#1397698
B’fhéidir go bhfuil sé ró-uaillmhianach a bheith ag súil go n-athrófar an dearcadh seo laistigh de bhliain acadúil amháin, go bhféadfar cultúr na smaointeoireachta seo a athmhúnlú agus súil ghéar chriticiúil a mhealladh ina áit; ach fiú má tá, caithfear teacht ar mhodh feiliúnach agus praiticiúil aiseolais don bhliain atá amach rompu chun na mic léinn a chumasú tabhairt faoin bpáirtíocht chriticiúil, go háirithe agus iad mar rannpháirtithe na foghlama ‘neamhthraidisiúnta’ (Haggis, 2006).