#1027093
Agus rud eile – dar leis an gcomhnascadh tá suas le 300 tonna méadrach meala á tháirgeadh in Éirinn in aghaidh na bliana agus deir an Phríomh-Oifig Staidrimh go n-allmhairítear beagnach 2,000 tonna gach bliain.
Agus rud eile – dar leis an gcomhnascadh tá suas le 300 tonna méadrach meala á tháirgeadh in Éirinn in aghaidh na bliana agus deir an Phríomh-Oifig Staidrimh go n-allmhairítear beagnach 2,000 tonna gach bliain.
Tá Roinn na Gaeltachta agus an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag obair as lámha a chéile le tamall chun sonraí daonáirimh a bhaineann go sonrach leis na Limistéir Pleanála Teanga a chur ar fáil.
Tá laghdú tagtha ar líon na ndaoine a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu sa Stát de réir na bhfigiúirí ó Dhaonáireamh 2016 a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar maidin.
Thug urlabhraí de chuid na heagraíochta le fios do Tuairisc.ie go ndeachaigh baill Misneach isteach sna hoifigí agus é ar intinn acu “seilbh a ghlacadh” orthu mar agóid i gcoinne pholasaí teanga an Stáit agus chun aird a tharraingt ar na figiúirí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an tseachtain seo caite a léiríonn go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht.
Tá líon na ndaoine óga, idir 18 agus 30 bliain d’aois, atá ina gcónaí i gcontaetha Gaeltachta na hÉireann tite go mór le cúig bliana anuas, de réir staitisticí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu.
Tháinig titim 10.7% ar an líon cuairteoirí a tháinig chun na tíre seo ón mBreatain idir Feabhra agus Aibreán na bliana seo. An Phríomh-Oifig Staidrimh a thug an méid seo le fios inniu.
Léiríonn figiúirí ó Dhaonáireamh 2016 a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu go raibh beagnach 7,000 duine ag codladh amuigh nó ag fanacht i gcóiríocht do dhaoine gan dídean oíche an daonáirimh.
De réir tuarascáil nua a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu faoi chainteoirí Gaeilge na hÉireann, is é Leitir Ceanainn an baile, ina bhfuil an daonra os cionn 10,000, is láidre ó thaobh labhairt na Gaeilge sa Stát.
De réir an eolais a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu, is é Leitir Ceanainn i nDún na nGall an baile mór is láidre ó thaobh labhairt na Gaeilge sa tír lasmuigh den Ghaeltacht agus is é Mín Lárach i nDún na nGall an baile Gaeltachta is láidre sa tír.
De réir na tuarascála nua a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu faoi chainteoirí Gaeilge na hÉireann, tá 2.9% de mhuintir Leitir Ceanainn ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, rud a fhágann chun tosaigh ar Bhré (1.5%) agus ar Shord (1.3%), atá sa dara agus sa tríú háit.
Is é an sainmhíniú ar ‘baile’ a d’úsáid an Phríomh-Oifig Staidrimh i gcás Dhaonáireamh 2016 ná; áit ina raibh ar a laghad caoga áras cónaithe ann agus daoine ina gcónaí iontu; gan níos mó ná céad méadar idir aon áras agus an ceann is gaire dó; agus siopa, scoil nó comhartha sóirt eile d’ionad uirbeach le feiceáil ann.
Ina dhiaidh sin féin, léiríonn an fhaisnéis shochtheangeolaíoch is deireanaí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh go bhfuil cúngú an phobail Ghaelaigh i gCatagóirí A agus B ag titim amach ag an ráta céanna is a tháinig chun solais sa SCT agus sa Nuashonrú ar an Staidéar sin.
Léirigh staitisticí Dhaonáireamh 2011 go raibh méadú 7 faoin gcéad ón daonáireamh roimhe sin ar líon na ndaoine sa tír a dúirt go raibh Gaeilge acu, méadú 7 faoin gcéad ar líon na ndaoine a dúirt gur úsáid siad an teanga go laethúil lasmuigh den chóras oideachais, agus méadú 3 faoin gcéad ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a dúirt gur úsáid siad an teanga go laethúil, lasmuigh den chóras oideachais (An Phríomh-Oifig Staidrimh 2012).
Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta gur seandeacrachtaí “teicniúla” maidir leis an síneadh fada a “ionchur go héifeachtach agus go héifeachtúil i dtimpeallacht ríomhaire” is cúis le Seán a bheith ina Sean i liostaí ainmneacha a fhoilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh.
Dúirt an Phríomh-Oifig Staidrimh gur tógadh os cionn 3,500 teach nua sa tír sa chéad ráithe den bhliain seo. Sin ardú 27% ón tráth céanna anuraidh.
Tá imní le tamall go bhféadfadh cúlú eacnamaíochta eile tarlú mar gheall ar an ardú atá tagtha ar phraghsanna tithe. Thug an Phríomh-Oifig Staidrimh le fios an tseachtain seo caite gur ardaigh an praghas 13% sa bhliain go dtí deireadh an Aibreáin.
Cheap gníomhaithe teanga gur cheart Teilifís na Gaeltachta a bhaisteadh air mar gur seirbhís é a bheadh ag díriú go príomha ar na 61,035 cainteoir Gaeilge a bhí ina gcónaí sna ceantracha Gaeltachta ag an am de réir Daonáireamh 1996 (An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2014).
Tugadh le fios sa Dáil anuraidh gur seandeacrachtaí “teicniúla” maidir leis an síneadh fada a “ionchur go héifeachtach agus go héifeachtúil i dtimpeallacht ríomhaire” ba chúis le Seán a bheith ina Sean agus Órla a bheith ina hOrla sna liostaí ainmneacha a fhoilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana d’fhiosraigh Oifig an Choimisinéara Teanga gearán anuraidh mar gheall ar ábhar i mBéarla amháin a scaip an Phríomh-Oifig Staidrimh sa Ghaeltacht, ábhar a bhain le suirbhé mór.
Má tá an Phríomh-Oifig Staidrimh meáite ar an gceist seo i bhformáid den chineál céanna a choinneáil, tá sé riachtanach ar a laghad go ndéanfaí í a leasú ar mhaithe lena soiléiriú.
Rinneadh tástáil ar cheist ar leith faoin nGaeilge mar phríomhtheanga an teaghlaigh i suirbhé píolótach a reáchtáil an Phríomh-Oifig Staidrimh anuraidh ach cinneadh nach mbeadh sé cuí an cheist a chur san áireamh sa daonáireamh féin de bharr a laghad daoine a dúirt gurbh í an Ghaeilge teanga an tí acu.
Thug an Phríomh-Oifig Staidrimh le fios go mbeidís “breá sásta oibriú as lámh a chéile le Tuismitheoirí na Gaeltachta” chun sonraí nua a chur ar fáil faoi theaghlaigh “ina dtugann idir thuismitheoirí agus pháistí le fios ar a bhfoirmeacha daonáirimh go labhraíonn siad Gaeilge”.
Táthar le cur leis an gceist faoi labhairt na Gaeilge sa chéad daonáireamh eile a reáchtáilfear i gceann dhá bhliain. D'fhógair an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu go gcuirfear ceist ar dhaoine den chéad uair riamh faoina gcumas sa Ghaeilge sa chéad daonáireamh eile. "Má tá Gaeilge agat, cé chomh maith is a labhraíonn tú í?" an cheist a chuirfear.
Tá níos mó cainteoirí Gaeilge, a labhraíonn an teanga go laethúil lasmuigh den chóras oideachais, ag cur fúthu san ardchathair ná in aon áit eile sna 26 contae — 14,903 duine nó díreach os cionn 20% de chainteoirí laethúla uile na teanga (An Phríomh-Oifig Staidrimh 2017).
Bunaítear an chatagóiriú seo ar bhunachar sonraí ón Daonáireamh (Small Area Population Statistics SAPS: An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2012) agus ar shonraí dhaltaí ón Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) (Primary Online Database POD).
Deir an Phríomh-Oifig Staidrimh go bhfuil 283,037 duine ag fáil an liúntais €350 sa tseachtain atá tugtha isteach ag an Rialtas do dhaoine atá dífhosthaithe mar gheall ar an ráig den ghalar Covid-19. De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá 207,200 duine eile ag fáil íocaíocht dífhostaíochta nach mbaineann leis an ngéarchéim sláinte.
Léirigh tuairisc bhliantúil an Phríomh-Oifig Staidrimh go ndeachaigh Éireannaigh ar 8.81 milliún turas thar lear anuraidh (méadú 6.5 faoin gcéad ar na turais thar lear in 2018) agus gur mhair gach turas ar an meán seacht n-oíche.
Níl mórán plé déanta fós ar chuid de na gnéithe atá faoi chaibidil i gcur síos suimiúil ar thionchar an víreas ar shaol na tíre a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh Dé Céadaoin.
I dtuarascáil a chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh amach anuraidh tugadh le fios gur beag athrú atá tagtha ar chás na teanga ó deineadh an daonáireamh in 2016, a léirigh go raibh laghdú 11% tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht.
Tá an méid daoine a mbíonn teagmháil ag duine a bhfuil an coróinvíreas tolgtha aige leo ardaithe ó níos lú ná triúr sa mBealtaine go dtí níos mó ná seisear an tseachtain dar críoch an 14 Lúnasa, de réir eolas a chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh ar fáil.
Rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh i gcomhar le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann agus soláthraí seirbhísí eile staidéar ar chomh cóngarach nó chomh fada ar shiúil agus atá daoine ó ghnáth sheirbhísí laethúla ar nós scoltacha, otharlanna, stáisiún dóiteáin, stáisiúin Gardaí agus seirbhísí iompar.
Dúirt Ó Domhnaill go léiríonn cás an Phríomh-Oifig Staidrimh arís eile an tabhacht atá le Acht na dTeangacha a leasú “chun dualgas díreach a leagan ar chomhlachtaí poiblí go gcaithfidh siad a bheith in ann déileáil le síntí fada”.
Anois, tá sé fíor go bhfuil níos mó fear ná mná ina n-ollúna nó ina léachtóirí ag an tríú leibhéal sa lá atá inniu ann (An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2017, -4.7), agus dá bharr sin is dócha go mbeadh níos mó tagairtí d'ollúna fireanna ná baineanna in aon chorpas traenála.
Tá Dún na nGall i measc na gcontaetha is mó sa tír atá ag brath ar ola mar phríomh fhoinse breosla i dtithe cónaithe faoi láthair, de réir staidéir de chuid an Phríomh Oifig Staidrimh.
Is i gceantar Eircode Leitir Ceanainn is daoire i nDún na nGall, atá luach tithe cónaithe i láthair na huaire do réir suirbhé ar luach tithe cónaithe atá déanta ag an Phríomh Oifig Staidrimh.
Íocaíocht Tá Ceantar Bardais Charn Domhnaigh i measc na gceantracha bardais sa tír a dtáinig an laghdú is mó ar dhaoine a fuair íocaíocht Covid-19 an rialtais, de réir figiúirí atá foilsithe ag an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu.
De réir eolais atá foilsithe ag an Phríomh Oifig Staidrimh inniu, is i dtoghcheantar na nGleanntach atá an líon is airde do dhaoine sa Chondae a bhfuil an vacsaín in éadan an víris Covid19 faighte acu.
Thug an Phríomh-Oifig Staidrimh le fios, áfach, nach féidir an fhaisnéis a bhainean le glaonna éigeandála 999 a chuir na Gardaí ar ceal, nach féidir an fhaisnéis sin a mheas i gceart fós.
Tá an feabhsú eacnamaíochta soiléir, ach tá scata mór daoine sa tír nár bhain tairbhe ar bith as an bhfeabhas Díol gluaisteán – má tá folláine eacnamúil á meá, is deacair teacht ar shlat tomhais níos simplí ná an cuntas ar chéadchlárú gluaisteán a eisíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (www.cso.ie) gach mí.
Foinse- An Phríomh-Oifig Staidrimh B’ionann an ráta coiriúlachta sa suirbhé sin agus líon na gcoireanna in aghaidh gach 100 duine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar.
Rinne Tuismitheoirí na Gaeltachta teagmháil leis an Phríomh-Oifig Staidrimh lena ‘díomá’ a léiriú faoin scéala nach mbeadh ceist faoin nGaeilge sa teaghlach san áireamh sa chéad daonáireamh eile.
Méadú ar líon na mban dífhostaithe Tá méadú mór tagtha ar líon na mban atá dífhostaithe in imeacht trí mhí i gcontaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo de réir fhigiúirí an Phríomh-Oifig Staidrimh. Tháinig ardú 3.4% ar an bhfigiúr iomlán a bhí dífhostaithe ó mhí Aibreáin go mí an Mheithimh i gContae na Gaillimhe.
Gadaíocht i nDún na nGall Bhí 215 eachtra gadaíochta i limistéar Gardaí Dhún na nGall, san chéad trí mhí den bhliain seo do réir figiúirí coiriúlachta atá eisithe ag an Phríomh-Oifig Staidrimh mórán mar an gcéanna leis an tréimhse ceanna anuraidh mar a bhí 225 eachtra gadaíochta sa tréimhse céanna .
An Daingean Tuairiscitear go bhfuil daoine airithe sa Daingean ana-mhíshásta toisc go bhfuil an Phríomh-Oifig Staidrimh ag usaid an ainm "An Daingean" mar ainm don mbaile ar fhoirmeacha daonáirimh na bliana seo. I 2011 dhein an tAire Comhaoil ag an am, Phil Hogan, leasú ar reachtaíocht a cheadaigh an t-ainm dátheangach, Dingle/Daingean Ui Chuis a thabhairt ar an mbaile.
Bochtaineacht Léiríonn staidéar de chuid an Phríomh-Oifig Staidrimh go bhfuil mó bochtaineachta i gceantar na teorann ná aon cheantar eile sa tír.
Rátaí fuinnimh Ba foirgneamh tráchtála amháin i nDún na nGall a fuair rátáil fuinnimh A, as na foirgnimh thráchtála a tógadh sa chontae idir 2015-2019, do réir an Phríomh Oifig Staidrimh.
Buirgléíreacht i nDún na nGall Dé réir an eolais atá foilsithe an tseachtain seo ag an Phríomh-Oifig Staidrimh d'éirigh leis na Gardaí toradh a fháil ar 19% d'eachtraí buirgléireachta anuraidh i réigiúin Gardaí an tuaiscirt, Dún na nGall san aireamh.
Coireanna i nDun na nGall B'iad coireanna maidir le mí-iompar phoiblí a ba mhó a tharla i gceantar Gardaí Dhún na nGall san tríú ráithe den bhliain seo, do réir an eolais atá foilsithe ag an Phríomh Oifig Staidrimh.
Úsáid uisce Bhain tithe i nDún na nGall úsáid as ar an mheán 312 líotar uisce sa lá le linn 2017, de réir an eolais atá curtha ar fáil le gairid ag an Phríomh-Oifig Staidrimh.
Tithíocht Díoladh 61 teach cónaithe i gContae Dhún na nGall le linn Mí na Bealtaine i mbliana, de réir eolais a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh le gairid.