#479650
(4) D’ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, maidir leis na treoirlínte pleanála straitéisí do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a ullmhaíodh do Bhardas Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Chill Dara, Comhairle Contae na Mí, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Comhairle Contae Chill Mhantáin agus don Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, i gcomhar le hÚdarás Réigiúnach Bhaile Átha Cliath agus le hÚdarás Réigiúnach an Mheán-Oirthir agus a foilsíodh an 25 Márta, 1999, beidh éifeacht leo amhail is dá mba faoin gCuid seo a rinneadh iad.
(4) Notwithstanding any other provision of this Act, the strategic planning guidelines for the greater Dublin area prepared for Dublin Corporation, Dún Laoghaire-Rathdown County Council, Fingal County Council, Kildare County Council, Meath County Council, South Dublin County Council, Wicklow County Council and the Department of the Environment and Local Government in conjunction with the Dublin Regional Authority and the Mid-East Regional Authority published on 25 March, 1999, shall have effect as if made under this Part.