Gaois

Search mode

Filter results

Collections

272 results in 225 documents

  1. #364334

    Is deacair acu uilig a chéile a thuiscint, déarfainn, ach is cuma leo fad agus a choinneos Jamie Vardy air ag cur boilg ar an eangach!

  2. #512376

    Coinnigh súil mhaith ar uimhir 15 Ard Mhacha, Ceallaigh Ní Mhealláin, a bhain ceol as an eangach faoi dhó sa bhua leathcheannais.

  3. #756214

    Nuair a bháigh Dermott Connolly an liathróid san eangach ón chic pionóis, ba bhuille tubaisteach a bhí ann do Mhaigh Eo agus bhí an ghaoth sna seoltaí ag na ‘Dubs’.

  4. #909937

    Sheol Neil Gallagher liathróid mhór fhada isteach i dtreo Murphy ar imeall na cearnóige, fuair an lántosaí an ceann is fearr ar Conor McShane agus bháigh sé a iarracht san eangach.

  5. #912619

    Bhí an bhearna laghdaithe acu go dtí aon phointe amháin go luath i ndiaidh an bhrisidh ach bháigh Éamonn McGrath cúl eile san eangach chun farasbarr Aodha Ruadh a mhéadú arís.

  6. #984372

    Na hallaí sin ina mbíodh sé ag bualadh is mó sin duine a gabhadh in eangach iontu.

    Damhan alla – Alan Titley

  7. #994757

    Thug geáitsíocht Paul Durcan idir na cuaillí nuair a stop sé Diarmuid Connolly ag déanamh ar an eangach, ag tréimhse an-chinniúnach sa chluiche, léargas dúinn ar chlisteacht Dhún na nGall.

    Cath ollmhór caide i bPáirc na nGael – Máire Treasa Ní Cheallaigh

  8. #995592

    Sin go dtí go bhfuair an fear ionaid Stephen Joyce, as an Fhairche, an liathróid agus bhuail sé an eangach do Ghaillimh.

    Cathanna sa Hyde – Máire Treasa Ní Cheallaigh

  9. #1002276

    Nó i 1994, nuair a d’aimsigh Alan McLoughlin an eangach, rud a cheannaigh ticéad go Meiriceá don tír ar fad.

    Saol agus spórt – Máire Treasa Ní Cheallaigh

  10. #1003044

    Is leor aon pholl beag amháin in eangach leathan na slándála chun gach seift a chur ó rath.

    Amach romhainn – Alan Titley

  11. #1030504

    Ná ní féidir a áiteamh nach raibh na habacais is déanaí acu, abacais leictreonacha fiú agus iad plugáilte isteach in eangach mhór an áirimh atá ina mogallra ar fud an tsaoil.

    Sumanna, pointí agus scrúdú – Alan Titley

  12. #1049124

    Ach tá Ceirí Ó Laighin beag beann ar an réiteach soilíosach sin, óir siúlann sé isteach go súl oscailte in eangach an ghrá choiscthe.

  13. #1154888

    Droch-chic saor ó chosantóir de chuid Choláiste Bhréanainn a bhronn an deis ar an bhfear as Abhainn an Scáil agus bháigh sé an liathróid san eangach.