#1887481
Maoiniú Acadamh na GaeilgeTá €900,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le leanacht lena gcuid oibre sa dá ionad atá acu i gConamara, ar an gCeathrú Rua agus i gCárna, agus san ionad i nGaoth Dobhair.Deir an tAire Stáit go gcuireann an tAcadamh go mór leis na deiseanna oideachais thrí mheán na Gaeilge atá ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus go bhfuil tionchar iontach aige sin ar shaol sóisialta, cultúrtha agus teanga an phobail.Deir sé freisin go gcuirtear oiliúint ar mhuintir na Gaeltachta le ceannas a ghlacadh ar an bpleanáil teanga, san Dioplóma i bPleanáil agus Buanú Teanga a chuireann an tAcadamh ar fáil i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.Imní mhná tí Choláiste LurganDeir Cathaoirleach Choiste Mhná Tí Choláiste Lurgan Máire Áine Mhic Dhonncha gur aisteach an cás é gur anois, ceithre mhí théis an tsamhraidh, atáthar a rá go gcaithfear caoi a chur ar fhoirgneamh an choláiste.Tá sé i bhfad ró-dheireanach anois a deir sí, agus socruithe déanta ag daltaí na bliana seo chugainn.Fáiltíonn mná tí roimh aon fhorbairt a dhéanfaí ar an gcoláiste a deir Máire Áine, ach an obair a dhéanamh nuair a bheidh dóthain ama di.Bhi Máire Áine Mhic Dhonncha ag tagairt do na ceisteanna atá curtha anois ag Roinn na Gaeltachta ar Údarás na Gaeltachta faoi chomh feiliúnach is atá foirgneamh Choláiste Lurgan in Indreabhán, do Choláiste Gaeilge.Tá sé ráite ag Bainisteoir an choláiste Mícheál Ó Foighill go bhfuil an chontúirt ann anois nach mbeidh aon choláiste Gaeilge sa gceantar an chéad bhliain eile.Atbhreithniú mholtaí tar éis bhás Savita HalappanavarInniu a fhoilseofar an t-athbhreithniú seachtrach atá déanta faoin gcaoi a bhfuil na moltaí ón bhfiosrúchán faoi bhás Savita Halappanavar á gcur i bhfeidhm in aonad máithreachais Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe.Rinneadh 3 fhiosrúchán uilig. Bhásaigh an bhean as India, agus í aon bhliain déag is fiche, mí Dheireadh Fómhair 2012 éis di an páiste a bhí sí a iompar a chailleadh.Cuirfear an t-eolas ar fáil ag cruinniú de bhord an Ghrúpa Cúram Sláinte ag Ionad Altranais an ospidéil ag a 5 a chlog tráthnóna.An 17ú Deireadh Fómhair anuraidh, d'iarr Bord Ghrúpa Ospidéal na Gaillimhe agus Ros Comáin, mar a bhí orthu ag an am, go ndéanfaí athbhreithniú seachtrach faoi cheann bliana, faoin gcaoi a raibh na moltaí ón bhfiosrúchán á gcur i bhfeidhm, agus go roinnfí an t-eolas ar an bpobal.