#509997
Tá aithne ag an saol mór ar Frankfurt ós rud é gurb ann atá an Banc Ceannais Eorpach lonnaithe ach tá i bhfad níos mó ná sin inti.
Tá aithne ag an saol mór ar Frankfurt ós rud é gurb ann atá an Banc Ceannais Eorpach lonnaithe ach tá i bhfad níos mó ná sin inti.
Bhain na bainc leas gan chiall as mífhreagracht agus faillí na n-údarás – an Roinn Airgeadais, an Banc Ceannais agus an Rialaitheoir Airgeadais.
Dúirt an Banc Ceannais go raibh siad ag obair ar bhealaí a dhéanfadh níos éasca é do chustaiméirí athrú ó chomhlacht iasachta amháin go ceann eile.
Ghearr an Banc Ceannais inniu an fás eacnamaíochta a bhí á thuar aige d'Éirinn, don chuid eile de 2016 agus do 2017, de bharr an tionchar a bheidh ag Brexit anseo.
Nior cheart don rialtas, a deir an Banc Ceannais, bheith ar brath ar an gcineál seo cánacha.
Is iad seo a leanas institiúidí an Aontais: an Pharlaimint, an Chomhairle Eorpach, an Coimisiún Eorpach, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach, agus an Chúirt Iniúchóirí.
Bhí an rialtas ciontach, na státseirbhísigh, na meáin chumarsáide, Alan Greenspan, sinn go léir, an Banc Ceannais Eorpach agus an tAontas Eorpach.
Tá an Banc Ceannais le deireadh a chur leis an uasteorainn de €222,000 ar iasachtaí morgáiste do dhaoine atá ag ceannach tí den chéad uair agus a bhfuil éarlais 10% acu.
Rialaigh an Banc Ceannais gur sháraigh an Comhar Creidmheasa na rialacha thar thréimhse cúig bliana go leith.
Tá an Banc Ceannais ag cur crua ar institiúidí a dteipeann orthu cloí le dálaí na reachtaíochta a tugadh isteach beagnach sé bliana ó shin.
Dúirt an Banc Ceannais gur cúis imní dóibh gur sháraigh comhar creidmheasa chomh mór leo bunrialacha ar feadh chomh fada sin.
D’fhógair Banc Ceannais Mheicsiceo go mbeadh preasócáid ar maidin acu toisc an Peso a bheith tite níos ísle ná aon uair eile roimhe seo.
Fiú má theipeann ar bhainc san Iodáil, ba chóir go mbeadh Banc Ceannais na hEorpa ábalta an euro a chosaint, dá ainneoin.
Ní ghlacfadh Banc Ceannais na hEorpa le haon chaint faoi “roinnt an ualaigh” ná le haon bhagairt fiacha na mbanc a athstruchtúrú gan bhuíochas do thuairim na hEorpa.
Gan an t-airgead atá á chur ar fáil ag Banc Ceannais na hEorpa, bheadh na bancanna s’againne as gnó ar fad.
Tá Gilmore dóchasach: “Tá cainteanna ar siúl le tamall le Banc Ceannais na hEorpa maidir leis na nótaí gealltanais.
De bhrí nach bhfaca an clár, nílim cinnte ar fad an é an AE a bhí i gceist nó Banc Ceannais na hEorpa nó iad araon.
Bhí sé an-suimiúil nár tháinig an tAontas Eorpach ná an Banc Ceannais Eorpach glan ón tuarascáil agus boladh cumhra na rós leo, mar a chuirfí é sa Bhéarla.
Is fíor ó thosaigh an ghéarchéim go bhfuil ról i bhfad níos mó ag Banc Ceannais an Aontais atá lonnaithe i Frankfurt.
Bhí an Banc Ceannais Eorpach an-mhór ina fhábhar, go háirithe nuair a bhí Jean-Claude Trichet i gceannas an bhainc, ach ba shoiscéal daingean ag lucht ceannais sa Ghearmáin é.
Deir an Banc Ceannais nach bhfuil Kennedy Kilbride (UK) údaraithe acu mar ghnólacht infheistíochta, mar ghnólacht gnó infheistíochta ná le comhairle infheistíochta a chur ar dhaoine.
D'fhoilsigh an Banc Ceannais figiúirí nua inné a léirigh go bhfuil thart ar 13,000 duine thíos leis de bharr an scannail.
Tá sé i gceist go mbeadh Banc Ceannais na hÉireann chomh maith leis na bainc thráchtála os comhair Choiste Airgeadais an Oireachtais i mí Eanáir seo chugainn.
Tá sé fógartha ag Banc Ceannais na hÉireann nach bhfuil siad le hathrú a dhéanamh ar na príomhshrianta atá ar dhaoine ar mhian leo teach a cheannach.
D’fhoilsigh an Banc Ceannais moltaí Dé Máirt a neartódh rialú na mbanc agus feidhmiú an dlí i gcás mí-iompair.
Tá go maith, ach mhol an Banc Ceannais don rialtas breis agus dhá bhliain ó shin coir dá leithéid, mar a tugadh isteach sa Bhreatain, a thabhairt isteach abhus.
Seoladh ar líne inné An Príomhchlár Creidmheasa, ach ní féidir le Banc Ceannais na hÉireann glacadh le hiarratais i nGaeilge ar an chóras nua go fóill.
Dúirt an Banc Ceannais go bhfuil cuntas acu ar 13,600 custaiméir eile ar bhain forais airgeadais iad de na rátaí a bhí acu ar a morgáistí rianúcháin gan aon chead.
Thug an Banc Ceannais le fios go bhfuil €297 milliún íoctha ar ais le custaiméirí go dtí seo.
Dúirt an Banc Ceannais go mbeidís i bhfabhar aonad ar leith a bhunú mar chuid d'áisíneacht choiriúlachta atá ann cheana féin a d'fhiosródh caimiléireacht san earnáil airgeadais.
Dúirt an Banc Ceannais go gcuideodh a leithéid d'aonad le fiosrúcháin faoi dhaoine a bhíonn i mbun coiriúlachta den chineál seo agus le cásanna dlí a thabhairt ina n-aghaidh.
Deir an Banc Ceannais go dtiocfaidh fás níos mó ná a cheap siad ar dtús faoi gheilleagar na tíre i mbliana.
Ghearr an Banc Ceannais fíneáil €5 milliún ar Bhanc Uladh nuair a tharla fabht i gcóras ríomhaireachta an bhainc sa bhliain 2012.
Tá fineáil €210,000 gearrtha ar Chomhar Creidmheasa Naomh Cainneach i gCill Chainnigh agus tá an Banc Ceannais le iad a rialú.
Bhí Christine Lagarde ag labhairt i mBaile Átha Cliath mar a raibh sí ag freastal ar chomhdháil a d'eagraigh an Ciste i gcomhar le Banc Ceannais na hÉireann.
Ní thagann an Banc Ceannais Eorpach ná an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (an IMF) os comhair na vótóirí uair ar bith.
Tá an cháipéis le cur chuig forais uile an AE, an Banc Ceannais Eorpach san áireamh, agus chuig na 27 ballstát eile.
Dúirt Banc Ceannais Shasana inniu go mbeadh géarchéim eacnamaíocht ann mura ndéanfaí margadh Breatimeachta agus socruithe trádála leis an Aontas Eorpach.
Dúirt Banc Ceannais Shasana inniu go mbeadh géarchéim eacnamaíocht ann mura ndéanfaí margadh Breatimeachta agus socruithe trádála leis an Aontas Eorpach.
Deir Banc Ceannais na hÉireann le Nuacht RTÉ/TG4 gurb ionann é sin agus €7,236 in airgead an lae inniu.
Teipeanna tromchúiseacha a bhí ionta seo dar le Banc Ceannais na hÉireann agus is toisc san go bhfuil an fhíneáil chomh hard.
Tá Banc Ceannais na hÉireann ag cur fainic ar dhaoine gan aon bhaint a bheith acu leis an gcomhlacht airgeadais ón Ungáir EMS.
Is é an Banc Ceannais atá freagrach as an reachtaíocht i dtaobh seirbhísí iasachtaí airgeadais sa tír seo a chur i bhfeidhm.
Tá fainic á cur ag Banc Ceannais na hÉireann go bhféadfadh Breatimeacht gan mhargadh nó Breatimeacht ‘mí-eagraithe’ an fiachas náisiúnta a dhéanamh níos measa.
Rinne an Banc Ceannais achainí arís ar an Rialtas aon ioncam a thiocfaidh ó cháin amhantair i mbliana a chaitheamh ar an bhfiachas náisiúnta a laghdú.
Níos túisce i mbliana, ghearr an Banc Ceannais fíneáil €21m ar Bhanc an Permanent TSB faoi chonspóid na morgáistí rianúcháin.
Deir an Banc Ceannais gur ndearnadh íocaíochtaí le 39,800 custaiméirí faoi dheireadh mí Feabhra agus gur €647m an t-iomlán a íocadh leo faoin am sin.
Seo an tuarascáil deireannach a fhoilseoidh an Banc Ceannais maidir leis an iniúchadh a bhí ar siúl aige faoi mhorgáistí rianúcháin.
D’fhógair Banc Ceannais na hEorpa ag tús na míosa seo caite go raibh siad le hardú 0.25% a chur leis na rátaí úis.
Morgan - ina chathaoirleach ar an mBanc Cúlchiste Feidearálach (banc ceannais nach bhfuil feidearálach ach príobháideach), ghríosaigh sé an Chomhdháil chun Glass-Steagall a aisghairm.