#1441632
Táimid go breá anseo ach mo cheann ag rith timpeall le Cáin Ioncaim, For-Cháin, Uas-Cháin, Barr-Cháin, Cáin Lámhdeachais, gan trácht ar an gCáin Nua VAT.
Táimid go breá anseo ach mo cheann ag rith timpeall le Cáin Ioncaim, For-Cháin, Uas-Cháin, Barr-Cháin, Cáin Lámhdeachais, gan trácht ar an gCáin Nua VAT.
Cáintear Robert McNamara anois toisc gur chaill sciar maith de ghlúin óg a mbeatha gan aon chúis seachas cur chun cinn Cinsirí á sárú go tréan
Luadh lucht cáinte an chláir an éagsúlacht a cuireadh chun cinn i réimse eile den saol aréir, ach gur fágadh an éagsúlacht teanga atá againn in Éirinn ar lár.
Glacaim leis fosta nár cheart ciorruithe dá leithéid a cháineadh gan a mhalairt de bheartas a chur chun cinn.
Déarfadh lucht a gcáinte nach bhfuil i bhfeachtas an chúigir atá i bpríosún ach sampla eile den *nimby*achas atá rábach ó cheann ceann na tíre.
Don dara mí as a chéile, molaim dibh gan aon cheann a thabhairt do thréad an cháinte.
Cáintear drochsheirbhísí bus taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath sa cháipéis agus moltar go mbeadh seirbhís áitiúil bus ag 82 baile ó cheann ceann na tíre.
Dúirt Reid go ndearnadh an HSE a cháineadh agus “go raibh sé ceart míniú a éileamh” ach go raibh dul chun cinn déanta.
Cháin Trump na círéibeacha lena chuid tvuíteanna – LAW AND ORDER – nó is éifeachtaí ceannlitreacha ná cinn bheaga.
Tá cáineadh déanta ag an teaghlach fosta ar an easpa dul chun cinn atá déanta ag na Gardaí, a deir siad, san fhiosrúchán.
Cháin sé an rialtas deireanach as an laghad dul chun cinn atá déanta acu le tithe a thógáil sa chontae.
Thóg an Teachta Dála Charlie Mc Conalogue ceist na mbrící lochtacha sa Dáil arís agus cháin sé go mór an mhoill aon dul chun cinn a dhéanamh ar an cheist.
Sa Ghaeilge, léiríonn an idé-eolaíocht fholaithe go bhfuil luach ar an éagsúlacht iarthraidisiúnta atá tagtha chun cinn sa teanga agus a cháintear san idé-eolaíocht fhollasach.
Cháin an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly an easpa dul chun cinn a rinneadh ó thaobh neartú na Gaeilge sa státseirbhís ó foilsíodh tuarascáil an Choimisinéara Teanga in 2019.
Cháin sé grúpa ar bith ar samhlaíodh dó nach raibh siad ag obair ar son chur chun cinn na Gaeilge agus go háirithe ar son chur chun cinn na Gaeltachta, ach ba dhéine é ar chóras oideachais na tíre ná ar ghné ar bith eile.
Ach ní féidir teacht ar chomhthuiscint idir meáin a dhéanann a ndícheall gan bréaga a scaipeadh, agus na meáin shóisialta – áit a bhfuil cead a gcinn ag daoine mífhreagracha bréag a scaipeadh, agus meatacht na meán eile a cháineadh ag an am céanna.
Whitaker leis an Taoiseach, agus óráid an aire á cáineadh go géar aige, nach bhféadfaí plean rialtais ar bith a chur i bhfeidhm dá mbeadh cead a gcinn ag airí caiteachas a breise a fhógairt de réir a dtola.
Gearradh téarma príosúin bliain go leith ar Domenico Dolce agus Stefano Gabbana sa bhliain 2013 as seachaint cánach ar shuim €1 billiún ach níor cuireadh chun príosúin iad de bharr socrú go dtugtar cead a gcinn do dhaoine a ngearrtar téarma níos lú ná dhá bhliain orthu.
Níl cáin aerthaistil á cur i bhfeidhm ar mhaithe leis an timpeallacht ach i seacht gcinn de thíortha san Aontas Eorpach faoi láthair, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an tSualainn ina measc.
Ach bhí Philippe le Bel líofa ar an gcáin seo a bhailiú agus chun na críche sin cheap sé ceann de na scéimeanna ba ghránna sa stair in aghaidh na dTeamplóirí.
Seo an chéad uair a rinneadh achomharc mar seo. Baineann an cás le leabhrán eolais athbhreithnithe faoin gcáin mhaoine áitiúil a seoladh chuig beagnach dhá mhilliún líon tí i mí Feabhra anuraidh. Cé gur foilsíodh an leabhrán eolais sa dá theanga, níor seoladh an leagan Gaeilge ach chuig daoine a d'iarr roimhe sin a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge leis na Coimsinéirí Ioncaim. Rinneadh roinnt gearán leis an gCoimisinéir Teanga dá bharr agus chinn sé go raibh Acht na dTeangacha Oifigiúla sáraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Tá cáineadh déanta ag an bhFreasúra faoi gur labhair Sabina Higgins, bean chéile an Uachtaráin, thar ceann Áras an Uachtaráin ag ócáid phoiblí a d'eagraigh Páirtí an Lucht Oibre.
Ní dóigh leat gur chóir dhá cháin a ghearradh ar an bpobal chun íoc as an tseirbhís chéanna, go háirithe nuair a rachaidh ceann acu chun sochair do chomhlacht príobháideach.
Agus iad ag prapáil do Chluiche Ceannais na hÉireann anois, níl aon dabht ach go bhfuil Cora Finne ag fáil an ceann is fearr ar lucht a gcáinte.
Ceann faoin bPolaitíocht Chomaimseartha: Ní raibh an mhionsraith faoi Charlie gan cháim agus bhí a cháineadh féin ag gach éinne.
Tá cáineadh déanta ar Payne sna meáin le cúpla seachtain anuas ach, ina dhiaidh sin féin, is é tuairim Joe Schmidt an ceann is tábhachtaí.
Cáineadh an comhlacht Uisce Éireann go láidir ag cruinniú Chomhairle Chontae Chorcaí inné toisc nár chuireadar ionadaí ar fáil chun labhairt ag an gcuinniú mar gheall ar an gcúis go mbfuil fógra beirithe uisce i bhfeidhm go gceann ocht mí ó thosach na bliana seo ar Soláthar Réigiúnach Uisce an Gheata Bháin in Oirthear Chontae Chorcaí.
A mhalairt a tharla agus é curtha ar a súile aige do lucht a cháinte go bhfuil sé chomh héifeachtach céanna leis an maide gearr is a bhí sé leis an gceann fada.
Cháin Colm Ó hOisín, a bhí ag gníomhú thar ceann na Roinne Oideachais, polasaí measúnachta Scoil Lorcáin.
Ceann de na rudaí a chuireann lucht a cháinte in aghaidh an Phiarsaigh nár thug sé aird ar bith ar an mbochtaineacht a bhí timpeall air i Ros Muc.
D’fhógrófaí lá ní b’fhaide anonn gur chinn an tIarla Spencer go mbeadh an tsuim sin le bailiú i gcáin speisialta thar thréimhse trí bliana ó na pobail a bhí ina gcónaí sna paróistí áitiúla, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo.
Chinn an Rialtas achomharc a dhéanamh maidir leis an rialú gur tugadh buntáiste ó thaobh cúrsaí cánach do Apple agus go raibh sé seo i gcoinne an dlí de réir rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht stáit.
Rinneadh cáineadh ar an iarbhainisteoir, Liam Dunne, d’ainneoin go bhfuair Loch Garman an ceann is fearr ar Chorcaigh sa chraobh den chéad uair le 60 bliain anuas anuraidh.
Theastaigh polasaí spleodrach mór amháin a léireodh idirdhealú idir iad agus Fine Gael agus, dar fia, thug siad ceann dúinn – bunráta cánach 23 faoin gcéad.
Is furasta bheith ag magadh faoi TG4 nó an stáisiún a cháineadh as ligint rómhinic don chuma an ceann is fearr a fháil ar an gcumas.
As seo go ceann cúpla seachtain cloisimid uilig ó na Coimisinéirí Ioncaim faoin mbanda cánach a shíleann siadsan atá i gceist lenár gcuid tithe.
Tá de bhreis luachmhar sa tuarascáil cánacha, in ainneoin téarmaí tagartha a bheith tugtha ón tús, gur chinn an Coiste ar shraith de Phrionsabail Threorach a leagan amach dóibh féin, mar threoir ina gcuid machnaimh agus ina gcuid oibre.
Ach tá ciall eile leis, chomh maith, eadhón, fíneáil nó cáin; agus ceann eile fós, is é sin tóin nó bundún.
Ceann d’iontais a scéil ní hamháin gur éirigh leis a phost státseirbhíse a choimeád ach i dtús 1923 gur éirigh leis sna scrúduithe i gcomhair cigirí cánach.
Ceann de na leigheasanna a luaigh Bannon ná gur cheart go mbeadh aon dreasachtaí cánach i bhfad Éireann níos pointeáilte.
Tá dochar déanta do ghnó agus don teacht isteach cánach de bharr na titime i luach sterling; sin í an éifeacht is follasaí ach drochsheans gurb í an ceann is tromchúisí í.
Tá an giolc sin scriosta ag an ealaíontóir anois ach tá ceann eile curtha ina áit ina gcáineann sé na daoine a fuair locht ar a ráiteas.
Ceann de na buanna atá ag an leabhar – i measc mórán buanna – go gcuireann Ó Gairbhí i gcuimhne duit a fhíochmhaire agus a bhí cuid den cháineadh sin.
Ní dócha go gcuirfidh sé isteach ná amach ar chliarlathas CLG a leithéid de cháineadh a chlos ach tuigfidh siad, chomh maith, nach guth é seo a mhúchfar go ceann tamaill.
Ceann de na nithe a cháin Bergin (‘Preface’, lch iii) is ea an chaoi a bhfuil ábhar an tráchtais dar leis caite le chéile ar bhealach neamhchúiseach.
Maidir leis an gcoiriúlacht, bhí na príosúin ag cur thar maoil le mionchoirpigh ach bhí coirpigh mhóra na mbónaí bána – na baincéirí cama, na polaiteoirí santacha, na hamhantraithe saibhre, na héalaitheoirí ó cháin – ag siúl na sráideanna agus a gceann san aer acu.
Deirtear gurb é ceann de na cinntí ba thábhachtaí a rinneadh sa chás ná an socrú gurb iad na Coimisinéirí Ioncaim a bhaileodh agus a riarfadh an cháin.
Gearrfar go dtí a leath an faoiseamh cánach ar ús morgáiste a bhfuil sé i gceist fáil réidh leis ar fad as seo go ceann cúpla bliain eile.
Bhí go leor athruithe san Acht agus ceann an-chonspóideach ina measc a d’fhágfadh go gcaillfeadh daoine nach mbacfadh le hárachas sláinte na céadta dollar sa mbliain i liúntais chánach.
Cé go raibh ráiteas an léitheora úd ar an gceann ba bhoirbe agus, dar liom, ba neamhthuisceanaí ar fad, bhí méid áirithe den cháineadh agus den dúil breithiúnas a thabhairt i go leor den mhéid a dúradh agus a scríobhadh.