#3066759
Áirítear leis na hionstraimí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, de réir mar is infheidhme, an Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú, 2001, Dearbhú na Róimhe maidir le hIascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte 2005, arna ghlacadh sa Róimh an 12 Márta 2005, an Comhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú, arna dhéanamh sa Róimh, an 22 Samhain 2009, Taifead Domhanda FAO de Shoithí Iascaireachta, Soithí Iompair Cuisnithe agus Soithí Soláthair, chomh maith le hionstraimí lena mbunaítear ERBInna agus arna nglacadh ag ERBInna, a shainítear mar shocruithe nó eagraíochtaí iascaigh idir-rialtasacha, de réir mar is iomchuí, atá inniúil chun bearta caomhnaithe agus bainistíochta a bhunú.
Regional and international instruments include, as they may apply, the 2001 International Plan of Action to Prevent Deter and Eliminate Illegal, Unreported and Unregulated Fishing, the 2005 Rome Declaration on Illegal, Unreported and Unregulated Fishing, adopted at Rome on 12 March 2005, the Agreement on Port State Measures to Prevent, Deter and Eliminate Illegal, Unreported and Unregulated Fishing, done at Rome, 22 November 2009, the FAO Global Record of Fishing Vessels, Refrigerated Transport Vessels and Supply Vessels, as well as instruments establishing and adopted by RFMOs, which are defined as intergovernmental fisheries organisations or arrangements, as appropriate, that have the competence to establish conservation and management measures.