#1011955
Nuair a chuir an t-aire a ladhar san uisce le déanaí maidir le deontais stáit a bhaint de scoileanna na dtáillí, ba dhóbair don uisce fiuchadh, agus músclaíodh bagairt díleann.
Nuair a chuir an t-aire a ladhar san uisce le déanaí maidir le deontais stáit a bhaint de scoileanna na dtáillí, ba dhóbair don uisce fiuchadh, agus músclaíodh bagairt díleann.
Ní raibh tine ar lasadh ná citeal ag fiuchadh, ní raibh an gadhar ag cartadh sa ngarraí ná an cat á searradh féin.
Tá ceo na maidine ag scaipeadh anois, agus teas na gréine ag fiuchadh an drúchta de dhuilleoga na gcrann.
Ón lá ar tógadh an dún, tá coire ag fiuchadh ann le bia agus le mír don slua.
Sa mhullach ar na seancheisteanna faoi rúin na bpáirtithe abhus, dea-rúin nó a mhalairt, tá comhábhair nua ag fiuchadh sa bpota anois.
Go hidirnáisiúnta, agus géarchéimeanna éagsúla ag fiuchadh, go bhfuil ceannairí stuama, cumasacha, láidre in oifigí móra an domhain……Teach Bán, Uimhir 10 agus i mBeirlín.
Tá aighnis ag fiuchadh freisin faoi thinte cnámh – go bunúsach faoi mhéid agus láithreacha na dtinte a rinne damáiste do thithe agus d’árasáin anuraidh agus an bhliain roimhe sin.
Nuair a bhíodh an mhin ag fiuchadh ar an dtine do chaithidís dorn eile mine uirthi chun í a dhéanamh ramhar.
Nuair a thiocfas an lá sin, is beag cupán tae a dhéanfar idir Londain agus Vladivostok nach le gás Gazprom a chuirfear an t-uisce ag fiuchadh dó.
An paisean ag fiuchadh in aghaidh údarás na hinstitiúide, an mhian ag coimhlint leis an dualgas agus an t-aicsean sin uilig suite i gclós clochair téama an dráma.
Tá sé deacair orm labhairt óir tá mo scornach lán le mothúcháin mar a bheadh pota lán le huisce ag fiuchadh.
Mharaigh an t-anraith, a bhí ar fiuchadh, cuid acu agus, chun an chaidhp bháis cheart a chur orthu, chaith Mere Royaume an pota folamh anuas orthu chomh maith.
Ach ní ghéillfeadh fear Uíbh Fhailí i lár slí, ach é ag teacht chun tosaigh riamh is choíche gur tháinig fiuchadh feirge ar na mná.
I mo thuairimse b’in ceann de na laethanta a chuir go mór leis an bhfrustrachas a bhí ag fiuchadh le tamall.
Seó mór na bliana a bhí ann, an t-aon seó i mbliana, an pota mór sméara dubha ag fiuchadh leis go ceolmhar ar an teas.
"Beidh brú damanta ar mhná tí and cheantair" a deir sí, má chaitear a bheith ag fiuchadh an uisce sa Samhradh.
Istigh sa teach, bhí Paidí agus triúr ban ag fanacht orthu, bia réidh sa chistin, citeal ar fiuchadh thar an tine agus buidéal uisce beatha ar an tábla.
Is é Alasdair a thug CD Daniel O’Donnell do Mhaighread, ach níorbh fhéidir léi siúd na deora a chosc, í ina suí léi féin sa chistin ag feitheamh leis an chaife fiuchadh ar feadh síoraíochta.
“Cuireann sé an fhuil ag fiuchadh agus ag coipeadh i gcuislí duine ar chloisteáil dó an íde agus an masla agus an tarcaisne a caitheadh ar na hÉireannaigh bochta a bhí i Learpholl ar a mbealach go dtí Meiriceá.
Is é an chuma go ndéantar an clóraform seo, measctar aol, uisce, brí-aol, agus alcól lena chéile, cuirtear i gcupán mór gloine iad, cuirtear lasair ghalghuail fúthu go mbíd ar fiuchadh, agus scaoiltear gal an bheirfhiuchadh trí sheacht dtroithe ar fad de phíopa isteach go gloine eile.
Dhéanfá uisce arís ar an gcuma chéanna as an ngal a bhrúchtann as srón an choire bhig nó an chitil atá ina suí go minic ag fiuchadh ar chlár an tinteáin i gcomhair na tae a dhéanamh.
Amach de leac an teallaigh a thug sé an acmhainn grinn a bhí aige agus thabharfainnse an leabhar gur óna uncail Máirtín Beag a thug sé nó a d’fhoghlaim sé an tréith taghdach trodach a bhí ag fiuchadh thrína chuid fola i gcaitheamh a shaoil.
Tine mhór bhrosna anseo is ansiúd agus pota mór dubh mar a bhíodh crochta ar an lúib sa mbaile fadó ag fiuchadh os cionn na tine, gan aon drochbholadh uaidh pé ar bith cén sórt gríscíní a bhí ar a thóin.
Ní raibh aon mheabhair mhór acu ar chócaireacht bairnigh, agus nuair a bhíodh fiuchadh faighte acu agus an sliogán fágtha acu, thosaíodh siad ag slogadh, agus ó bhí Danny bocht mantach ní raibh aon chaint ar aon changailt.
Bidín a bhí á spadhradh nuair a rug sé ar an tlú, é ag sacadh na bhfóide go taghdach isteach i lár na gríosaí de réir mar a bhí cuimhní an tsaoil ag fiuchadh a chuid fola.
Sea, agus é a ól i ndoire choille le titim na hoíche.’ ‘Bíodh an tuisce ar fiuchadh agat, agus cuir an tae isteach i mála beag línéadaigh, agus tuim an mála isteach sa gcanna.
Ná fágtar ró-fhada ann é — is leor dhá nóiméad má bhíonn an t-uisce ar fiuchadh i gceart — bain an mála línéadaigh as an árthach, cuir do chuid bainne nó uachtar ann agus shásódh an deoch sin thú más féidir tú a shású ar chor ar bith.’ ‘Shásaigh sé mise ar chaoi ar bith: B’iontach mura sásódh dea-thae, arán agus im úr agus uibheacha a rugadh an lá céanna mo leithéid d’fhear taistil.
Cuir an citeal ag fiuchadh agus faigh dhá mhuga dúinn.’ Ní raibh duine eile sa tsráid seo ’gainne a raibh thar ‘an cúpla focal’ aige agus b’áil leis i gcónaí mé a bhualadh isteach chuige agus iarracht á dhéanamh agam comhrá sa teanga a chur air, cé go bacach é ag an am.
Dhá bhliain dar gcionn, agus Éire ar fiuchadh le teannas seicteach, b’é an Diúc a d’éiligh ar an Rí go síneofaí an Acht Fuascailte na gCaitliceach, nuair a bhí drogall ar Sheoirse IV an beart sin a dhéanamh.
Níor aisling mheabhail a bhí ann, ná tromluí, ná rud a fuair bás aréir ar sceach, ach stiall stéige de shaol na hÉireann, slisne bagúin atá fós ar fiuchadh, cáis ar déanadh dearmad a chur ar ais sa chuisneoir, bainne ramhar nach bhféadfaí a uisciliú, meadhg a bhí riamh ag míogarnaigh gan dul as.
“Hmmm?” Leanfaí ar aghaidh ansin go dtí na ceisteanna a bhain leis an siúcra, cén fhad ó fiuchadh an citeal sular chuir tú an t-uisce ar an tae agus an raibh aon seans ar spúnóg.
I mo sheasamh sa gcistineach a bhí mé moch maidine, ag fanacht ar an gcaife fiuchadh is ag déanamh iontais cén sórt faeiléireachta atá ar bun againn uilig sa saol seo ar aon nós, nuair a phreab sí aníos le mo thaobh agus thosaigh do mo bhualadh le maidhm ceisteanna.
Nuair a bhíodh an t-iasc beirithe do dheinidís é a mhionú agus bhainidís as na cnámha agus chaithidís síos ar an bplúr is ar an uisce é agus chuiridís ag beiriú é os cionn na tine agus nuair a bhíodh sé ag fiuchadh do chaithidís oinniúin síos air.
Tugann sé faoi deara ansin doilbhe agus dorchacht na coille, tosaíonn sé arís ag iarraidh bealach amach as an gcoill a aimsiú nó a ghearradh, agus, nuair a theipeann air, tagann fiuchadh faitís air roimh ainmhithe allta na coille.
Cad is gádh [a rádh] acht amháin go mbrisfear croidhe m’athar, agus go mbead-sa im stoc magaidh ag na cómharsain.’ Tamall níos faide ar aghaidh sa scéal, nuair atá Seán sa teach tábhairne, tuigtear gurb í an chaint mhaslaitheach fhonóideach a dhéantar faoina chás pearsanta a spreagann an fiuchadh feirge ann agus, ar ndóigh, an troid chinniúnach ina dhiaidh sin.
Ní chuireann sé fiacail ann i gcásanna den chineál seo: caithfear an cath cóir a chur, agus moltar an té a thógas an seasamh ‘ceart’ sna cúrsaí seo, leithéid an fhir gan ainm a chomórtar i bhfeartlaoi dialainne mar ‘throdaí síor ar son na mbeo sa mbroinn le grá ar fiuchadh’ (‘16 Aibreán’, Cín Lae 1994, 22).
Ní raibh Jon ag fiuchadh leis an díocas céanna, áfach, agus is dócha gurbh é ba chúis leis sin ná nár chuala sé an clampar is an tuairisceoireacht go léir a rinne meáin na Polainne ar an traein naofa seo.
Is dóigh go mba bhoichte iad na cuimhní cinn úd d’uireasa an phortaigh – púir dheataigh ag fánaíocht i spéir an tsamhraidh as an tine a bhíodh ag fiuchadh citeal le haghaidh bolgam mór tae agus blas láidir na móna air.
Is é an chuma go ndéantar an clóraform seo, measctar aol, uisce, brí-aol, agus alcól lena chéile, cuirtear i gcupán mór gloine iad, cuirtear lasair galghuail fúthu go mbíonn siad ar fiuchadh, agus scaoiltear gal an bheirithe trí sheacht dtroithe ar fad de phíoba isteach go gloine eile.
Dhéanfá uisce arís ar an gcuma chéanna as an ngal a bhrúchtann as srón an choire bhig nó an chitil atá ina suí go minic ag fiuchadh ar chlár an tinteáin i gcomhar an tae a dhéanamh.
Léiriú a bhí sna hionsaithe seo ar an chiníochas agus ar an tseineafóibe atá de shíor ag fiuchadh agus ag ábhrú faoin dromchla go laethúil sa tsochaí Mheiriceánach, níos mó ná léiriú ar ghortú nó ar fhearg.
Meabhraítear sna bileoga eolais atá á scaipeadh ar chuile theaghlach agus ar chuile ionad graithe ó mhaidin inniu ar an gCeathrú Rua, i gCasla, i gCamus, i nGleann Trasna agus siar go hEanach Mheáin go gcaithfear leanacht ag fiuchadh an uisce ón soláthar poiblí go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Bean fhiata ar fiuchadh go fraochta.
Cuir deireadh snasta leis an mhionchaint Tá cásanna áirithe ann ina bhfuil an spruschaint riachtanach: agus tú ag fanacht le citeal fiuchadh, le ping ón oigheann micreathonnach, nó i scuaine sa bhialann oibre.
Bhí dhá chat aige agus dhá pholl sa doras le hiad a ligean isteach – poll mór don chat mhór agus poll beag don chat bheag Thángthas air lá amháin, ubh ina lámh agus a uaireadóir ar fiuchadh ar an sorn.
An mó duine atá sna 'culinary unions' atá chun seasamh leis i Nevada, agus an gcuirfidh siad pota an dóchais ag fiuchadh dó arís?
I leagan déanach an scéil léimid: I mbunleagan an scéil, is é an ní a scríobhadh ná: Tamall níos faide ar aghaidh sa scéal, nuair atá Seán sa teach tábhairne, tuigtear gurb í an chaint mhaslaitheach fhonóideach a dhéantar faoina chás pearsanta a spreagann an fiuchadh feirge ann agus, ar ndóigh, an troid chinniúnach ina dhiaidh sin.
Comhábhair: • x2 Práta • x2 Ubh • x1 Oinniún • Ola olóige • Bainne Modh: • Scamh na prátaí agus cuir ar fiuchadh iad.