#398305
Tá siopa ilrannach BHS sa Bhreatain le dúnadh agus tá suas le 11,000 post le cailliúint dá bharr.
Dúirt riarthóirí gur theip orthu ceannaitheoir a aimsiú chun BHS a cheannach.
Tá BHS 88 bliain ar an bhfód.
Ní raibh an siopa ilrannach a dhíolann éadaí, bia agus earraí baile in ann coiméad suas le siopaí ilrannach eile ar nós Marks & Spencer agus Amazon a dhíolann earraí ar líne.
Dúnfar an 163 siopa atá ag an gcomhlacht de réir a chéile sna seachtainí atá le teacht.
Tá suas le 11,000 post i mbaol, 8,000 atá fostaithe ag BHS agus 3,000 eile nach bhfuil fostaithe ag BHS ach atá ag obair sna siopaí.