#1975442
An 19 Eanáir 2020, glacadh liosta conclúidí ag Comhdháil Bheirlín maidir leis an Libia agus cuireadh an creat dá gcur chun feidhme ar bun trí “Phróiseas Bheirlín” chun tacú leis an bplean trí phointe a chuir Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe Ghassan Salamé faoi bhráid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus é mar chuspóir aonair cabhrú leis na Náisiúin Aontaithe an comhphobal idirnáisiúnta a aontú agus iad ag tacú le réiteach síochánta ar ghéarchéim na Libia.
On 19 January 2020 the Berlin Conference on Libya adopted a list of conclusions and set up the framework for their implementation through the ‘Berlin Process’ to support the three-point plan presented to the United Nations (UN) Security Council by Special Representative of the UN Secretary-General Ghassan Salamé, with the sole objective of assisting the UN in unifying the international community in their support for a peaceful solution to the Libyan crisis.