#113601
Bhaintí feidhm as cumhracht na túise ón butafumeiro sna meánaoiseanna chun an boladh bréan a bhíodh ag éirí ón bplód oilithreach brocach nach mbíodh deis acu iad féin ná a gcuid éadaí a ní i gceart ar an mbealach fada trasna na hEorpa.
Bhaintí feidhm as cumhracht na túise ón butafumeiro sna meánaoiseanna chun an boladh bréan a bhíodh ag éirí ón bplód oilithreach brocach nach mbíodh deis acu iad féin ná a gcuid éadaí a ní i gceart ar an mbealach fada trasna na hEorpa.
Chuir Mara caife agus uisce sa ghléas, agus chuir sí ar siúl é. Thosaigh an t-uisce ag plobarnach láithreach, agus líon an seomra le cumhracht theolaí an chaife.
Bhog sí timpeall chuig an taobh eile den seastán, go gcuirfeadh sí eagar ar na leabhair ansin, agus b’fhacthas dom go bhféadfainn boige agus cumhracht a coirp a mhothú tríd an dá shraith leabhar a bhí eadrainn.
le halfers agus hickers, buidéil bhriste, tinte beaga/ púcaí toite liatha, is scéalta, finscéalta/ ráflaí laochra sráide, luaithríona, cumhracht pheitril is rubar dóite’ (ST: 34), ach ní fios go díreach cad é a tharla nuair atá púcaí, finscéalta nó ráflaí agus luaithríona i measc fhianaise chrua na coimhlinte.
Níor lúide ach an oiread an áilleacht a bhain le boladh na mbláth ann, le cumhracht na bputhanna gaoithe a shéideadh trí dhuilleoga na gcrann darach, ionas nach dtógfadh éinne ar an díthreabhach mná a rinne cónaí leí féin sa bhothán uaigneach go mbíodh sí i ngrá leis an uaigneas sléibhe agus ag geabaireacht léi féin.
Dhún sé a shúile agus shamhlaigh sé í mar a fheiceadh sé í ar an mbus gach maidin; a leicne dearga, a gruaig dhubh, a béal dearg, a héadaí scoile is a corp futhu, báine a coirp, a cíocha, cíocha an mhúinteora, a lámh leochaileach ar a bhod crua, lámh chailín Sualannaigh, an cailín ón scannán, cosa an chailín, cosa an mhúinteora, a béal, a mbéil, a gcosa, cruas, boige, dorchadas, srianta scaoilte, a gcorp i gcomhriachtain, guthanna binne, amú sna coillte, caola a lámha, cumhracht an chailín, a boige, boige, cruas, dorchadas, solas.
Oíche bhreá bhrothallach gheal, í díreach tagtha ó thaispeántas a thabhairt, a corp ar fad te agus cumhracht croíthe gortha uaithi, bhuaileamar le chéile mar a tharla sa tsráid agus chuamar suas an cnoc ag féachaint ar an ngealach.
Nach bhfuil an manna againn, an manna agus anlann?’ ‘Lán a ladhaire de sheicil dom an lá faoi dheireadh…’ ‘Gaoth fhionnuar an tráthnóna thar loch agus í luchtaithe le cumhracht rósanna Sharan.
B’shin an t-am ab fhiú an tír a fheiceáil; snua agus niamhracht an tsamhraidh ar achan rud, ceol na n-éan i do chluais agus cumhracht na sceiche i do ghaosán.
Labhraíonn sé go díreach le Heaney anseo, fear, a mhaíonn sé, a chaith a shaol ‘a’ togail sonais(ag tógaint sonais as a bheith ag tarrac cumhracht an achaidh agus á scaoileadh, beo aríst, thar dhuilleoga bána na leabhar).
Chuaigh mé suas chuig cailín óg amháin agus shín sí chugam an ciseán - bholaigh mé cumhracht mhilis na mbláthanna ag éirí chugam ach nuair a d'fhéach mé sna súile uirthi le buíochas a ghabháil, bhuel, d'fheicfeá mothúcháin níos mó in aghaidh dhealbh cloiche ná mar a chonaic mé ina haghaidh siúd, a dhá súil ag stánadh tríom amhail is nach raibh mé ann.
Molann an file an gasúr go fisiciúil agus go paiseanta agus tá móitíf na póige agus an choirp fhisicúil mar chuid lárnach de: 'Tá cumhracht id' phóig / Nachar frith fós liom / I bpógaibh na mban / Ná i mbalsam a gcorp' (línte 13-16).
Sa domhan lasmuigh, bhí ealta de ghéanna fiáine ag iníor i bpáirceanna an Choláiste, ansin tháinig agus d’imigh Lá Fhéile Bríde, bhláthaigh lus an chromchinn, d’fheabhsaigh an aimsir agus bhí cumhracht an earraigh san aer.
Nuair a dhóim tarbh ar m’altóir sa ghairdín cúil, tá a fhios agam go bhfuil cumhracht na híobartha sin taitneamhach leis an Tiarna, ach cad é faoi na comharsana anseo i mBaile Átha Cliath 4?
Spreag grianghraf amháin ann an haiku seo: cumhracht an mhóinéir .