#1616782
Dúirt an Ceannfort PSNI Gordon McCalmont gur seo an tríú hoíche a bhí ar an phobal cur suas le neamhord agus scrios.
Dúirt an Ceannfort PSNI Gordon McCalmont gur seo an tríú hoíche a bhí ar an phobal cur suas le neamhord agus scrios.
Deir na mílte ‘influencers’ ar líne go bhfuil neamhord imní orthu, ach an bhfuil sé seo bainteach lena láithreacht ar líne?
Deir an teiripeoir urlabhra Neasa Lehane nár tugadh aitheantas idirnáisiúnta don neamhord go dtí 2017: "Is neamhord é a fhanann faoi cheilt.
Pléann O’Neill le téamaí leithéidí íomhá cholainne, neamhord itheacháin, éigniú agus mí-úsáid ghnéasach ina cuid leabhar.
Is é teagasc na hEaglaise Caitlicí gur “neamhord iontu féin” atá i ngníomhartha homaighnéasacha agus tá an Eaglais i gcoinne daoine aeracha pósadh.
Ar na grúpaí leochaileacha atá luaite sa taighde, tá daoine atá daortha chun na bochtaineachta, daoine gan dídean, oibrithe imirceacha, agus daoine a bhfuil neamhord meabhairshláinte orthu cheana féin.
Neamhord meabhrach ar fhear a mharaigh a thuismitheoirí Dúradh sa bPríomh-Chúirt Choiriúil go raibh neamhord meabhrach ar Julian Cuddihy a mharaigh a thuismitheoirí ina dteach cónaithe i gCo.
Beidh seirbhís á chur ar bun i Sligeach do dhaoine as réigiún an iarthuaiscirt a bhfuil neamhord itheacháin orthu.
Tharla an neamhord i gceantair éagsúla sa chathair, san áireamh, Gairdíní Duncairn, ceantar ''Tigers Bay'' agus Sráid na Banríona Thuaidh.
Tugadh le fios dóibh tar éis dhá thástáil go raibh neamhord géiniteach, a dtugtar Siondróm Edwards nó Trísómacht 18 air, ag dul don leanbh.
Agus Rebecca Price ag súil leis an leanbh, tugadh le fios di gur léirigh dhá thástáil go raibh neamhord géiniteach, a dtugtar Siondróm Edwards air, ag dul don bhuachaill.
Dheimhnigh an tríú tástáil a rinneadh i ndiaidh an ghinmhillte, áfach, nach raibh an neamhord ar an leanbh ar chor ar bith.
Tuairiscítear go bhfuil an neamhord néaróg Siondróm Guillain-Barre tolgtha ag cuid an-bheag daoine tar éis dóibh an vacsaín Janssen in aghaidh Covid-19 a fháil.
Dúradh sa chúirt nach mbeidh aon easontas idir na habhcóidí sa triail faoi fhianaise ó shíciatraithe a deir go raibh neamhord scitseamothachtálach ag gabháil don chúisí nuair a mharaigh sí an fear.
Cuireann an neamhord seo isteach ar fhorás acadúil an duine óig agus áirítear é a bheith ar 7% de leanaí an domhain.
Tá Neamhord Forbartha Teanga ar Robert Mockler atá trí bliana déag d'aois agus a bhfuil cónaí air i dTeach Sagard in iardheisceart Bhaile Átha Cliath.
"Is neamhord é a bhíonn ar dhuine a shaol ar fad," a dúirt a mháthair Brenda linn inniu.
Dá mbeadh tríocha páiste i rang scoile, bheadh an neamhord ar bheirt acu."
Lán béil de bhriathra an méid sin d'aon duine, gan trácht ar an té a bhfuil Neamhord Forbartha Teanga ag gabháil dó.
Dúirt a máthair sa chúirt inniu gur milleadh óige a hiníne de dheasca an dá neamhord, mar atá, narcailéipse agus cataipléis.
Tá tuairiscí ann go raibh neamhord fola an-neamhghnách ag cur as do 30 duine as an gcúig mhilliún ar fad a fuair an vacsaín seo.
Tá tuairiscí ann go raibh neamhord fola an-neamhghnách ag cur as do 30 duine as an gcúig mhilliún ar fad a fuair an vacsaín seo.
Dúirt an Dr Murphy freisin gur chreid dochtúirí go raibh neamhord pearsantachta mothúchánach ar Elaine O'Hara. Labhair Elaine O'Hara ar lámh a chur ina bás féin agus ar fhéinghortú, a dúirt sé, ach ní raibh sí chomh sona riamh is a bhí nuair a d'fhág sí an t-ospidéal i Lúnasa 2012.
Creidtear go bhfuil nasc idir an víreas zika agus líon ard na leanbh atá tagtha ar an saol sa réigiún le roinnt mhíonna anuas a bhfuil an neamhord néareolaíoch microcephaly orthu, a fhágann go bhfuil blaosc an pháiste róbheag le go mbeadh forbairt normálta ar an intinn.
Ach cuma cén méid airgid atá ag tuismitheoirí, má thagann leanbh ar an saol agus microcephaly air – an neamhord néareolaíoch a cheaptar a bhfuil baint ag an víreas zika aige leis – níl leigheas ar fáil.
Agus os cionn cúig mhíle cás microcephaly tagtha chun solais sa Bhrasaíl ó thosaigh an scéin faoin gceangal a cheaptar a bheith idir an neamhord néareolaíoch sin, a fhágann blaosc linbh ró-bheag don inchinn, agus an víreas zika, is furasta a thuiscint go mbeadh an scéal ag dul i bhfeidhm fiú ar phobal a bhfuil seantaithí acu ar ghalair thrópaiceacha.
Bíonn sé in úsáid mar chúram leighis ag daoine a bhfuil ísle brí an gheimhridh nó ‘SAD’ (Seasonal Disaffected Disorder) orthu, neamhord a thagann ar dhuine as gach triúr in Éirinn de thairbhe a laghad solais ón ghrian a fhaigheann muid le linn an gheimhridh.
“Ar leibhéal amháin tá an scéal a bhaineann le heagrú an chomórtha agus na dúshláin atá rompu, ach taobh thiar de sin tá an fíorscéal, is dóigh liom, a phléann le téamaí an-diana a thagann le cogaíocht, mar neamhord struis iarthrámaigh (PTSD) atá ar mo charachtar féin,” arsa Neasa Ní Chuanaigh, stiúrthóir an dráma atá i bpáirt Oifigeach Arm na hÉireann (thuas).
Má tá airc ar leith chun carbaihiodráití ort is féidir go bhfuil baint aige seo le Neamhord Mothachtálach Séasúrach, cineál de dhúlagar geimhridh a bhaineann de suas le 10% den daonra i gceantracha áirithe den domhan.
Pléadh an bhaint idir sláinte intinne agus uirbiú in alt a foilsíodh le déanaí agus, de réir an taighde, ardaítear an baol 39 faoin gcéad i lár na cathrach neamhord giúmair a bheith ar dhaoine.
Anois, ní síceolaí mise, ach chonaic mé go leor fianaise chun an taighde sin a chruthú agus feicim go leor daoine ag siúl thart timpeall na cathrach le neamhord giúmair de chineál éigin orthu.
Mar thoradh ar an míchumas sin bíonn neamhord néareolaíoch a chuireann isteach ar ghnáthfheidhmiú na hinchinne, tionchar a mbíonn a rian le sonrú i réimsí na hidirghníomhaíochta sóisialta agus scileanna cumarsáide ach go háirithe.” Cruthaíonn an t-uathachas deacrachtaí do pháistí agus do dhaoine fásta maidir le gníomhaíochtaí cumarsáide agus spraoi.
“Den chéad uair riamh, deimhníonn sé dúinn go bhfuil tosca géiniteacha ann a bhfuil baint acu leis an neamhord néarógach atá mar eochairchomhartha den uathachas,” a dúirt an Dochtúir Peter Szatmari, taighdeoir atá ina cheann ar an rannóg sin a rinne taighde ar shíciatracht leanaí agus iompraíocht néareolaíocht in Ollscoil McMaster, Ontario, Ceanada, agus a rinne an taighde seo in éineacht le scoláirí eile ó Ollscoil Stanford.
Cibé fáth a bhí ag na daoine sin a thug an drochíde – an t-olc, an tinneas, neamhord síceolaíochta nó an easpa grá agus iad féin ag fás aníos – tá dream eile ann atá freagrach, i bpáirt, as na rudaí uafásacha a tharla.
Samhlaítear drochíde fhisiciúil agus drochíde ghnéis le linn na hóige agus foirmeacha eile den tráma le forbairt na neamhord díthiomsaithe agus pléifear an dán ‘Maithiúnachas’ le Ní Dhomhnaill chomh maith leis an dán ‘An Mhurúch agus an Sagart Paróiste’ sa chomhthéacs sin.
Bhí fianaise cloiste ag an gcúirt ó shíciatraí don chosaint go raibh 3 neamhord ar Alan Cawley ag an am, agus gur laghdaigh siad sin an fhreagracht a bhí aige as a ndearna sé.
Ach má bhreathnaímid ar an drochnuacht ar fad a tharla sa Bhrasaíl le mí anuas, is beag an t-iontas go mbeadh neamhord imní ag cur as do dhuine as gach deichniúr sa tír.
Fágann brúidiúlacht dá samhail a sliocht ar phór comhaimseartha na n-íospartach, mar a léiríodh i gcás shliocht na nArméineach a d’fhulaing ár na dTurcach ag tús an 20ú céad, sliocht na dtruán a tháinig slán as campaí géibhinn an Dara Cogadh Domhanda agus as Léigear Leiníngrad sa tréimhse chéanna, gan trácht ar ard-ráta PTSD nó neamhord struis iarthrámaigh in Uladh na linne seo.
De réir an taighde nua, atá déanta ag Roinn na Síceolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, daoine nach bhfuil a lán féinmhuiníne acu nó a bhfuil buaireamh síceolaíochta éigin ag cur isteach orthu is mó a bhraitheann ar Facebook chun déileáil lena neamhord ceangail.
Cuir sin i gcomparáid leis an lúthchleasaí a insíonn do chuile dhuine go bhfuil a chos briste nó gortaithe aige, ach nach ndéarfadh go brách go raibh sé ag fáil cóir leighis chomh maith le haghaidh neamhord imní.
Dá ngabhfadh duine ar bith ag dochtúir nó ag síceolaí ag rá go raibh brú ollmhór orthu a gcuid meáchain a choinneáil ag leibhéal a bhí mí-nádúrtha dóibh agus go raibh siad ag rith thar timpeall na páirce agus mála dubh orthu, in iarracht tuilleadh allais a shileadh, déarfaí go raibh neamhord itheacháin ag dul dóibh.
“D’fhéadfaí cás a dhéanamh ar son díolúine i gcás páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu atá casta, ar nós míchumas foghlama ginearálta trom, roinnt páistí a bhfuil míchumas foghlama ginearálta meánach acu, agus páistí a bhfuil neamhord trom urlabhra agus teanga acu.
Is cosúil gur fhorbair an phluid thromaithe ó chinn a bhí déanta go speisialta do pháistí beaga a raibh uathachas orthu nó a bhí ag fulaingt leis an ualach sin ar a dtugtar Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde nó ADHD, mar a thugtar go coitianta air. Nuair a cuireadh na páistí sin ina gcodladh faoi phluideanna beaga a raibh meáchain iontu fuarthas amach gur thug siad compord agus suaimhneas ar leith dóibh.
Ach, léirigh an taighde a rinneadh sa staidéar thuasluaite, go bhfuil na haipeanna seo in ann brú intinne a chur ar dhuine, go háirithe más daoine iad a éiríonn ródhírithe ar rudaí, nó má tá neamhord itheacháin ag dul dóibh.
Shílfeá go bhfuil an Ghearmáin tar éis bua 7-1 a fháil ort!’ Dhá mholadh do scríbhneoirí a mbeadh an neamhord éigníoch dúghafach seo ag cur as dóibh féin agus nach mbeadh sé ar intinn acu éirí as: más i nGaeilge a bhíonn tú ag scríobh, bain triail as www.gaois.ie, áit a dtiocfaidh tú ar shamplaí úsáide as foinsí iontaofa amháin, agus má bhíonn tú ag cuardach sna gnáthinnill chuardaigh, cuir uaschamóga dúbalta timpeall ar an bhfrása chun an cuardach a theorannú!
Dúirt Tara Nic Giolla Seannáin sa teachtaireacht a roinn sí ar Twitter go ndeachaigh an eachtra chomh mór sin i bhfeidhm uirthi gur chaill sí cairde, gur stop sí ag seinm agus gur tháinig neamhord struis iarthrámaigh uirthi ina dhiaidh sin.
Bíonn sé ag dul do leanaí ilteangacha ina gcuid teangacha ar fad freisin. Tá Neamhord Forbartha Teanga ar Robert Mockler, dhá bhliain déag, a bhfuil cónaí ar i dTeach Sagard in iardheisceart Bhaile Átha Cliath.
Níor cheart go mbeadh ar pháistí le fadhbanna néareolaíochta, droch chásanna de plúchadh, galair riospráide, agus neamhord cothaithe taisteal go Baile Átha Cliath le comhar leighis a fháil, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.
Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, dúradh go raibh neamhord meabhrach ag gabháil do bhean 53 bliain d'aois nuair a sháigh agus a mharaigh sí fear ina teach cónaithe i mBaile Átha Cliath beagnach trí bliana ó shin.
Deir an Ghníomhaireacht nach bhfuil aon fhaisnéis acu faoi neamhord athlastach croí a bheith ar dhaoine tar éis dóibh teanndáileog a fháil ach go bhfuil siad ag coinneáil súil ghéar ar na fo-iarmhairtí.