#338302
Feicimid áilleacht agus tábhacht i málaí láimhe agus tuigimid go bhfuil níos mó i gceist leo ná fearas éigin leis na hearraí tábhachtacha sin ar fad a bhíonn againn a iompar.
Feicimid áilleacht agus tábhacht i málaí láimhe agus tuigimid go bhfuil níos mó i gceist leo ná fearas éigin leis na hearraí tábhachtacha sin ar fad a bhíonn againn a iompar.
Ní hé sin a tharraing an cáineadh an babhta seo ach nuair a taispeánadh fearas le huain a chlibeáil.
Dúradh nach bhfuil an traenáil chuí nó fearas oiriúnach acu le bheith ag deileáil le bagairt dá leithéid.
Tá Old Nick á gcoinneáil i seomra bídeach nach bhfuil mórán thar bhunriachtanais an tsaoil ann; leithreas, cith, agus fearas cócaireachta.
Téann an bheirt mhac chuig baincéir ag lorg iasachta le fearas nua a cheannach ach diúltaíonn sé.
Bhí tuairim den taifeadadh ann ó 1857 nuair a cheap E. L. Scott fearas a choimeád rianta fuaime ar phláta soghluaiste.
Chuir an fearas tús le réabhlóid sa chultúr dúchais; deir Erika Brady: “it accelerated the process of corruption and decay of traditional ways of life – or so claimed many ethnographers.
Sular thosaigh sé ar sheanchas a bhailiú in aon chor bhí cloiste aige go raibh fear tagtha agus fearas aige ag tógáil scéalta i dtigh daoine muinteartha leis (Ó Dálaigh 1999, 12).
I Halla na Cathrach d’úsáid an t-arm fearas cúléisteachta chun go mbeidís in ann eolas a bhailiú go rúnda faoi na hóglaigh.
“Cuirim an-fháilte roimh chinneadh Raytheon le fearas mór bog-earraí a lonnú i nDoire, an baile dúchais s’agamsa,” ar sé i 1999.
Dá dtarlódh a leithéid na blianta ó shin bheadh lucht an bhaile amuigh ar na sráideanna, an bheoir á doirteadh agus an fearas bairbiciú á thochailt amach.
Cuireann sé i gcuimhne dúinn gur fearas don fhear saibhir a bhí sa dlí agus gur chuir an duine bocht tuaithe a mhuinín sa lámh láidir.
Ní faoi thonn amháin anois a bhéas an fearas tástála áfach agus súil aige tuirbín gaoithe 35m ar airde a fheistiú sa gcuan mar chuid don togra sin.
Fuair mé amach gur féidir fearas múnla a cheannach agus leagan sileacóin de do bhod, nó bod do bhuachalla, a dhéanamh sa bhaile.
Le teacht an chrochadóra agus an fearas crochta feistithe i gclós an phríosúin níor theastaigh anois ach aon ní amháin: cinneadh críochnúil ón Iarla Spencer.
Ba chosúla le crann paidreacha de chuid na mBúdach é agus é lán le ribíní ná fearas tí.
Chualathas ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí gur chinn cigirí go raibh rud éigin as bealach in a leath den 300 fearas a scrúdaigh siad.
Beidh aon bhrabach a dhéantar ar na manglaim á thabhairt do Na Gaeil Óga CLG le fearas spóirt a cheannach d’fhoirne na bhfear.
Chomh maith leis sin, chuir sé feabhsaithe sóisialta chun cinn i mbaile Dhún ar Aill: cuireadh isteach córas soláthair uisce nua-aoiseach agus fearas leictreach.
Mar sin, chun a bheanna a bheith aige ar chárta Nollag, bheadh Rudolph gan fearas, mar a deirtear.
Tuigeadh dó gur rug sí greim láimhe air, agus ag an bpointe sin bhuail an fearas siamsa anuas sa mhullach air, agus rinneadh pleist de ar an láthair.
Le cabhair a gcuid múinteoirí phleanáil siad an cartún, dhear agus chruthaigh na múnlaí agus an fearas stáitse.
Chuaigh an buicéad uisce agus fearas glanta soir siar tríd an bharda agus scréach na mná mire in aird a cinn, rud a tharraing cúnamh láithreach.
Dhéanfadh seisreach capall nó cuingir damh an t-adhmad a streachailt leo, nó dhéanfaí é a tharraingt le jincear – fearas iompair dhá roth.
Chuala sé ag teacht í, an fearas díoscánach á tarraingt aici ina diaidh ar nós ainmhí ceanndána nár mhian leis dul ar shiúlóid.
Níorbh aon ionadh é go bhfuair sé post ar ball in Garnett agus Keegans, siopa mór maidir le fearas iascaireachta.
Ar díol aige ann bhí canáraithe agus pearaicití, fearas iascaireachta slat - chomh maith le pomaeraigh aibisíneacha, nathracha nimhe agus luchóga!
Mar go slogann fearas teicneolaíoch tuairim is 30% den spás i bhfoirgneamh dá leithéid, cinneadh íoslach a thógaint faoin ngairdín.
Tá €20,000 ceadaithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta d’Amharclann Ghaoth Dobhair le caitheamh ar threalamh fuaime, soilse agus fearas eile don stáitse nua.
Ach má chaitheann daoine na héadaí cearta agus an fearas cuí acu, ní bhraithfidís an aimsir agus ní bhíonn sé ag cur báistí in Éirinn i gcónaí (cé go gceapaimid go gcuireann).
Ní rabhthas i gcumas deic ghairmiúil a aimsiú in aon chor; fearas baile is ea an RDXV60.
Sa chás sin, ní fhéadfaí an tseiceáil agus an mhoill a sheachaint, ná déanamh gan an fearas agus na foirgnimh a ghabhann leis.
Thaispeánfadh Tomás dó conas an fearas teilifíse a oibriú agus dhéanfadh sé gach cúilín agus cúl agus gach buaicphointe as an chluiche a chraoladh arís agus arís eile.
Tá an fearas beag seo an-mhaith ach thug mé féin faoi deara go mbíonn deacracht aige dul i ngleic go hiomlán le spotaí crua de smideadh a bhíonn triomaithe ar scuaba.
Tá a fhios go bhfuil 15 milliún fearas le samplaí DNA a thógáil díolta ag dhá chomhlacht le beagán blianta, sin iad Ancestry.com agus 23andMeINC, gan trácht ar chomhlachtaí eile.
Deirtear sa suirbhé freisin go bhfuil fearas nó fón cliste ag 75% de pháistí ocht mbliana agus go mbaineann leath acu feidhm as na meáin shóisialta agus aipeanna le teachtaireachtaí a sheoladh.
Thug an tAire Harris le fios go bhfuil fearas cuisniúcháin le cur ar fáil féachaint le réiteach gearrthréimseach a fháil ar na fadhbanna ansin.
Is amhlaidh nach dtuigeann siad na socruithe (‘settings’) chun an fearas a chur ag obair i gceart.
Is amhlaidh a bhíonn fuadar fúthu chun an fearas nua a úsáid, rud a thuigim go maith.
Tá gach fearas, gach dath, gach toise atá ar fáil ag Apple i láthair na huaire le feiceáil agus iad go léir, nach mór, á n-úsáid an t-am ar fad.
Léirítear i suirbhé a rinneadh i measc 3,500 duine óg freisin go bhfuil fearas nó fón cliste ag 92% de pháistí idir ocht mbliana agus trí bliana déag.
Bia agus beostoc, ceimiceáin, innealra agus fearas iompair thar aon rud eile is mó a dhíolaimid leo.
D'amharc mé uirthi ag dul síos, agus nuair a bhí sí ar an talamh, scairt mé léi go raibh fearas garchabhrach i mo mhála ansin.
Tá an fearas cearrbhachais, ar a dtugtar an meaisín pócair, ar an tslí is coitianta le geall a chur abhus.
Ról é fosta a dheimhnigh nach mbeadh ar Rialtas Cheanada airgead rómhór a chaitheamh ar chúrsaí cosanta chun an fearas cogaíochta ba nua-aimseartha, ba chostasaí agus ba mharfaí a cheannach.
Tá comhráite ar bun ag an Roinn Sláinte le comhlachtaí déantúsaíochta tuilleadh fearas anála a chur ar fáil.
Dúirt an tAire Harris go bhfuil 300 fearas anála ordaithe ag an bhFeidhmeanneacht agus go mbeidh 80 acu sin ar fáil an tseachtain seo.
Cuirfear soláthar ocsaigin agus fearas cosanta pearsanta (PPE) ar fáil do na tithe altranais agus lucht soláthair cúraim bhaile.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid tráthnóna go raibh socrú déanta ag an bhfeidhmeannacht maidir le 100,000 fearas tástála Covid-19 a fháil in aghaidh na seachtaine.
Scoileanna dara leibhéal a gheobhaidh thart ar €7 milliún den airgead sin agus cuirfear €3 mhilliún tar fáil do bhunscoileanna chun fearas a cheannach.