Gaois

Search mode

Filter results

Collections

127 results in 116 documents

  1. #269735

    Beidh cruinniú ag Príomhaire na Gréige Alexis Tspiras le Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean Claude Juncker sa mBruiséil anocht.  Meastar go forleathan nach dtiocfar ar aon aontú críochnúil maidir le fiachais na Gréige áfach.

  2. #270959

    Tá sraith cruinnithe ar siúl sa Bhruiséil inniu leis an ngéarchéim a phlé.  Measadh roimhe seo gur inniu a chuirfeadh na Gréagaigh a gcuid moltaí i láthair agus a d'iarrfaidís pacáiste tarrthála nua. Dúirt an Taoiseach Enda Kenny go gcreideann sé gur moltaí stuama a bheas iontu.  Níos túisce, dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker nach raibh sé ag iarraidh go n-imeodh an Ghréig ó limistéar an euro.

  3. #892740

    Tacaíonn Viktor Orban le polasaithe Trump ar chúrsaí inimirice.  Rinne Príomh-Aire na Seapáine comhghairdeachas le Donald Trump agus d'iarr Aire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine air cloí le comhaontuithe idirnáisiúnta.  Dúirt ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh Federica Mogherini go leanfadh an tAontas air ag obair i gcomhar leis na Stáit Aontaithe.  Tá cuireadh tugtha do Donald Trump ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh cruinniú mullaigh a bheith acu chomh luath agus is féidir.

  4. #1297945

    Tagann a ráiteas sna sála ar ráiteas Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, níos túisce an tseachtain seo go gcaithfeadh an Bhreatain pé airgid atá dlite don Aontas Eorpaigh a íoc ar ais leo sula bhféadfaí a bheith ag caint faoi todhchaí an chaidrimh leis an Aontas.

  5. #1305326

    Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker gur theip ar na cainteanna Breatimeachta a bhí ar siúl inniu agus dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May go gcuirfí tús lena thuilleadh cainteanna roimh dheireadh na seachtaine.

  6. #1309064

    Chinntigh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, ar maidin agus é ag caint sa Bhruiséil nach mbeidh teorainn á cur idir na sé chontae agus an chuid eile den tír tar éis don Bhreatain imeacht ón Aontas Eorpach.

  7. #1366369

    Ní thuigeann an dream a mheasann go loicfidh an tAontas Eorpach ar cheist na teorann in Éirinn cad tá i gceist leis an Aontas, a dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker a agus é ag caint i nDáil Éireann tráthnóna.

  8. #1366373

    “Mar sin féin, níor cheart gur ballstáit eile – agus Éire go háirithe – a d’íocfadh as an rogha sin…Mar atá ráite riamh agam sa chás seo, ‘Éire ar dTús’,” a dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

  9. #1369128

    Ghabh an Taoiseach buíochas ar leith le feisirí as an tacaíocht a thugadar d'Éirinn i dtaca le ceist na teorann ach go háirithe.  Dúirt sé freisin go bhfuil go bhfuil an tAontas Eorpach ag tráth cinniúnach faoi láthair agus go bhfuil an tír seo ag brath fós ar thacaíocht agus ar dhlúthpháirtíocht an Aontais.  Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker go gcoinneoidh sé air ag tacú leis an tír seo agus leis an bpróiseas síochána sa Tuaisceart.

  10. #1530412

    Idir an dá linn, tá ráite ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker go bhfuiltear sásta rudaí a shoiléiriú don Bhreatain maidir leis an margadh Breatimeachta ach nach ndéanfar aon idirbheartaíocht eile faoin margadh ná faoin gcúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

  11. #1530932

    Cháin Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean Claude Juncker Rialtas na Breataine as an easpa soiléire, dar leis, a bhaineann lena mianta i dtaobh an Bhreatimeachta agus a gcaidrimh leis an Aontas Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta.

  12. #1534987

    Sa litir a fuair Theresa May ó Donald Tusk Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, déantar iarracht daoine a chur ar a suaimhneas faoi cheist an chúlstop ach deirtear athuair nach bhfuil aon dul siar ar aon rud atá sa mhargadh Breatimeachta.

  13. #1560633

    Amárach ag an gCruinniú Mullaigh, cuirfidh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, ceannairí na 27 ballstát Eorpach (An Bhreatain as an áireamh) ar an eolas maidir lena bhfuil beartaithe sa gcás is go bhfágfadh an Bhreatain an AE gan aon mhargadh.

  14. #1562820

    Phléigh na ceannairí an cheist ag cruinniú mullaigh dhá lá sa Bhruiséil.  I ráiteas a d'eisigh sé, dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk gur chóir go mbeadh socrú saorthrádála i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana 2020 agus nach dteastódh an cúlstad.  Cháin Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean Claude Juncker an Bhreatain, áfach, faoi nach raibh siad sách soiléir maidir lena raibh ag teastáil uathu.

  15. #1564729

    Tá sé ráite ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker le Príomh-Aire na Breataine Theresa May nach rachaidh an tAontas Eorpach i mbun idirbheartaíochta arís ar shocrú imeachta na tíre as an Aontas.

  16. #1564731

    Bhí cruinniú bríomhar ach fiúntach ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Junker agus ag Theresa May, a dúradh i gcomhráiteas.  Tharraing Theresa May ceist an chúlstad anuas ach dúradh gur thug Jean-Claude Junker le fios arís nach rachaidh an tAontas i mbun idirbheartaíochta arís ar an chonradh aistarraingthe.

  17. #1566102

    Dúirt sé nach dtugann an comhaontú a shocraigh Theresa May agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker i Strasbourg aréir cead dlíthiúil don Bhreatain tarraingt amach as an socrú faoin gcúlstad go haontaobhach dá mbeadh easaontas doréitithe ann.

  18. #1618197

    Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker, a bhfuil deireadh ag teacht lena théarma oifige, le feisirí Eorpacha i Strasbourg gur cosúil anois go bhfuil baol mór ann go n-imeoidh an Bhreatain as an Aontas gan aon socrú.

  19. #1618517

    Tá sé ráite ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, go bhfuil sé féin agus príomhidirbheartaí an Aontais Eorpaigh ar an mBreatimeacht, Michel Barnier, ag déanamh oiread agus is féidir chun margadh a bhaint leis an mBreatain.

  20. #1618533

    Tá sé ráite ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, go bhfuil sé féin agus príomhidirbheartaí an Aontais Eorpaigh ar an mBreatimeacht, Michel Barnier, ag déanamh oiread agus is féidir chun margadh a bhaint leis an mBreatain.

  21. #1618764

    I litir a chuir an Príomh-Aire Johnson chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker tráthnóna, thug sé le fios gur teip mhór polaitíochta a bheadh ann mura n-éireodh leo teacht ar chomhaontú.  Dhearbhaigh sé arís gur imeacht gan socrú a bheadh ann ar an lá deiridh den mhí seo dá ndiúltófaí dá mholadh faoin bprótacal nua.

  22. #1619107

    Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker tráthnóna nach bhfuil sé ag cur socrú as an áireamh, ach nach raibh aon ghlacadh aige le cleasaíocht na Breataine an milleán ar fad a chur ar an Aontas Eorpach.  Tuairiscíodh ar nuachtán an Times i Londain inniu go raibh plean á chur i dtoll a chéile ag oifigigh an Aontais ag géilleadh - de ghrá an réitigh - do chuid de na mianta atá ag Rialtas na Breataine.

  23. #1808212

    Ta sé fógartha ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen go bhfuil an tAontas Eorpach sásta €700 milliún a thabhairt don Ghréig chun dul i ngleic leis na scórtha mílte teifeach atá ag iarraidh a mbealach a dhéanamh go dtí an Eoraip.

  24. #1870601

    Idir an dá linn, níl scéal Dhinnéar Chumann Gailf an Oireachtais sa gClochán an tseachtain seo caite thart fós mar go bhfuil soiléiriú breise á lorg ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen ar Phil Hogan faoina chuid taistil.

  25. #1872918

    19 Lúnasa: D'imir sé galf sa Chlochán agus d'fhreastail sé ar an dinnéar conspóideach in óstán ar an mbaile.  21 Lúnasa: D'fhill sé ar an áit lóistín i gCill Dara.   22 Lúnasa: D'fhág sé an tír seo agus d'fhill sé ar an mBruiséil.  Ar iarratas Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen a chuir Phil Hogan an cuntas seo i dtoll a chéile.

  26. #1872922

    Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Éamon Ryan go bhfuil  dualgas ar dhaoine in oifig phoiblí aird a thabhairt ar na treoirlínte ach gur faoi Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen atá sé anois cinneadh a dhéanamh faoina bhfuil i ndán do Phil Hogan.

  27. #1873387

    Tá Mairéad McGuinness ceaptha ina Coimisinéir Eorpach ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen.  Seirbhísí airgeadais, cobhsaíocht airgeadais agus margaí caipitil na cúraimí a bheas uirthi.  Agus an ceapachán á fhógairt ar maidin aici, dúirt Ursula von der Leyen go bhfuil togha na gcáilíochtaí ag Mairéad McGuinness don phost agus go bhfuil lánmhuinín aici aisti.