dúirt an lucht díolta i gcontae an Chláir inniu go bhfuil feabhas ag teacht ar phraghasanna de bharr capaill a bheith faighte gann sa tír anois.

  13. #1390633

    Lena chois sin, tá an bhearna idir costas iasachtaí d'Eirinn le hais Iasachtai don Ghearmáin ag dul i méid, suas ó 0.5% ag druidim an uasphointe 3.06% a sroicheadh le linn na géarchéime san Eurozone nuair a tháinig an CE agus an IMF i gcabhair ar an nGréig.

  14. #1418864

    Tar éis dó mionchuntas (agus an cuntas is fearr ar fad) a thabhairt ar na ‘déformations de mot qu’on observe dans le Dúil Laithne’, deir sé ‘Que la connaissance de ce jargon ait été jugée une qualité digne d’être mentionnée dans les annales, cela ne parle pas trop en faveur de la culture intellectuelle de l’Irlande au moyen âge.’ Ar nós béarlagairí i gcoitinne, ba ainmfhocail formhór mór na bhfocal a bhaineann le Béarlagair na bhFilí, ach ní tearc iad na ranna cainte eile ach oiread.

  15. #1431613

    Ach, ná lochtaímis aon duine ar leith ina thaobh sin: is isteach sa réimse sin taighde a chuaigh fiach na ruagairí litríochta le daichead bliain anuas agus leanfaidh na pocadáin léinn Jakobson, Derrida, Ní Annracháin, nó qui que ce soit, ón uair go leanann siadsan filí agus fileoirí, fireannaigh agus feiminigh, falsóirí agus freacnairc agus iadsan leis ag iarraidh cúl an tí a bhaint amach i ngan fhios do na tincéirí!

  16. #1690837

    Ce gur bhuaigh sé an Chraobh sin sé bliana ó shin seans maith gur ar chomórtas na bliana seo is mó a chuimhneoidh daoine feasta agus go gcuimhneofar níos mó ar Ken ná ar Mark Williams, an té a bhuaigh air sa bhabhta ceannais.

  17. #1701538

    De réir mar a fhorbraíonn muid an fhéile, tá muid ag éirí níos compordaí ó thaobh a bheith ag tabhairt cuirí d’amhránaithe as gach cearn den domhan.” Ar an taobh eile den scéal, tá Donald tiomanta go mbeidh an Ceòl Gàidhlig mar chuid lárnach de Celtic Connections – “cnámh droma na féile”, a thugann sé air.

  18. #1804130

    Ghlac sé a fhad ar fhear an tacsaí tuiscint cén áit a bhí á rá agam, agus ansin sa deireadh nuair a thuig sé, dúirt sé liom, “*Ce n’est pas à Paris*”!

  19. #1886966

    Measann na Gardaí ná raibh sa ghníomh ach gníomh creachadóireachta agus na raibh aon cheist gadaíochta ann toisc go bhfuil an chrois ar fad ar an láthair i gcónaí ce gur ar an dtalamh ata si.

  20. #1930528

    Leirigh sé  ina chuid aragóna sa Dáil  ós comhair ionadaithe ón mBord Pleanála  go rialaigh an Bord i gcoinne an Ostáin a bhí le tógaint i mBaile an Sceillig ar bhonn dhá achainí a tháinigh go dtí an mBord i gcoinne na forbartha, ach ná féidir le héinne a dhéanamh amach ná a aithint  ce a chuir ceann dos na hachainí sin isteach.

  21. #1931460

    In ainneoin go bhfuil fáilte a chur ag Martin Gallagher roimh ráiteas an Easpaig cheistigh sé ce'n fáth nár eisíodh a leithead do ráiteas ní ba luaithe agus an mbeidh an t-Easpag Mac Eochagáin ag iarraidh ar dhaoine a bhí luaite sa chlár faisnéise agus a bhfuil fiosrúchán a ndéanadh fúthu seasamh siar as a ndualgaisí go mbeidh na fiosrúcháin críochnaithe.

  22. #2006252

    Ce go n-admhaím gur port breá é ‘Apricots’ ón albam úd (ach ceann atá róghearr, b’fhéidir) má bhí saothar uaim i mbliana le casadh ag an gcóisir tí a shásódh gach éinne a bhí i láthair chuireas mo mhuinín in Tomorrow’s People le Shire T.

  23. #2006302

    Ce go n-admhaím gur port breá é ‘Apricots’ ón albam úd (ach ceann atá róghearr, b’fhéidir) má bhí saothar uaim i mbliana le casadh ag an gcóisir tí a shásódh gach éinne a bhí i láthair chuireas mo mhuinín in Tomorrow’s People le Shire T.

  24. #297169

    François Hollande Leanann trioblóid leabhar, agus ní taise don leabhar é a bhfuil idir pholaitíocht, dhíoltas agus saol príobháideach na bpríomhcharachtar á léiriú os comhair an domhain mhóir, leabhar dála Merci pour ce moment, cuimhní cinn iar-amant Uachtarán na Fraince, Valerie Trierweiler.

  25. #970776

    Bhí comhrá eatarthu, iad ag féachaint go ce anúil ar a chéile.

    Bothar an tSamhraidh – Gan údar

  26. #1841292

    Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an Teachta Dála do Chorcaigh Theas-Lár nach bhfuil sé sásúil nach bhfuil a fhios ag tuismitheoirí go fóill cén chaoi a gcuirfidh siad isteach ar an scéim.  Ce gur dea-scéala é go bhfuil an scéim le leathnú amach, a dúirt sé, tá ceisteanna go leor le freagairt ó thaobh cúrsaí iompair agus árachais de.  Mhol an Laoghaireach múinteoirí a dhéanann obair ionadaíochta de ghnáth a fhostú don chlár oideachais speisialta ó tharla nach bhfuil aon chinnteacht ar na saolta seo leis na gnáthchúinsí oibre a bhíonn acu.  Mhaígh sé freisin go bhfuil deis ann anois múinteoirí atá ar scor óna gcuid oibre a fhostú.

  27. #1883912

    A post shared by Cian Ó Cíobháin (@cianociobhain) on Sep 8, 2020 at 3:34pm PDT “Ce go bhfuil breis is scór blianta caite agam ag craoladh le RTÉ Raidió na Gaeltachta, braithim gurb iad an sé mhí dheireanacha an tréimhse is tábhachtaí acu ar fad.

  28. #1892076

    €100,000 íoctha san éagóir I dtuarascáil ata foilsithe ag an Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste inniu, tugtar le fios gur íocadh breis agus €100,000 i dteimhse chuig mbliana le hochtar mac léinn a bhi ag freastal ar chlár oideachais Youthreach i Machromtha, ce na rabhadar i dteideal bheith ag freastal ar an gcúrsa sin.

  29. #1893683

    Folúntas Tá folúntas ag Comharchumann Forbartha an Litriúigh do bheirt oibrithe ar scéim CE le dul i mbun oibre mar Oifigigh Turasóireachta agus Oidhreachta  ar bhonn bliana leis an gComharchumann. Beidh na daoine a roghnófar don bpost ag obair in Ionad an Tintéain Ceoil  i gClochán Bhreanainn.

  30. #1885255

    Foirne peile Dhún na nGall Beidh foirne peile Dhún na nGall  a d'imir i gcluichí ceannais na hÉireann inne ag pilleadh ar an chondae inniu. Bhuail Ciarraí Dún na nGall sna cluichí mionúr agus sinsear. Dúirt Bainisteoir na foirne sinsir Jim McGuinness go raibh díomá air mar ach nár imir an fhoireann  chomh maith sin ar an lá , agus dúirt se  go raibh Craobh na hÉireann tuillte go maith ag Ciarraí. Dúirt sé go nglacfaidh sé tamall anois ag déanamh machnaimh faoi ce acu an bhfanfaidh sé mar bhainisteoir ar an fhoireann sinsear. Tá 4 bliana caite aige mar bhainisteoir ar an fhoireann sinsear Peile Dhun na nGall.  Teiripeoirí Urlabhra Tá ganntanas mór teiripeoirí urlabhra sa tSeirbhís Sláinte i nDún na nGall .De réir eolais a fhoilseofar inniu, deirtear go bhfuil líon mór paistí sa chondae ar liosta feithimh i gcomhair seirbhíse   teiripeoirí urlabhra  le blianta.Deirtear nach bhfuil ach teiripeoir urlabhra amháin ar fáil i nDún na nGall do gach 300 páiste i gcomparáid le condaetha eile ina bhfuil teiripeoir amháin do idir 30 go 65 paiste.

  31. #1895696

    Féile Scéalaíochta Chléire Ta grúpaí eagraithe ó Mhinnesota agus ó Alaska na Stát Aontaithe le freastal don gcéad uair riamh ar  Féile Scéalaíochta Chléire i mbliana. Tá an fhéile sin ag tosnú tráthnóna ce go bhfuil daoine ag triall ar an oileán ina comhair le roinnt laethanta anuas. Ta súil le cúpla céad duine a bheith i láthair do na hócáidí éagsúla i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Meastar go mbeidh easpa lóistin ar fáil ar an oileán toisc oiread san daoine le freastal ar an bhféile agus mar sin beidh seoladh speisialta ag fágaint Chléire ar a 8 a chlog tráthnóna amárach agus ceann eile ag fágaint an oileáin ar a 6 a chlog tráthnóna Dé Domhnaigh.