#1232401
Ní raibh sé chun an aga suaimhnis a mhilleadh trí labhairt léi ar chúrsaí an lae seo.
Ní raibh sé chun an aga suaimhnis a mhilleadh trí labhairt léi ar chúrsaí an lae seo.
‘Nach gcaithfidh tusa dul suas staighre?’ arsa an Constábla leis tar éis aga bhig.
Le fad a bhaint as an aga seo nach raibh aon choinne agam leis sheas mé taobh amuigh agus mo dhroim le balla an tí.
Ní raibh aga aici a cuid gruaige a stracadh, ach lasc sí na focail isteach san aghaidh uirthi.
Ní raibh aga acu machnamh a dhéanamh mar seo isteach go breá neafaiseachAtlantic Moon agus shnap sí an tósta as an dtóstaer.
Tuigeadh dó nár mhór dó bheith ar aire agus, san aga san féin, chonaic sé chuige, amach fé scáth na smúite, an marcach aonair.
Tuigeadh dó nár mhór dó bheith ar aire agus, san aga san féin, chonaic sé chuige, amach fé scáth na smúite, an marcach aonair.
Gura fada eile a bheidh Jason Sherlock, Liam Hassett, Tony McEntee agus a leithéid isteach is amach ar pháirc na himeartha nuair a fhaigheann siad aga chuige.
Ba é an Aga Khan féin a bhronn ceann de na duaiseanna ba mhó a mbídís sa tóir air.
Billy Ringrose, Diana Connolly Carew agus Séamus Hayes ar fhoireann na hÉireann a thug leo corn an Aga Khan den chéad uair le 14 bliain.
Tuigeadh dúinn beirt nárbh fhéidir an leabhar mór seo a chur ar fáil san aga gairid a bhí aige.
Dá mbéarfaí air níor cheart go mbeadh an aga aige insint don domhan mór cad chuige ar chuir sé na gníomhartha uafásacha seo i gcrích.
Ní raibh aon aga aige féin ar aon ní a scríobh de bharr an ama ar fad a bhíonn á chaitheamh ar stól an bhearbóra i láthair na huaire aige.
Bhí foireann taighde Greenpeace ar an áit ag déanamh grinnstaidéir ar an oighearshruth an samhradh seo caite agus fágadh gléasanna GPS agus ceamaraí iar-aga ann.
Bhí lá amháin sa bhreis agam aga baile san árasán i mBaile Átha Cliath le hOisín McAuley.
Tá sé chomh beo agus mórthimpeall orm aga baile nach chím aon difríocht idir an dá shórt rud.
Thug sé an ceol iontach seo dúinn, na hamhráin ar fad a bhí aga baile agus ceol ó Shasana, ceol ó Mheiriceá.
“Táim chun mí an Mheithimh a chaitheamh aga baile i nDún Chaoin agus déanfaidh mé cúpla ceolchoirm i séipéal Naomh Séamas sa Daingean, i dteannta Gerry O’Beirne agus cúpla ceoltóir eile.
Is breá liom bheith aga baile, is breá liom bheith ag canadh agus ag seinnt in Éirinn.
Táim ag súil leis an samhradh, mar sin, mar beidh ana-chuid ama aga baile agam.”
Ceaptar go dtabharfar aga do lucht gnó le hullmhú do na srianta breise sula gcuirfear i bhfeidhm iad agus gur Dé Céadaoin nó Déardaoin a thiocfaidh na srianta i bhfeidhm.
Tugann sé ar aistir aisteacha an duine nuair is mó nach bhfuiltear ag súil leis agus bhí fuílleach aga inné againn chun ligint don aigne dul ag fánaíocht.
Joe Hassett a thóg amach mé is bhíos chomh mór i mo staic ag an sceon gur thug sé go tigh Downey mé is cuireadh dhá leathghloine is dhá phiúnt siar orm sula raibh aga agam ‘sea’ a rá.
Tá cuid mhaith des na tuairimí fuascailte seo cloiste cheana againn agus cé gur minic gur leasc le Cumann Lúithchleas Gael mórathruithe a dhéanamh in aon rabharta amháin, b’fhéidir go mbeadh an fonn orthu tabhairt faoi na leasuithe seo an chéad bhabhta eile a bheidh aga acu a leithéid a dhéanamh.
Arís, tá sé mar bhunaidhm ag moltaí Duffy, breis aga a thabhairt don bhfochumann agus don imreoir a bheireann a dhúthracht don gclub agus, go deimhin féin, tá sé ráite go neamhbhalbh ins an cháispéis a eisíodh inné ná féadfar glacadh beag ná mór le haon leagan amach a d’fhágfadh go mbeadh sé níos deacra cluichí club a imirt.
Nuair a labhair sé leis an Saol ó Dheas ó Lekeitio i dTír na mBascach an tseachtain seo caite bhí ‘tarraing a bhastairt!’ tugtha leis ag Hansard ó achainíocha, mallachtaí agus bagairtí Bhreandáin Uí Bheaglaoich, ach nuair a bhíodar buailte le cé ag Castro Urdiales inné, bhí aga acu beirt leagan an-bhreá ‘d’Óró mo Bháidín’ a thabhairt uathu.
Ach óm’ thaobhsa de, tar éis aga fhada ‘amuigh’ agus ‘im’ thost’ a tháinig an inspioráid chun an dán a scríobh ó chaint a thug seandálaí ag Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach i dtosach na nóchaidí-ní raibh aon chuimhneamh fén spéir agam, ag an am, go mbeadh spéis fé leith ag daoine ann chun a n-úsáid féin a bhaint as.
Is é sin go dtagann Goody Glover trí anfhorlann ama, trí chéasadh gallda a haimsire féin, agus trí éagóracha dochuimsithe le linn aga áirithe i stair Mheiriceá – ‘tráth’ a d’fhág a lorg ar ar tharla di i gcaitheamh a saoil mar imirceach.
Ná tabhair aga dhon dtonn briseadh nó beidh do naomhóig ina cipineach istigh ar a’ gcladach.’ Dheré, nár gheall le loig an fharraige sall i dtreo ché Bhaile a’ Chalaidh, nó, ‘Bala Chala,’ d’fhonn an chirt a thabhairt do mar labhraid daoine, sa chaint dóibh fén mbaile úd fé bhun chaladh na bhfaoileann, nó mar a gcacann an fhaoileann, ag brath ar pé leagan den eipeagram áirithe sin a bheadh cloiste agat.
A scrogall is a ceann sínte chomh fada is a bhí iontu sa chlabadh di, gan aga á thabhairt aici di féin a cír a chogaint, ag slogadh an fhéir fé mar a bheadh na madraí curtha léi.
Is éard a chiallaíonn sé seo, gan dabht, ná go bhfoilsítear agallamh leis an imreoir i ngach nuachtán agus gach ardán cumarsáide an lá dár gcionn toisc, ar chuma tréad caorach, go bhfreastalaíonn iriseoirí CLG ar an bpreas-ócáid chéanna mar gurb é an t-aon aga a bheidh acu é labhairt le himreoirí idirchontae.
B’fhéidir leis an ré nua seo nuair ná fuil mórán imreoirí, ar nós Jonathan Glynn, ag labhairt go hoscailte agus gan cur i gcéill, go bhfaighimis go léir i gCumann Lúthchleas Gael aga anáil a tharrac agus breith fuarchúiseach a thabhairt anois ar cá bhfuil ár dtriall.
Tá aga agus deis ag an lánúin anois breathnú ar a bhfuil bainte amach acu agus curtha i gcrích acu le chéile, an chlann á tógáil de réir a chéile acu ach na híobairtí riachtanacha déanta.
[...] dar linn gur le pobal gan aitheantas gan ceartas a bhain Seán Ó Ríordáin le ceart, pobal a rabhthas ní hamháin á thréigean ach a rabhthas ar a thí, pobal nár thúisce téarnaithe ó ionramh coilíneach amháin é ná é ag rith isteach sa dara ceann, pobal a bhronn féiniúlacht ar an stát ach ar deineadh coilíneacht inmheánach de i gceann aga is aimsire.
Dá mbeinnse chun agallamh a chur ort amárach, seans maith gur mhaith leat tuairim a bheith agat roimh ré cad iad na ceisteanna atá le cur agam ort i dtreo is go mbeadh aga agat ar chúpla freagra a ullmhú.
Fág lucht leabhar a léamh as an áireamh, is ilmhinic a iarrtar ar pholaiteoirí leabhair a mholadh, é sin, nó fiafraítear díobh cad é an leabhar (ar éigean, na leabhair) a bhéarfaidh siad leo ar an gcaolsheans go dtarlódh go dtiocfadh sé de chor sa tsaol go mb’fhéidir go mbeadh caoi nó aga nó uain nó cothrom acu beagán éigin de shmut de ruainne de luid de ghiota de shláimín de bhior iongan de dhreancaide de smaoineamh a bheith acu.
Thaibhsigh domsa gurb é Cú Chulainn agus Loeg, a charbadóir, a bhí sa charbad, agus gurb iad an Dubh Sainglenn agus an Liath Macha a bhí cuingithe de.’ ‘An gcreideann tú i nDia feasta, a Loegaire,’ arsa Pádraig, ‘ó tháinig Cú Chulainn chun agallaimh leat?’ ‘Más é Cú Chulainn a chonac, dar liom gur ghearr an aga a chaith sé ag agallamh liom,’ arsa Loegaire.
Ní bheadh aga agam trácht san ghiorracht aimsire atá ar fáil chuige ar a thuilleadh de véarsaíocht Uí Bhraonáin, na dánta a chuireann síos ar a easláinte (29) nó an aithrí aige ag lorg maithiúnais ó Dhia dá pheacaí (36).
Níl uain ná aga agam mórán a rá faoi na haistriúcháin eile aige ón bhFraincis, go háirithe a chuid leaganacha d’fhilíocht chlasaiceach na tíre sin, agus fabhalscéalta La Fontaine ar gaisce ar leith iad a dheacra is atá; ná, go deimhin a leagan de scéalta Drago Jancar ón tSlóivéinis, údar eile ná beadh léite againn murach Breandán.
Agus tugann an léamh sin aga dúinn radharc níos iomláine a fháil ar stair dhéanach an Phlainéid Bhaile, gan trácht ar amhras a chaitheamh ar chuid de na foinsí is mó ar cuireadh muinín iontu maidir le stair na cine sarar tosaíodh ar a scaipeadh ar fud Bhealach na Bó Finne.
Ach mo chreach, nuair a bhí súil againn go nglaofaí orainn, sé an scéal a fuair sinn go gcaithfí gach uile fhocal den chlár a scríobh amach sula nglacfadh na daoine atá os cionn an eidifón craolacháin in Áth Luain, ní raibh aga againn ar sin a dhéanamh agus thit an ghnó.
Trí dhuine déag go bhfuil aistí sa chnuasach seo acu, agus post ar leibhéal ollscoile ag gach duine díobh; a thuilleadh díobh atá ag saothrú an léinn Ghaelaigh sna hollscoileanna ná raibh caoi ná aga acu ar bheith sa chomhluadar.’ Sa Bhuiríos Bheag, gar d'Áth na nUrlainn, Co.
Bhí an tinneas tar éis Dhiarmada i gcónaí ina chléibh, ach bhí cneasú déanta air thar goir, agus fós níor mhinic aga aige chun cuimhnithe ar chailín an tsrutháin, cé go gcastaí uaireanta ar chéile iad agus go mbeannaídís dá chéile.
Ní foláir nó rith sé leis an Taoiseach gur furasta a bheith ag caint agus gur ar éigean go mbeadh aga ag aon duine a bheith ina ‘creator in a moment of history’ agus é clipthe ag daoine ag caint faoi easpa ban i measc a airí stáit agus cheapadh breithiúna.
Is fíor go bhfuil cuid mhaith de bholadh an rachmais ag baint leis an rásaíocht ar an talamh réidh i gcónaí – ba chapaill le hilchuideachtaí John Magnier/Michael Tabor/Derrick Smith leath na gcapall a bhuaigh an Derby le deich mbliana agus ba leis an Aga Khan, le Khalid Abdullah agus le Prionsa Haya na hIordáine an chuid eile.
Rud eile de, is tábhachtaí liomsa anois go mbeadh aga agam le caitheamh ar an leabhrán pinn seo, nó bheith ‘istigh liom féin’, ná bheith ag déanamh cruatain ar mhaithe le ciliméadar fánach.
B’fhánach an gnó é leanúint leis an gcomhaireamh: ealta mhór eile ó Chill Chuimín, agus ealta eile i gceann aga ó Thír na bPoll nó ó Abhainn na mBlátha; iad ag teacht ina mórshluaite faoi dhéin na gcrann mar a gcaitheann siad an oíche.
I gceann aga eile, leathnaíonn Maigh Mhór na hÉireann os ár gcomhair amach, chomh fada soir le sléibhte Chill Mhantáin agus siar go Sliabh Bladhma, agus bánta míne réidhe ag síneadh go himeall na spéire.
Ait go leor, bíodh gur chreid na húdaráis Fhrancacha go rinne táilliúirí agus gréasaithe saighdiúirí dona (toisc go mbídís ina suí agus iad ag obair), earcáileadh roinnt Áth Cliathaigh aga raibh na slite beatha sin acu.
Sara raibh aga agam ar mhachnamh a dhéanamh ar a raibh tite amach, rug tonn bháite orm agus scuabadh chun siúil arís mé, an trá ag éirí dorcha in imigéin; síos liom, síos, síos go grinneall na farraige duibhe.