#155485
‘Bhí a chroí, bhí, féach anois i mBeann Éadair é ag cur caoi ar eangacha iascaigh.’
‘Bhí a chroí, bhí, féach anois i mBeann Éadair é ag cur caoi ar eangacha iascaigh.’
‘Ach, a dheaid,’ a deir sé, ‘tá mé ag cur caoi ar mo chasóg.’
Chaith Laoise an uair an chloig dheireanach ag cur leabhar ar ais ar na seilfeanna, agus ag cur caoi ar an leabharlann.
Cuirim caoi éigin air - teach chomh néata, gleoite sin, tá sé ait é a fheiceáil trína chéile mar seo.
Ghlac sé leis go raibh Lisín agus Pól marbh - níor bhuail sé le Lisín istoíche, riamh, agus níor thug sé faoi deara go raibh caoi ar an teach.
Mar a raibh na faoileáin, ina gcéadtaí, ag glaoch le scréach chrua, thuas go hard nó thíos ar laftán, ag cosaint a críche agus ag caoi an anama a chaill siad.
…ag caoi an anama a chaill sí: Piseog a mbíodh iascairí na hAlban ag tabhairt isteach di i.e.
‘Canathaobh ná cuireann tú caoi ar do thigh?’ agus bhuail sí buille coise ar an urlár.
B’iontach liom a fhusacht a d’aimsíos gach rud gan aon lóipéireacht sa dorchacht, amhail is gur mé féin a chuir caoi agus eagar ar an áit an chéad lá.
Líomhnaítear gur bhain an grúpa airgead mór de dhaoine scothaosta agus iad ag ligint orthu fhéin go raibh siad ag obair do chomhlacht a chuireann caoi ar dhíonta tí.
Dúirt an tAire freisin nach fada go gceadófar an maoiniú, olltoghchán ann nó as, mar go bhfuil sé riachtanach caoi a chur ar na bóithre.
Tá sé ina imní go háitiúil anois nach mbeidh caoi cheart ar an áit le coláiste samhraidh a bheith ann i mbliana
Tá ann leis ráitis agus crua-fhocail a thabharfadh caoi do dhaoine deisbhéalacha a gceird a chleachtadh.
Nó d’fhéadfaí an fód a sheasamh agus caoi a chur ar an líon arís agus cá bhfios nach mbéarfaimis féin ar bhradán feasa.
Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go gcaithfidh caoi mhaith a bheith ar na bóithre seo chun daoine a choinneáil sna ceantair Ghaeltachta.
Níl na daoine go léir a dhiúltaíonn dóibh gan locht, ná baol air, ach is mithid d’Oráistigh caoi a chur orthu féin.
Ní fiú, dar leis an gComhairle Contae, caoi a chur ar an mbóthar go dtí go mbeidh na píopaí atá os cionn na talún curtha ina gceart.
Tá muintir na háite buartha go gcaillfear an maoiniú a ceadaíodh do dheisiú an bhóthair mura gcuirfear caoi ar na píopaí.
Chuir sé deireadh leis na scéimeanna a bhí ag Roinn na Gaeltachta le caoi a chur ar bhóithre áise agus le fuinneoga nua agus doirse a chur i dtithe.
Ní raibh cuma ná caoi ar na Laighnigh an tseachtain seo caite, iad gan phlean, gan sprid, agus gan chinnireacht ar an bpáirc ná ar an taobh líne.
Ní raibh cuma ná caoi ar na Laighnigh sa gcluiche sin, iad gan phlean, gan sprid, agus gan chinnireacht ar an bpáirc ná ar an taobh líne.
Nílimid ag cur isteach ar obair chraoibhe eile ar bith, ach ag tabhairt caoi dóibh ar a mórchuspóir go léir a chur chun cinn.
Go deimhin, ní raibh caoi ar bith ar Pharáid Féile Pádraig in Éirinn go dtí le blianta beaga anuas muna raibh buíon agus banna as High School éigin i Meiricea ann.
Anuraidh, ní raibh cuma ná caoi ar na Gaillimhigh i gcluiche ceannais Laighean ach rinne siad teacht aniar iontach chun Corcaigh agus Tiobraid Árann a chloí.
“Níl cuma ná caoi ar an ainm sin,” a deir sé agus é ag cuardach i Leabhar na Naomh.
Tugann cultúr an aonaigh agus an phátrúin caoi dúinn ceisteanna a bhaineann le saol sóisialta, cultúrtha agus polaitiúil na ndaoine a chur.
Tugann na saothair seo caoi dúinn gnéithe suimiúla den ghaol idir an bailitheoir béaloidis agus an seanchaí, idir an pobal agus an léann, a chur isteach.
D’fhónadar don rannú béaloideasúil Eorpach agus thugadar caoi bonn scolártha a chur faoin anailís a dhéantar ar chur amach urlabhrúil an duine.
Tugann sé caoi dúinn dul amach ar théama amháin agus filiúlacht, ealaín, siombailí is meafair a leanúint agus a rianú siar is aniar ann.
Sheas sí ar a taobh féin den chuntar, ag cóiriú is ag cur caoi ar an bheár.
“Níl cuma ná caoi ar an litriú ná ar an ngramadach, mar is fada ó d’fhreastail mise ar aon scoil.
I gcás eile cuireadh caoi ar bhóthar sa mbaile; stop an obair díreach tar éis dul thar theach duine a bhí luaite leis an bPáirtí Rialtas Dúchais.
Tuigeadh freisin go mbeadh infheistíocht ollmhór le déanamh chun caoi a chur ar hallaí an eagrais i mBaile Átha Cliath, thart faoi £1.5 milliún, chun go mbeidís ar chaighdeán sásúil.
Chuidigh Bord na gCeantar Cúng, a bunaíodh thart ar 1890, le bóithre, droichid, ranganna adhmadóireachta agus déanta lása, caoi a chur ar thithe, sciobóil agus an stoc feirme a fheabhsú.
Bhí dealramh truamhéalach tréigthe ar na hionaid ar pleanáladh go mbeadh caoi ag taistealaithe sos picnice a thógaint.
Sa bhliain 1954 chinn ceathrar fear, m’athair féin ina measc, an tobar a ghlanadh agus caoi a chur air, mar bhí sé ina praiseach ceart ag an am sin.
‘I would like to consult some works of reference on Egyptian myth and legend,’ a deirimse lem chailín féin nuair a fuair mé caoi le labhairt léi an oíche ina dhiaidh sin.
Chaith sé tamall in Yellahanka gar do Bangalore le caoi a chur ar ghléasanna craolacháin na n-eitleán.
Chuir sé glaoch teileafóin ar sheanchara leis – gréasaí atá os cionn 80 bliain d’aois – agus d’fhiafraigh sé de an gcuirfeadh sé caoi ar sheanphéire bróg a bhí aige.
Tabharfaidh sé caoi do scríbhneoirí acadúla na Gaeilge aistí téa- gartha saineolais, nach bhféadfaí a fhoilsiú ar thréimhseachán clóite míosúil, a roinnt le pobal na Gaeilge in Éirinn agus thar sáile.
bhí na pianta cnámh ag cur air ní ba dhéine agus ba mhian leis a bheith cinnte go mbeadh caoi cheart uirthi dá dtarlódh a dhath dósan.
Mar a bhí in áiteanna eile ar fud na tíre, caoi is feabhas á gcur ar iarsmaí stairiúla a ndearnadh neamhaird díobh le fada.
Is dócha gur fhéachadh ar a theacht go Baile Mhistéala mar shocrú a thabharfadh caoi dó tarraingt siar ón múinteoireacht de réir a cheile.
Nuair a fhaighim caoi air, tá’s agat féin.’ Ní deireann Daid aon ní.
Tá dráma fhir Bhoth Chómhla ó thosach deireadh san Iris agus beidh caoi agatsa do mhionscagadh féin a dhéanamh ar an ábhar más áil leat.
‘Cén fáth nach gcuirtear caoi cheart ar an áit seo?’ arsa an Buachaill Álainn.
Scoláireacht í a bhronntar go bliantúil ar dhalta de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin agus tugtar caoi don bhuaiteoir trí seachtaine a chaitheamh i rith an tSamhraidh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Tá tacaíocht léirithe anois don iarracht le caoi cheart a chur ar an N59, an príomhbhóthar as Gaillimh chun an Chlocháin, ag daoine as Ceann Léime go Dubai go California.
Moladh ag an gcruinniú go lorgófaí an maoiniú ón gComhairle Contae le caoi a chur ar an mbád agus comharthaí eolais a chrochadh timpeall uirthi do lucht turasóireachta.
Is féidir airgead mór a chaitheamh ar an bhfaisean is deise agus an smideadh is gairmiúla ach ní bheidh cuma ná caoi ar dhuine mura bhfuil do chuid gruaige glan agus néata.