#1887618
Dúirt sé nach gclúdaíonn na hathruithe a d'fhógair an tUachtarán Obama ach 20,000 as an 50,000 Éireannach a deirtear atá i Meiriceá go mídhleathach. Glacadh le rún ón Chomhairleoir Ó Cnáimhsí ag cruinniú den Chomhairle le gairid, go n-iarrfaí ar an Aire Stáit Jimmy Deenihan brú a chur ar an Uachtarán Obama faoiseamh breise a thabhairt do na himiricigh. Deir sé gur mhaith leis go mbeadh faoiseamh a thabhairt do na hÉireannaigh atá i Meiriceá go mídhleathach i gcásanna nuair a tharlaíonn tragóidí nó bás i dteaghlaigh, le go mbeadh ar a gcumas pilleadh ar ais ina bhaile.
Oifig na Roinne Coimirce Sóisialaí
Beidh Garda lonnaithe in Oifig na Roinne Coimirce Sóisialaí i Leitir Ceanainn ón lá inniu ar aghaidh, mar pháirt d'fheachtas na Roinne scrúdú a dhéanamh ar íocaíochtaí leasa shoisialaigh.