#1545024
Bíonn ceann an phíopa ina lúbadh, báite in uisce, i gcás go mbíonn an gal fuar sula shroicheann sé an ghloine mar a sileann sé ina dheora síos inti.
Bíonn ceann an phíopa ina lúbadh, báite in uisce, i gcás go mbíonn an gal fuar sula shroicheann sé an ghloine mar a sileann sé ina dheora síos inti.
Anois, breathnaigh, tá gal tosaithe ag teacht amach as a cluasa ag cuimhneamh go mbeidh chuile dhuine deireanach.
Bhí cat ina luí ar a ucht, agus an fear ag séideadh gal an óipiam faoi shrón an chait, chun a chur ina chodladh.
Tá teach tábhairne Éireannach i München ina bhfuil seomra curtha ar leataobh do dhaoine nach maith leo gal tobac.
Agus ag caint dóibh mar sin sa tábhairne spréigh gal an phíopa ar fud an tseomra agus tharla fís agus aisling agus taibhreamh.
Achan áit bíonn gal te deataigh ag sceitheadh ina scamaill dhubha ghalracha ó sheancharranna agus ó *scooters*.
Is léir go bhfuil Ruaumoko, ar dhia na mbolcán é, ar buile go fóill mar tá na bolcáin in Rotorua, a bhfuil gal agus foinsí teo ag borradh astu, fós beo.
Má athraigh chuile shórt le teacht i réim Obama, ní raibh ann ach gal soip mar tá gluaiseacht nua an treo eile ar fud na tíre dar le Brian Ó Broin.
B’fhéidir nach raibh san athrú ach gal soip, cá bhfios go fóill ach thug sé údar machnaimh don DUP agus Sinn Féin.
Dúirt urlabhraí de chuid an TUV John Brennan gur "gal soip" a bhí sa scéal go raibh an reachtaíocht Ghaeilge "bainte den bhord" fad is a bheadh an Prótacal i bhfeidhm.
Gioblach agus in éadach stiallta a bhí na fir a bhí ag bord seo againne; iad ina suí ansin go díomhaoin – seachas duine amháin a raibh cupán tae leagtha amach os a chomhair agus a bhain slog as gach re seal le gal óna phíopa.
Mórthimpeall an chorpáin bhí tuilleadh ban ina suí ar stólta nó ar an talamh féin, a lig gal a bpíopaí amach mar thúis, rud a d’fhág an corp agus an seomra tosaigh ar fad i gceo trom.
Seanbhord le balla, ag rith ó bhaile den chéad uair, nuair a d’fhill mé bhí béile agam chun boird leo, fataí brúite, an gal ag éirí agus iad ar fad ag breathnú trasna an bhoird gan focal, d’fhéachas suas, mo Mham ag meangadh go himníoch orm, mo dheartháir ag stánadh, mo dheirfiúirín ag déanamh pióg as na fataí le spúnóg, cas uathu, cas ar ais orthu, is cuimhin liom nach raibh a fhios agam céard a dhéanfainn, céard a déarfainn, ach anseo sa ghar– ... agus seantroscán an tí, sin i mo thimp– ... abair rud éicint, é fuar sa ghar– ..., é ag dúnadh isteach i do thimp– ..., abair rud éic– ...
Nuair a tuigeadh dóibh go raibh an ceathrar socraithe síos san áit ina raibh siad agus gal deataigh ag éirí aníos thar bharr na carraige móire, d’fhág siad dídean an toir aitinn agus rinne a mbealach anuas an aill ar a mbarraicíní go dtí an cladach.
Déanfaidh mé gan an solas breise é. Ach tá gal ar an scáthán seo, fan go bhfaighidh mé ceann eile.’ D’fhág an fiaclóir an scáthán béil ar leataobh agus thóg scáthán nua ón mias in aice léi.
Is é an chuma go ndéantar an clóraform seo, measctar aol, uisce, brí-aol, agus alcól lena chéile, cuirtear i gcupán mór gloine iad, cuirtear lasair ghalghuail fúthu go mbíd ar fiuchadh, agus scaoiltear gal an bheirfhiuchadh trí sheacht dtroithe ar fad de phíopa isteach go gloine eile.
Dá chomhartha sin ní bhogfadh Seán a Búrc “a ghreim de bhéalán an eideafóin i gcaitheamh na hoíche” ach amháin chun gal a chaitheamh nó deoch a ól (Mac Coisdeala 1946, 160).Má dhéantar glanadh beag na scuaibe ar an trealamh sa léann, is léir go raibh sé i gcroílár an bhailithe agus an tseanchais.
Bhí an dump suite i lag gleanna ar leataobh ón bhóthar, agus cé nach raibh sé ariamh istigh ansin ba mhinic a dhearc sé gal dubh toite ag éirí ón áit agus é amuigh sa charr le Mags.
Faoin am a ndeachaigh Seán isteach sa seomra folctha, bhí an t-aer chomh trom le gal is go raibh allas ag teacht le Cardinale agus gan é ach ina sheasamh istigh ann.
Ar ndóigh, níl ionamsa ach gal soip ó ghlac mé leis an bpost i gcéadóir ar an gcoinníoll go mbeinn réidh leis agus sa bhaile arís faoi thús Mheán Fómhair agus comharba níos buaine i mo áit.
Ach taréis cúpla piolla agus braoinín tae, bíogann siad agus tugann siad aghaidh ar an óstán is rogha leo, áit a mbeidh faoiseamh le fáil ó chorra crua an lae, deoch, gal tobac agus comhluadar a chéile, saor ar fad ó smacht an chloig agus ón saoiste oibre.
Ba chosúil le gal na beorach an earráid inar tomadh mise ach amháin nach raibh stopalán ar bith a thiocfadh liom a bhaint as an dabhach ach mar sin de gur plúchadh go maith mé i ngal nimheanta na heagna bréige atá ag an tsaol.
Súnn sé an gal siar ina scamhóga, scáil ina bhróga, naipcín ina phóca barra, a chuimlíonn sé dá éadan agus é ag máirseáil i dtreo an tsóirt chéanna ardaitheora is a bhíodh i Moon’s na Gaillimhe, Todd’s Luimnigh, Cash’s Chorcaí.
Deir ár n-údar féin go gcabhraíodh gal toitín leis agus é ar a chlóscríobhán (ní cime den nicitín níos mó é), caifé a ól, gloine fíona (dá mba ag léamh na scothfhilíochta a bheadh sé).
Sh.…r..r..sh…' Dhoirt an meaisín an caifé amach, an gal mar genie ag éirí as an gcupán pháipéir, an freastalaí mar phuipéad ag casadh ar mhirlíní gloine.
D’ardaigh an gal ó mheaisín an chaifé ina snáith dlaíoga a dhreapaigh in airde chun na síleála sarar shiothlaigh sí amach ar fud an chaifé, é mar charbad gearrshaolach ag gabháil ar fhaiche an ghleo cainte.
Nó an féidir, fiú, gur léiriú é sin atá róardnósach ar fad, nach mar sin a tharla ar aon chor agus nach raibh ann sa deireadh ach mar a bheadh gal soip agus brionglóid nár fíoraíodh ag lucht ceannairce?
Rith sé liom gur an-théarma é sin don mbéas atá ag daoine a gcuid tae nó caife (nó pé diabhal mochachinofappélattémericano a bhíonn agaibh suas fén dtír) bheith acu ar a slí chun na hoibre i gcupaí plaisteacha, nó go deimhin don sos beag a bhíonn ag oibrithe chun bolgam nó gal a dh’ól is gan ach uair nó dhó oibre déanta acu.
Ar leith amháin tá an bheatha ghinmhaolaithe, an banana díreach, an bus in am, an miongháire sna fiacla, an gal faoi rún, an tuar tairngrithe, an praghas socraithe; agus ar an leith eile tá an bheatha gan stiúir, an cúcumbar cam, an clár ama ficseanúil, an gáire ón gcroí, an toit ag tláithínteacht, an fháistine éiginnte, an margadh laethúil.
Deir an seanfhocal nach féidir a shárú: "Caith do phíopa is bí i do thost/ Mar níl sa tsaol ach gal is toit." Pé ní mar gheall air sin, tá athrú saoil, ceann eile, romhainn.
Faraor géar, is beag duine atá thuas ansin, cé is móite d’fhear na gealaí agus é ina shuí ar a thóin ina lár, ag deargadh a phíopa le smeachóid ón tine ar a bhfuil citeal crochta agus gal deataigh ag éirí aníos as.
A Thomáis …!’ Do shéid an sagart óg gal tobac amach trí phoill a shróine, agus d’fhéach sé go dúr de dhroim a spéaclaí ar an deatach.
Ní hé seo an chéad leabhar ó pheann Liam Hodder – cuimhnímis ar an mbailiúchán filíochta Domhnall gan a bheith óg (1996), an t-úrscéal Gal i mo phíopa (2003) agus Na róid allta (2010), bailiúchán de dhánta grá le Petrarch aistrithe go Gaeilge.
Faic an ea … caite anseo istigh … agus mise amuigh ag obair!’ Thugas fé ndeara go raibh a bhean ag iompar linbh agus gal ina béal.
B’fhéidir gurb é sin an fáth gur furasta dom anois an tsoncáil a d’fhaighinn a thabhairt chun cuimhne, gan trácht ar bholadh na seálta báite as a raibh gal ag éirí sa teas, measctha ar bholadh arán úr agus ola an lampa a bhí crochta as lár na síleála os ár gcionn.
Albam réasúnta traidisiúnta bossa-jazz é i gcomparáid le saothair níos turgnamhaí a raibh baint ag Tenório Jr leo ag tús na 70í (Índia de chuig Gal Costa, agus Academia De Danças le Egberto Gismonti, abair).
Sruthláin bheaga ghlioscarnacha ag déanamh a mbealach síos a cheannaghaidh, anuas thar an mbricín beag dorcha faoina shúil chlé ar thug mé gean ar leith dó, chomh socair le gal nuair a déantar lacht de ag déanamh a bhealach síos fuinneog na cistine.
“Insíonn an dinnseachas scéal na dúiche dúinn, na teangacha a bhaineann léi agus na daoine a chónaigh inti,” arsa Alan Ar Gal, a chuir eagar ar an leabhrán trítheangach a bhaineann leis an fheachtas.
Faoin am go labhraím an tríú huair tá mo chuid súl ag pléascadh amach as mo chloigeann agus gal ag teacht amach as mo chluasa, tá an áit ina chéas agus ‘An Dún faoin Leaba’ i mbarr a réime.
Tá Chris Hemsworth ina Thor againn – sin miotaseolaíocht na Lochlannach agat – agus ní fada go mbeidh Gal Gadot ina Wonder Woman chugainn – banlaoch de threibh na hAmasóine, scéal eile as miotaseolaíocht na Gréige.
Bhí conach ar dhaoine eile toisc iphones a bheith ag cuid de na fearaibh, agus mar go raibh gal á ól acu, mar nach bhféadfadh gur teifigh chearta iad má bhíodar ábalta a leithéid bheith acu.
Mar a léirigh taighde Sheosaimh Mhic Dhonnacha do TG4 ar 7Lá na seachtaine seo, níl sa straitéis chéanna ach gal soip nó b’fhéidir tine ghealáin a bhíonn le feiceáil sna Forbacha agus i dTithe an Oireachtais Seachtain na Gaeilge.
Chun a fháil amach an raibh ceimiceáin ag síolrú as an nicitín sa ghal, rinneadh anailís ar lucha a d’ionanálaigh gal na dtoitíní leictreonacha. Thángthas ar nítreasaimín sna lucha a fuair an ghal ón nicitín agus ní raibh an nítreaisamín i gcorp na luch a fuair an ghal nár tháinig ón nicitín.
Chun fáil amach an raibh an nítreasamín ag imoibriú le DNA i gcealla na luch, rinneadh anailís ar DNA na n-ainmhithe a fuair an ghal ón nicitín agus ainmhithe eile a fuair gal gan nicitín. Thángthas ar mheitil-dí-ocsaguanóisín sna lucha a fuair an ghal le nicitín ach níor thángthas ar mheitil-dí-ocsaguanóisín sna hainmhithe a fuair an ghal gan nicitín.
‘In iomláine na haimsire’ (Gal 4: 4) nuair a bhí gach rud socair de réir a phlean fuascailte sheol sé a Aon-Mhac a rugadh ón Maighdean Mhuire isteach sa tsaol chun a ghrá dúinn a nochtadh ar mhodh dearfach.
Chuir a iompú chun Críost an dearcadh sin bunoscionn chomh mór sin gur scríobh sé chun na nGalatach: ‘Ta a fhios againn ar a son san nach ó chomhlíonadh an dlí a fíréanaítear duine ach trí chreideamh in Íosa Críost, agus dá réir sin chuireamar féin ár gcreideamh in Íosa Críost ionas go bhfíréanófar sinn de bharr ár gcreidimh ann seachas de bharr an dlí a chomhlíonadh, mar ‘ní fhíréanófar neach ar bith de bharr chomhlíonadh an dlí’ (Gal 2: 16).
Míníonn Kroskrity, dá bharr sin, gur droichead í an idé-eolaíocht teanga a nascann eispéireas soch-chultúrtha an chainteora leis an teanga: Léiríonn seo a dhoimhne is atá ciall shóisialta na teanga sa chaoi a bhféadfadh sí tagairt a dhéanamh do ghnéithe eile den saol sóisialta lasmuigh den teanga – coimhlintí polaitíochta, náisiúntachta nó reiligiúin, cuir i gcás (Gal 1998: 324).
Is é an chuma go ndéantar an clóraform seo, measctar aol, uisce, brí-aol, agus alcól lena chéile, cuirtear i gcupán mór gloine iad, cuirtear lasair galghuail fúthu go mbíonn siad ar fiuchadh, agus scaoiltear gal an bheirithe trí sheacht dtroithe ar fad de phíoba isteach go gloine eile.
Chun na tithe a choimeád te (agus caitear cuid mhór fuinnimh ar a leithéid), úsáidtear scéimeanna láraithe chun tithe a sholáthar, trí phíopaí, le huisce te nó gal a dhéantar i lárionad áitiúil (rud a bhíonn níos éifeachtaí ná cúpla míle gaileadán tí) agus a úsáideann de ghnáth foinse in-athnuaite fuinnimh).
Táthar ag súil, mar sin, nach bhfuil sa teannas reatha idir an dá thír ach gal soip, agus go gcothófar caidreamh taidhleoireachta dearfach arís idir an Astráil agus an tír mhór chumhachtach seo sa chomharsain againn.