#1663854
Chun údarás na Rannóige ar fhoilsiú agus athbhreithniú an Chaighdeáin Oifigiúil feasta a dhaingniú, tá Bille (nó leasú ar bhille) ullmhaithe, agus cuireadh faoi bhráid an tSeanaid é ar 18/9/2012, áit a ndeirtear:
ciallaíonn ‘‘An Caighdeán Oifigiúil’’ caighdeán oifigiúil na Gaeilge, arna ullmhú ag Tithe an Oireachtais agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais, atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge (An Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2012 [Seanad]
pdf>
Tabhair faoi deara go ndeirtear ‘mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge’.