#1586791
Tá Aisling ag dul ó neart go neart ina gairm.
Tá Aisling ag dul ó neart go neart ina gairm.
Bhí an Ghaeilge lárnach ina saol agus ina gairm.
Bhí gairm sna meáin uaim ó bhí mé beag.
Is gairm bheatha é, agus admhaíonn sé go bhfuil sé 'gafa' aige.
Tá níos mó múinteoirí sa Dáil anois ná gairm ar bith eile.
"Meastar, de shíor, gur gairm bheatha na mban í an mhúinteoireacht, fiú sna hollscoileanna.
Táthar ann atá tar éis gairm beatha a ghearradh amach as aill an idirlín dóibh féin.
An nuacht, na meáin, gairm agus saothar an iriseora faoin spotsholas anseo.
An nuacht, na meáin, gairm agus saothar an iriseora faoin spotsholas anseo.
Is gairm bheatha bhrabúsach é taithí an úsáideora chomh maith.
Bhí gairm bheatha eile aige chomh maith, mar léiritheoir amharclainne a léirigh saothair ardchaighdeáin.
Tá gairm agam.
Dóibh seo is gairm agus post agus gnó é an spórt.
Rachaidh siad chun na hollscoile; bainfidh siad céimeanna amach; rachaidh siad le gairm chiallmhar inphinsin.
“Polaitíocht, gnéas, gairm áirithe.
“D’fhoghlaim mé go leor le linn na mblianta sin, go raibh ‘gairm’ agam.
Is gairm dom é i ndáiríre, seachas obair.
Ar fheil gairm bheatha an mhúinteora chor ar bith dó?
Uaigneach gairm an cholúnaí.
Ach is gairm í an iriseoireacht anois agus céimeanna agus iarchéimeanna le fáil inti.
Nuair adeirim ‘gradam’, is é ‘airgead’ atá i gceist agam, agus ‘gairm mheasúil’.
Fuair sí gairm chun gnímh an tseachtain dar gcionn.
Ar fhilleadh fhear ionaid na banríona ar Éirinn, cuirtear gairm amach ar thaoisigh Chonnacht.
Mura dtiocfadh gairm an tsagairt agus gairm an úrscéalaí a scaradh óna chéile, bheadh gach saothar ealaíne ina shaothar dírbheathaisnéise agus bheadh eochair gach úrscéil le fáil i sonraí beatha an údair.
Thosnaigh Jack le gairm na rásaíochta capall agus gan é ach ina gharsún óg.
Cén fáth gur amhlaidh an scéal ar fud na tíre, ó thaobh gairm na sagartóireachta de?
Tá dhá dhán ag plé le fíodóreacht a thugann le fios go bhfuil gairm an fhíodóra inchurtha le gairm an spealadóra ach go bhfuil drochbhail ar an bhfíodóir mór toisc é bheith ‘spíonta’, ‘traochta’, ‘balbh’.
Tar éis go mb’éigean d’Alfie éirí as na Bráithre Críostaí de dheasca drochshláinte, d’aimsigh sé gairm eile le Léigiún Mhuire, gairm a thug air teachtaireacht an Léigiúin a leathadh ar fud Mheiriceá Theas.
Cibé gairm a bhí á cleachtadh ag an té a chum an seanfhocal ‘Is binn béal ina thost’, ní raibh aon bhaint aige ná aici le gairm na hiriseoireachta ná le scríobh colún.
Is gairm í a roghnaíonn go leor daoine óga, mé féin ina measc, ar feadh tamaill ghairid, ach níl ach céatadán an-bheag daoine a n-éiríonn leo gairm ré saoil a chruthú dóibh féin i saol an cheoil.
Chomh maith leis sin, dá mbeadh sé dílis dá phatrún, bheadh gairm ag an té sin dár túslitir M freisin.
‘Gairm bheatha a thosaíonn leis an litir M?’ ‘Mairnéalach, maor, máthair ab.
Agus mná áille nach gceannódh an t–ór, agus laoich ag damhsa leo ó mhoch go dubh fad lae is oíche go gairm coileach – tháinig siad uilig agus shuigh siad fán bhord.
Arís eile, thánag faoi anáil na gcainteoirí dúchais, den chuid is mó ar fad, a chuaigh le gairm na craoltóireachta sular bunaíodh Raidió na Gaeltachta.
Tá Uachtarán na Gréige Karolos Papoulias i mbun cainteanna leis na príomhpháirtithe polaitíochta le trí lá ach tá deireadh leis an idirbheartaíocht anois agus tá olltoghchán eile le gairm fé cheann míosa.
Is deas liom, mar sin, mar a bhaineann na hAlbanaigh leas as an fhocal ‘neach’ chun gairm duine a chur in iúl: ‘neach-idirtheangachaidh’ (teangaire) agus, go deimhin, ‘neach-faire’.
Seirbhís den scoth a bheadh faoi scrúdú ag bord agus ombudsman; gairm a mbeadh póilíní mórtasach aisti.
Cá bhfuil an choimhlint sa chloigeann; an t-aighneas aigne, an sciúrsáil as gairm an tsagairt a thréigean, as loiceadh ar a chailín, as léim isteach i leaba fir?
Ní foláir nó is gairm chun gnímh dóibh é mar sin féin; d’fhéadfadh gur bás nó beatha a bheadh mar thoradh air.
Dúirt sé gur “gairm slógaidh” a bhí sna figiúirí atá luaite i bhforógra Fhine Gael maidir le líon na gcainteoirí óga sa Ghaeltacht.
Mar chainteoir Gaeilge, is ‘gairm slógaidh’ iad na figiúirí sin chun an Ghaeilge a chothú agus a athbheochan mar theanga labhartha inár bpobail áitiúla.
Daoine ag teacht agus ag imeacht leo; gairm scoile á cur amach ar an lucht a bhí de dhíth orthu; a bhformhór ag teacht ar rothair, cuid i gcabanna, cuid i ngluaisteáin.
Ba dheacair gairm chun vótála níos fearr a chumadh ná an ceann a chum Dominic Cummings, stiúrthóir cliste an fheachtais i bhfabhar imeacht ón AE.
Is gairm dhian í – níl aon laethanta saoire ar fáil, ná saoire bhreoiteachta, agus déan dearmad ar uaireanta oibre oifige.
Is mar ealaíontóir féinmhúinte a chuir Joan tús lena gairm; ach d’éirigh léi anuraidh Máistreacht a ghnóthú, sna Mínealaíona ó Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha Bhaile Átha Cliath (NCAD).
Gairm chun cogaidh é To Pimp A Butterfly do phobail faoi chois, agus is annamh glaoch chun troda chomh glic fileata funcaí leis.
Sin an fáth a bhfuilim ag gairm ar dhaoine le Gaeilge chun léiriú do Bhanc Uladh go bhfuil rogha Gaeilge á lorg againn agus go bhfuil sé á lorg anois díreach.
Tréimhse chorraitheach gan chinnteacht ag go leor daoine atá sna blianta a leanann an ollscolaíocht, go háirithe mura luíonn an cúrsa a bhí idir lámha agat go díreach le gairm ar leith.
Ba chuma an ceol uirlise nó poirtín béil a bhíodh de bhrabach orthu ach bhí gairm astu i chuile chomhluadar.
Smaoinigh mé láithreach dá mb’fhéidir liom trasphórú idir Murcha agus na lachain chlóis gur gearr go mbeadh glaoch agus gairm i bhfad agus i ngearr ar a stór is a ghin.