#897180
Fiú mura mbeidh Keane ar fáil, ní droch-ionadaí é Donal Vaughan, más é fear Bhaile an Róba a thagann isteach.
Fiú mura mbeidh Keane ar fáil, ní droch-ionadaí é Donal Vaughan, más é fear Bhaile an Róba a thagann isteach.
Bhí an saol athraithe. Chuala muintir Grimes as Baile an Róba go raibh sí á cur ar an margadh arís.
Bhí Lackagh Lady ar a bealach ar ais go Baile an Róba i seilbh an teaghlaigh a raibh sí acu i dtosach agus brabús €14,600 acu ar an díol agus an ceannach.
Bhuaigh an scéal seo Gradam Slógadh sa ghearrscéalaíocht tamall de bhlianta ó shin, nuair a bhí an t-údar óg ina hiníon léinn sa chúigiú bliain i bPobalscoil Bhaile an Róba.
Bhí siad go léir gléasta i róbaí donna ach amháin an t-ab féin, fear mór ramhar i róba buí agus dubh.
Breac-Ghaeltacht ba ea an dúiche thart ar Bhaile an Róba le linn óige Aibhistín agus ba chainteoir dúchais Gaeilge an cailín aimsire a bhí sa teach.
Bhí sé pósta ar Molly Ní Bhrádagh—agus luadh An Cnoc Glas, Baile an Róba, sa bhfógra báis.
Is cuimhin liom agus an sagart ag doirteadh an uisce ar a cloigeann go raibh greim láimhe ag Seoirse orm faoin róba fada baiste.
‘Ní as an áit seo thú?’ arsa fear an róba.
Bhí sé gléasta mar a bheadh manach, ach amháin gur as síoda fíneálta dúdhearg a bhí an aibíd déanta agus bhí for-róba oscailte chorcra anuas air.
Bhí róba seomra fada bánghorm air, agus stríocaí caola bána ann, agus é ceangailte ag an mbásta le trilseán dearg, agus slipéirí ar a throithe.
D’fhiafraigh an fear ramhar sa róba dubh de cá raibh sé ag dul agus cén gnó a bhí aige in Ilminster.
Deargamaidí ab ea é dul sáite san eachtra le John Small agus níl aon údar gearáin ag an bhfear as Baile an Róba.
Bean mhór cholpaí agus brollaigh, i slipéirí agus giobal mór de róba leapa, í leath ina codladh í féin agus bricfeasta caite le chéile aici.
Tá naoi gcinn déag d’amhráin ar fad sa gcnuasach seo, ina measc roinnt a bhfuil aithne mhaith againn orthu, ar nós, ‘Dónal Óg’, ‘Baile an Róba’ agus ‘Caoineadh na dTrí Muire’.
Tá priontaí adhmaid ann ón tréimhse sin ag léiriú Sinterklaas mar dhuine ard agus róba fada air.
Ní raibh róba á chaitheamh ag an strainséir mar a shíl sé ar dtús, ach seaicéad ceangailte lena chromáin a bhí ag crochadh lena shála nach mór.
Tá póca beag d’oirdheisceart Mhaigh Eo, ó dheas de Bhaile an Róba, sa dáilcheantar seo chomh maith.
Tá ceantar thart ar Bhaile an Róba ina bhfuil 5,000 vóta tagtha ar ais sa toghlach ó Ghaillimh Thiar an iarraidh seo.
Buntáiste eile, a deir Patton, nach gá ar Zoom an bréagfholt ná an róba a bhíonn ar abhcóidí de ghnáth a chaitheamh.
As Baile an Róba ó dhúchas, ba é Tomás Ó Máille laoch na deireadh seachtaine ag Comórtas Peile na Gaeltachta 1973 ar an gCeathrú Rua nuair a bhuaigh comhfhoireann Mhaigh Eo.
Bhí ceantar Bhaile an Róba ina chuid de thoghcheantar Mhaigheo, roimhe seo sular cuireadh isteach le toghcheantar Ghaillimh Thiar é san athstuchtúrú a rinne an rialtas.
“Na hamhráin ba choitianta a bhí ar an oileán ag an am sin ná Cuairt Bhaile Nua, Baile an Róba agus Tiocfaidh an Samhradh.
Ní chloistear chomh minic sin anois iad cé gur bhain mé féin Corn Uí Riada amach le Baile an Róba agus Cuairt Bhaile Nua na blianta ina dhiaidh sin.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers inniu go bhfuil sé beartaithe tús a chur le hullmhú pleananna teanga don Chlochán i gConamara agus Baile an Róba Mhaigh Eo.
Cuirfear ciste bliantúil ar fiú €80,000 ar fáil thar thréimhse seacht mbliana chun plean teanga An Chlocháin agus Bhaile an Róba a chur i bhfeidhm ach a mbeidh siad ceadaithe.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers inniu go bhfuil sé beartaithe tús a chur le hullmhú pleananna teanga don Chlochán i gConamara agus Baile an Róba Mhaigh Eo.
Cuirfear ciste bliantúil ar fiú €80,000 ar fáil thar thréimhse seacht mbliana chun plean teanga An Chlocháin agus Bhaile an Róba a chur i bhfeidhm ach a mbeidh siad ceadaithe.
Maraíodh tríocha duine i dtimpistí ar fheirmeacha anuraidh agus páistí ab ea cúigear acu sin. Dáréag páistí atá ag freastal ar Scoil Náisiúnta an Chlocháin atá suite i gceantar mór talmhaíochta idir Tuaim agus Baile an Róba. Tá feirm caorach ar thaobh amháin den scoil agus feirm déiríochta ar an taobh eile.
Cuireadh an tine faoi smacht sular shroich an tine síneadh agus oifigí nua-thógta agus níor gortaíodh duine ar bith sa tine. Tá an-tóir ar tháirgí an chomhlachta i measc feirmeoirí na hÉireann agus níos faide i gcéin mar go n-easportálann McHale go 50 tír eile ar fud na cruinne. Is fostóir an-mhór i mBaile an Róba iad McHale le 270 fostaí sa mhonarcha.
Agus an colún seo á scríobh tá banríon draig ó Bhaile an Róba i Maigh Eo sa bhfichiú áit, leis an gcéatadán céanna vótaí le Mark Zuckerberg agus leithéidí Angela Merkel, Tim Cook agus Joe Biden ina dhiaidh aniar.
Tharraing Iúdás barr a róba thar mhullach a chinn agus d’imigh as amharc sna scáilí ar chúl piléar a bhí sa réamhchúirt.D’éist sé leis na daoine ag allagar ina measc féin, daoine a bhí soineanta agus a chreidfeadh rud ar bith agus a bhí ag scaipeadh ráflaí ó bhéal go béal, ráflaí a bhí á gcraobhscaoileadh ag Scríobhaithe a raibh cos istigh acu agus oifigigh de chuid an tSainidrín.
Bronnadh an bríste agus an róba ar Sheán ag ócáid ina onóir i dteach tábhairne i lár Bhoston go gairid roimh an troid le Green, agus ba é féin a fuair táilliúir chun “Rosmuc” a fhuáil ar an mbásta.
In ainneoin sin, thuairisc nuachtán amháin tar éis na troda go ndearna roinnt sa lucht féachana gáire nuair a bhain Ó Mainnín a róba de agus é istigh sa bhfáinne, de bharr an mheáchain a bhí ar iompar aige.
Ar 18 Deireadh Fómhair rinne trúpaí de chuid an tSaorstáit as Tuaim, an Creagán, Baile Átha an Rí, Gaillimh, Uachtar Ard, Baile an Róba agus Clár Chlainne Mhuiris fáinne timpeall ar Áth Cinn agus Caisleán an Haicéadaigh.
Aistríodh an tAthair Lavelle mar shagart pobail go Conga in 1869, an paróiste ba shaibhre sa deoise de réir na dtuairiscí ag an am, cé gur dheacair é sin a chreidiúint i gcomparáid leis na bailte móra, ar nós Thuama, Caisleán an Bharraigh, Clár Chlainne Mhuiris nó Béal Átha hAmhnais, gan trácht ar Bhaile an Róba in aice láimhe a raibh cáil an tsaibhris riamh air.
Ní fios arbh é an tAthair Pat Lavelle a chuir tús leis ach bhíodh an-chuid cásanna a bhain leis an gceantar ag dul os comhair na cúirte i mBaile an Róba, cásanna a bhain le cúrsaí talún go háirithe.
Bhí socrú déanta le duine a bhí ag obair sa siopa inar ceannaíodh na hearraí i mBaile an Róba, Pat Fahy i dTigh Bhermingham, go gcuirfeadh sé scéala go Tuar Mhic Éadaigh nuair a bheadh na saighdiúirí ag imeacht ón mbaile.
Shocraigh Tom Maguire, O/C ar Chúigiú Briogáid Mhaigh Eo, a bhuíon i dtrí ghrúpa thart ar dhá chéad slat óna chéile: Paddy Maye ó Bhaile an Róba i gceannas ar ghrúpa amháin ag geata Dhroim Bháin; scata faoin cheannas Maguire féin ag oifig an phoist; agus an tríú grúpa faoin Aidiúnach Michael O’Brien.
Bhí sé ar intinn ag Arm na Breataine ruathar a thabhairt trí Chonamara go gairid ina dhiaidh sin, agus dá bharr sin bhí saighdiúirí breise i gCathair na Mart, Baile an Róba, Caisleán an Bharraigh, Clár Chlainne Mhuiris agus i nGaillimh.
Bhí Pádraig Feeney as Baile an Róba ag obair i siopa ar Shráid na Gléibe an mhaidin sin nuair a chuala sé go raibh sé ar intinn ag na póilíní earraí a thabhairt go dtí beairic Pháirc an Doire.
Chomh maith leis na daoine ón taobh eile den loch, ó Bhaile an Róba agus an Éill, a bhí páirteach sa luíochán bhí daoine áitiúla: Martin Conway (Watt), Pat Gibbons (Thady) agus Thomas Lally, a bhí ina sháirsint sna Gardaí Síochána ina dhiaidh sin – deirtear gurbh é a d’iompair Tom Maguire ar a dhroim go Tigh Lally i nDoire Easa.
Maidir leis an dream a thagadh chuig an siopa: Bhí Cummins ag teacht ó Bhaile an Róba le plúr agus min agus málaí móra siúcra agus tae chuile sheachtain chomh maith le John J. O’Malley ó Chathair na Mart.
Bhí cúig nó sé cinn de chruacha móra coirce sa ngairdín ansin; agus na daoine a bhí ag dul an bóthar go Baile an Róba lá arna mhárach chonaic siad na punanna ag éirí leis an méid luchain a bhí sna cruacha.
Shíl mé go raibh an chuid eile de caillte – ach fuair mo chara an tAthair Mac Fhir-Léin cóip de scríofa i lámhscríbhinn in Acadamh Ríoga Éireann agus scríobh mé síos go hiomlán é. Seo é an teideal a bhí air, ‘Aithrí an Sheoigh’ ó Chontae Mhaigh Eo lámh le Baile an Róba.
Bheadh sé beagnach dodhéanta duine áitiúil a thoghadh sa lá atá inniu ann mar go bhfuil taobh amháin den pharóiste istigh le Caisleán an Bharraigh, agus an taobh eile, Partraí, le Baile an Róba.
Níl ag éirí chomh maith leis na monarchana is a bhí, ach is sna ceirdeanna praiticiúla tógála is mó atá na fir óga ag obair, thart sa cheantar agus sna bailte timpeall, Baile an Róba, Caisleán an Bharraigh agus Cathair na Mart.
Tugadh fógra dóibh an mhí seo caite go gcaithfeadh siad an t-uisce a fhliuchadh sula n-ólfadh siad é mar go bhfuarthas an frídín cripteaspóiridiam in uisce a tástáladh ag Ionad Cóireála Uisce Loch Measca. Bhain an fógra le Cathair na Mart, Cnoc Mhuire, Caisleán an Bharraigh, Clár Chlainne Mhuiris, Béal Átha hAmhnais agus Baile an Róba.
I bpobal Bhaile an Róba, a bhí níos gaire fós dóibh, a cuireadh tús leis an gcoincheap a thug an focal Béarla ‘boycott’ don teanga sin nuair a dhiúltaigh oibrithe na háite fómhar na bliana 1880 a bhaint don Chaptaen Charles Boycott, fear gan trua gan taise, a bhí ina ghníomhaire ag an Tiarna Erne.
Dúirt an constábla nach raibh a fhios aige agus dúirt an Seoigheach gur dócha má gabhadh é, gur go beairic Bhaile an Róba a thabharfadh póilíní na Ceapaí Duibhe é. B’ait leis an gConstábla Bryan go mbeadh ainm Mhic Philibín tarraingthe anuas ag an Seoigheach ar chor ar bith agus scríobh sé tuairisc ar an gcomhrá níos deireanaí le tairiscint mar fhianaise.