Gaois

Search mode

Filter results

Collections

96 results in 74 documents

  1. #1020822

    In Namia faigheann tú Fianna Gael agus Fine Fáil agus Fianna Leadhb agus Fine Léib agus Party an Luch Oibre agus Muidne Féinig, ach is intinn chaolchúiseach a thiomáinfeadh biorán eatarthu.

    Namia – Alan Titley

  2. #1092098

    Leanann cúpla staidéar eiseamláireach an t-Innéacs cuimsitheach; Traidisiúin faoi Mhuire, An Crann a Chrom; An Gadaí Conáich; agus Biorán do Bhrat Mhuire.

  3. #1313628

    Ní fiú biorán an ceann a rinne Sylvester Stallone ach bhí an dara ceann le Karl Urban ní ba dheise don charachtar bhunaidh.

    Neach santach an phopchultúir – Pól Ó Muirí

  4. #1652825

    Thabharfainn péire glais lámh do Phaul Galvin, biorán réadaithe do fhoireann Dhún na nGall agus dá gcuid bainisteoirí líonmhara agus an ráta íosphá don GPA.

  5. #1704610

    biorán beag a théann leis an Chevalieracht atá inchaite go díscréideach go poiblí nuair a fhágtar an slabhra mór oinigh sa bhaile.

  6. #1704611

    ‘Is iomaí cóisir ardnósach i gCannes ar oscail an biorán sin an doras dom chuici,’ ar seisean, sult an Chiarraígh sheiftiúil á bhaint aige as an scéal.

  7. #1704840

    Maidir le lile an earraigh, braitheann sé an mbíonn biorán nó guma ar a chúl.” Ina dhiaidh sin b’éigean dúinn dul agus Gaeilge cheart a fhoghlaim.

  8. #1806530

    Tá Robert McMillen den bharúil gur chuir toghchán na Mainistreach Iartharaí an biorán suain ann féin agus i mórán daoine eile.

  9. #128127

    Féasóg liath air, anuas lena chliabh clúimh, seanéadach sractha timpeall ar a bhásta agus biorán ancaire á cheangal, gan aon iarann ar na géaga, cosnocht, agus cloigeann mór groí cearnógach ar fad air.

  10. #156216

    Ach ní gnáthdhorú a bhíonn ag mo dheartháir agus é ag dul i mbun a cheirde ach biorán brollaigh a bhaineann sé as barr a sheanbhríste le tumadh i mbabhla an bhord sleasa le hiasc órga a chur i nduán.

  11. #156217

    B’fhéidir go mbainfeadh sin an straois dóibh, dar le mo dheartháir, b’fhéidir gur chóir seasamh ag an bhfuinneog agus an radharc sin a fheiceáil seachas a bheith i ngreim amadáin éigin i gcoinne bhalla lána, nach mór an trua nach beirt bhitseacha seachas éisc órga a shnámhann timpeall an bhabhla ar a ndícheall ag iarraidh an biorán brollaigh a sheachaint sula sáitear sa tsúil iad agus an t-anam bainte astu?

  12. #760718

    Bhí dhá shaghas duine ann, a mheabhraíos, an té a éiríonn amach ar maidin agus an ceann chomh glan le biorán, agus an té nach nglanann ceo na hoíche óna cheann ach diaidh i ndiaidh.

  13. #1013730

    Tugann cinneadh seo an Rialtais le fios go soiléir nach fiú biorán leo an t-eagras féin ná na heagrais eile atá mar chuid de - an Coiste Téarmaíochta agus an Gúm, mar shampla - ná na heagrais a mhaoinítear as a gciste - Gael-Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, srl.

    Feallann an Rialtas ar Fhoras na Gaeilge – Eagarthoir Gaeilge: Pol O Muiri

  14. #1016282

    Is mó leabhar a léigh mé féin ó chlúdach go clúdach sna laethanta órga sin go bhféadfá biorán a chloisint ag titim ar an urlár adhmaid le méid agus le faid an chiúnais.

    Tá cealú toilteanach an díchreidimh faoi bhagairt mhór – Mícheál Ó Ruairc

  15. #1032365

    “Is deacair an tsamhail den Ghaeilgeoir uirbeach cráifeach seanfhaiseanta a dhealú ón bhfáinne, duine a mbeadh an fáinne, biorán Chumann na Réadóirí agus blúire d’ubh na maidne, b’fhéidir, faoina smig.” Molann sí comórtas d’ealaíontóirí le suaitheantas nua a chruthú, “suaitheantas a mbeimis chomh mórálach céanna as is atáimid as na boinn airgid a cheap an coiste a raibh WB Yeats i bhfeighil air 80 bliain ó shin”.

    Bíonn sé deacair ag ciaróg amháin ciaróg eile a aithint – Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge

  16. #1033671

    Glacadh le focail dhúchasacha nó seaniasachtaí Gaelaithe in áit na dtéarmaí nua a cheapadh is gan aon ghá leo: “biorán gruaige” (in áit “ciabhdhealg”), “léas” (“seilbhscríbhinn”), “stáisiún” (“traenphort”), “ainsiléad” (“tuailmheá”), “gúta” (“ailt-thinneas”), “custaiméir” (“gnáthcheannaitheoir”), “simléar” (“deatachán”) agus “traenálaí” (“urghnamhnaí”).

    Focail agus fealsúnacht fhoclóir de Bhaldraithe – Liam Mac Amhlaigh

  17. #1144987

    Bíonn bileog le focail Amhrán na bhFiann i nGaeilge, chomh maith le biorán beag a bhfuil Bratach na hÉireann air, sna pacáistí a bhronntar ar na hiarratasóirí nuair a chláraítear iad lá an tsearmanais.

  18. #1366957

    Ní ólann sé alcól, tá biorán na staonairí ina sheaicéad i gcónaí aige agus ní chaitheann sé tobac.  Níl éirí in airde ná gaisce ag baint leis ar bhealach ar bith.  Tá an-mheas air i gComhairle Chontae na Gaillimhe, rud atá tuillte  go maith aige.

  19. #1682347

    "Maidir le lile na Cásca, braitheann sé an mbíonn biorán nó guma ar a cúl." Nuair a thiocfas an samhradh tabharfaidh sé cur síos ar an mhagairlín meidhreach agus ar an éifeacht a bhí ag an phlanda bhig bhláthaigh sin ar a shaol.

  20. #1959011

    Ach is geall le spaghetti a roiseadh ó chéile le biorán, nó míreanna mearaí as boscaí míle píosa, nó airgead beo a phiocadh suas le cipín aon mheabhair a bhaint as cogadh cathardha na Siria.

    Agus shíl tú go raibh tú go dona as?: Agus ní ghéillim nach bhfuil. – Alan Titley

  21. #500943

    Liricí: Aisling ag Bobby Ar feadh mo shaoil ní raibh uaim ach cneas línte cóc spíd is máirín am chur siar ó dheas fallaí folmha an tí ar cíos de shíor sna creathaibh le tiúnaibh is níl aon ghá le Siún mise a mhúscailt maidin Luain chun na matáin a chur ag gluaiseacht, sa halla le hais an droichid, mo bholg ag obair le biorán is snapchat á sheoladh ar fud na cruinne; ardaíonn mo gha níos airde ná Túr Solais Bhleá Cliath Éire Iath Glas á shárú gan aon diabhal coiscíní má bhainim sprioc sa chéad sheáp ní bhíonn orm aon náire ‘slán agat’ a chailín án is fágaim mar atá sí…

bhí Aisling ag Bobby 
bhí Aisling ag Bobby ach thá ceann ag Dónaillín.

  22. #1179938

    Agus is minic a thóg sé croí duine mhífhortúnaigh an Máistir Cánach seo a fheiceáil agus biorán staonaire in éineacht le Fáinne ór á gcaitheamh aige ar lipéad a chóta Ball den Ghrúpa Tradisiúin Chulturtha é, grúpa a d’imigh ar aghaidh faoi scáth Státrúnaí Brian Mawhinney le Iontaobhas ULTACH a bhunú sa bhliain 1989.

  23. #1013836

    Foclóir na seachtaine seo anchumas - inability; biorán - pin; dílárú - decentralisation; íomhá - image; fáinne fí - vicious circle; feall - treachery; leatromach - unfair; maisiúil - decorative; míol mór - whale; mídhaonlathach - undemocratic; nua-aoiseach - modern; oideas - recipe; scioból – barn

    Focloir – Gan údar